An dubh ina gheal

Ba mhinic sinn féin ag baint leas as ‘riail na seanmháthar’, nó ‘riail an tseanathar’ mar a baisteadh uirthi le fada.

Tharla mé ag féachaint ar an gcluiche sacair idir mná na hÉireann agus foireann na Nigéire an mhaidin seo tá seachtain ó shin ann. Ba dheacair gan a thabhairt faoi deara go raibh foireann amháin díobh geal agus an fhoireann eile dorcha. Tá's agam nach ceadmhach dúinn aird a thabhairt ar dhath na gcraiceann inniu, ach in ainneoin na comhairle agus mo mhíle dícheall b’éigean dom an difríocht bheag sin a thabhairt dom aire.

Bhí aon eisceacht amháin ann, áfach. Imreoir aonair nár bhain leis an ngnás. In ainneoin a bhfuil de dhaoine gorma ón Afraic in Éirinn faoi láthair agus a sliocht a saolaíodh abhus ag déanamh gaiscí móra i saol an spóirt – Rhasidat Adeleke go ró-áirithe – ní ar an bhfoireann seo againne a bhí sí. Bhí imreoir amháin geal ag imirt don Nigéir.

Ba mhinic sinn féin ag baint leas as ‘riail na seanmháthar’, nó ‘riail an tseanathar’ mar a baisteadh uirthi le fada. Is é sin, go mbeadh cead ag duine ar saolaíodh mamó nó daideo leis i dtír áirithe imirt ar son foireann na tíre sin. Thug seo obair luachmhar do lucht taighde ginealaigh agus craobhacha clainne d’fhonn iad a chur ag trálaeireacht agus ag ransú trí shean cháipéisí ar son teacht ar bhraon fola dúchais i bpeileadóir thall thairis a raibh gealladh faoi leith faoi nó fúithi.

B’é a dhála sin ag Ashleigh Plumtre é, an t-imreoir geal sin ar fhoireann na Nigéire ar rugadh a seanathair in Lagos ach a chuaigh ar imirce go Sasana. Nuair a chuimhnímid ar an liúrach ciníoch agus an screadaíl ghránna a seilítear le himreoirí gorma fós, go háirithe san Eoraip, is de shuimiúlacht a fhiafraí ar tharla aon rud dá leithéid d’Ashleigh agus í ina heisceacht chomh follasach sin ar pháirc na peile?

READ MORE

Tá fianaise agam air seo. Ráinig gur imríos féin ar fhoireann sacair sa Nigéir chéanna agus ba mhinic mé ar an aon imreoir geal amháin laistigh de scread chamaill nó de bhéic seacáil san áit. Is gá faoistin a dhéanamh nach rabhas riamh go sciliúil síodúil le mo chosa ná go bhféadfainn druibleáil trí raingléis de chosantóirí agus an liathróid a phleancadh i gcúinne an líontáin. B’fhearr mé ag leagadh is ag stopadh is ag lascadh ná aon ní cruthaitheach a léiriú don saol.

An chéad uair dar dheineas gleic shleamhnach ar dhuine a bhí ag dul tharam lig an slua puth iontais astu. Ba mhó an puth péine a tháinig asamsa, óir fágadh stiall fhial feola dem leis ar an bhféar. Ní féar a bhí ann le ceart, ach lár páirce crua a raibh cith de dhusta os a chionn. Is gairid go bhfuaireas amach nach ndéantar gleic shleamhnach san Afraic murab ionann agus ar láib bhog fhliuch an gheimhridh abhus.

B’é ba shuaithinsí, áfach, gur shamhlaíos gur ardaigh guth an tslua uair ar bith ar tháinig an liathróid im ghaobhar. Chloisinn na glórtha im aice. Théadh an liúrach isteach im chluasa go neamhbhinn. Ráineodh go raibh gach saghas masla agus bagartha á chaitheamh im leith. ‘Tapa alawo!’, ‘Tabhair cic dó!’, nó ‘Pále Ré’, ‘Leag é’, nó ‘Irin ajo ni European’ ‘Cor coise don Eorpach’, mar Eorpaigh ba ea gach eachtrannach san am. Bheadh a leithéid sin caoin go leor suas is anuas lena chloisfeá i gCiarraí.

Níor rith sé riamh liom go raibh ciníochas i gceist. Ní hé nach féidir leis an nGormach a bheith chomh ciníoch le Texach ar bith nuair a oireann, ach má bhíothas dom eascainiú níor ceapadh go rabhas níos táire mar dhuine ná iad féin.

Agus sin é go dúid siar is brí le ciníochas, duine a bheith níos lú i ndínit de dheasca a chraicinn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar