Satailít Éireannach i measc na réaltaí

Is maith is cuimhin liom féin Sputnik 1 agus mé i mo pháiste.

Foclóir: Mionshaitilít chiúbach - miniature cube satellite; éilipseach – elliptical; I bhfithis/ar diathair - into orbit/ in orbit; córas fuaraithe - cooling system; ceap lainseála - launch pad; modúl ceannais - command module; chomh postúil le cat - as proud as Punch.

Nuair a lainseáladh céad shatailít na tíre seo, Eirsat-1, amach sa spás ar an gcéad lá de mhí na Nollag 2023, chuaigh an scéal i gcion go mór orm. Lainseáladh an mhion-shatailít chiúbach a dearadh agus a tástáladh ag Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, faoi stiúradh Áisíneacht Spáis na hEorpa (ASE) ó Bhunáit Spáis Vandenberg i gCalifornia ar bord roicéad Falcon 9 Space X.

D’oibrigh go leor mac léinn óga ó UCD, ina measc, naonúr mac léinn PhD, i bpáirt le saineolaithe ASE, ar feadh sé bliana chun an tionscnamh a chríochnú, agus caitheadh 20,000 uair an chloig ag tástáil agus ag réiteach fadhbanna roimh an lainseáil.

Is maith is cuimhin liom féin Sputnik 1 agus mé i mo pháiste. B’í an tsatailít seo a chuir tús leis ‘an Spásrás’, mar a tugadh air níos déanaí, idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Aontas na bPoblachtaí Sóisialacha Sóivéadacha i rith an Chogaidh Fhuair.

READ MORE

I nDeireadh Fómhair 1957 dá bhféachfá suas sa spéir ag am ar leith san oíche, d’fhéadfá Sputnik 1 a fheiceáil agus í ag gluaiseacht ina bealach éilipseach trasna spéir an fhómhair. Ach mhínigh m’athair níos déanaí nach bhfacamar Sputnik 1 in aon chor ach an R 7 roicéad a d’iompar an tsatailít i bhfithis agus a bhí ar diathair fós timpeall an Domhain.

Go luath ina dhiaidh sin lainseáil na Rúisigh madra amach sa spás. Cuireadh Laika, bitse mongral a fuarthas ar shráideanna Mhoscó, ar diathair i Sputnik 2, ach níor tháinig sí slán nuair a chlis ar an gcóras fuaraithe.

Chuir mé suim ar leith sa spásthaisteal agus mé i mo bhuachaill óg agus lean mé an rath a bhí ar leithéid Yuri Gagarin, Alan Shepard, agus John Glenn fad a d’éirigh an choimhlint idir na hOllchumhacthaí níos géire in aghaidh an lae. Rinne mé capsúil Mercury agus roicéid de mo chuid féin trí úsáid a bhaint as cairtchlár ó bhoscaí chalóga arbhair agus d’fháisc mé spásáirí bídeacha cairtchláir isteach iontu.

Bhí grianghraf daite i mo sheomra codlata agam de spás-shiúl Ed White dhá bhliain díreach sula bhfuair sé bás uafásach, ar cheap lainseála Apollo 1, nuair a scrios tine an modúl ceannais. Faoin am go raibh mé i mo mhac léinn, agus mé ag obair in Atlantic City New Jersey, chruinnigh mé féin agus mo chairde mórthimpeall ar an teilifíseán dubh agus bán in Óstán Karlin (brú do mhic léinn) mar a chonaiceamar na híomhánna gráinneacha de Neil Armstrong nuair a tháinig sé anuas ar dhromchla na Gealaí agus labhair na focail bhuanchlúiteacha ‘Sin céim bheag don duine; oll-léim don chine daonna’.

Bhain mé stad as mo dheartháir beag le hiontas um Fómhar na bliana sin nuair a thóg mé abhaile mionsamhail den Roicéad Saturn 5 clúiteach a thóg Armstrong, Aldrin agus Collins amach sa spás ar a mbealach chun na Gealaí. Bhí an lead óg chomh postúil le cat tar éis dom an roicéad a chur i dtoll a chéile, de bharr nach raibh sé ar fáil in Éirinn.

Bhí an saol mór is a mháthair ar bís agus Apollo 13 ag déanamh a sheacht ndícheall filleadh nuair a phléasc umar ocsaigine agus b’éigean don chriú an Modúl Gealaí a úsáid mar ‘bhád tarrthála’ sular aistrigh siad isteach sa Mhodúl Ceannais roimh athiontráil dóibh. Faoin am gur tháinig rath ar na heitiltí go dtí an Ghealach arís ba bheag suim a chuir na daoine sa scéal.

Tharla an misean deireanach go dtí an Ghealach ar Apollo 17 Mí na Nollag 1972.

Faoi dheireadh an Chogaidh Fhuair bhí na hOllchumhachtaí ag obair as lámha a chéile sa spás agus, ó tharla gur minic iad ar thurais go dtí an Spás Stáisiún Idirnáisiúnta, bhí géarghá le modh taistil in-athúsáidithe le dul ann agus theacht thar nais.

Bhí an-rath go deo ar chlár an Spástointeálaí, maidir leis seo, a bhí ag obair idir 1981 agus 2011, taobh amuigh de scrios Challenger in 1986 agus Columbia in 2003 nuair a cailleadh ceithre spásaire dhéag go tragóideach. Arís, le heitiltí rialta an Spástointeálaí, d’éirigh daoine bréan den spástaisteal.

Tá sé i gceist ag Nasa spásairí a chur ar ais ar dhromchla na Gealaí faoin mbliain 2025 i gclár nua dár teideal Artemis. Is mian leo taiscéaladh a dhéanamh ann ar son mianraí agus achmhainní chomh maith le bunáiteanna a thógáil as a lainseálfar spásárthaigh chuig plainéid eile ar nós Mars.

Scrúdóidh Eirsat-1 céad shaitilít na hÉireann, pléascanna gháma-gha. Tá dán istigh ann a scríobh dáréag páistí scoile Éireannacha dár teideal ‘All Ways Home’ agus tá an dán seo greanta ar chlúdach seachtarach an mhodúil aeróige.

Bhí na mic léinn go léir ag faire go géar fad a d’ardaigh Roicéad Falcon 9 Space X ón talamh gan stró.

Bhí tocht orthu gan dabht agus bhí na deora leo, ach nóiméad bródúil ba ea é mar sin féin. Agus mé ag smaoineamh ar na laethanta dorcha sin ag deireadh na gCaogaidí, na daoine fásta agus na páistí áitiúla cruinnithe le chéile ag féachaint sa spéir go nochtfaidh Sputnik 1, is cúis mórtais dom gur mhair mé fada go leor chun saitilít ár dtíre féin a fheicéail ar diathair a bhuí le saineolas ghlúin nua léannta Éireannacha óga. Go leana siad ar a láimh.