150 bliain slán ach dúshlán ghlúin an Idirlín fós le tabhairt

IS FADA an t-achar ama é 150 bliain

IS FADA an t-achar ama é 150 bliain. I gcás nuachtán laethúil, mar an Irish Times, éacht iontach atá ann an aois sin a bhaint amach.

Dar ndóigh, is iomaí athrú atá tagtha ar an pháipéar ó chuir Lawrence E Knox bailchríoch ar an chéad eagrán den Irish Timesand Daily Advertiserdeireadh Márta 1859 agus is léir ón chuntas atá tugtha ag Mark O'Brien ina leabhar The Irish Times: a Historygurb é cumas an pháipéir chun athrú a thug slán go dtí an lá inniu é.

Nuachtán coimeádach Protastúnach a bheadh dílis don dearcadh gur sa Ríocht Aontaithe a bhí leas na hÉireann a bhí ar aigne ag Knox nuair a bhunaigh sé é. Faoi 1873 bhí an páipéar díolta le muintir Arnott agus as sin go bunú an Stáit seo dearcadh aontachtach Protastúnach a léiríodh ann.

Tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 d’iarr an páipéar go neamhbhalbh go gcuirfí na ceannairí chun báis ach, ag an am céanna, is san Irish Times atá an tuairisc is cuimisithí ar an Éirí Amach mar bhí an fhoireann dúnta isteach sna hoifigí i Sráid D’Olier agus radharc acu ar a raibh ag titim amach.

READ MORE

Le linn Chogadh na Saoirse sheas an páipéar go daingean le fórsaí na coróine in aghaidh Shinn Féin agus an IRA. Cháin eagarfhocail an Irish Times go láidir iarrachtaí Carson agus Craig stát sé chontae a bhunú ó thuaidh ar an údar go bhfágfaí Protastúnaigh an Deiscirt ar an trá fholamh – ach a luaithe agus a bhí an pharlaimint ina suí i mBéal Feirste ghuígh an páipéar gach rath air.

I 1922 thacaigh an Irish Times leis an stát nuabhunaithe bíodh gur chuir sé in aghaidh rialú rialtas Cosgrave an Ghaeilge bheith ina hábhar éigeantach do na scrúduithe stáit. Le linn an fheachtas toghcháin i 1932 d’ionsaigh sé go fíochmhar de Valera agus Fianna Fáil agus le linn do de Valera bheith i gcumhacht d’ionsaigh sé a chuid iarrachtaí briseadh iomlán a dhéanamh le himpireacht na Breataine.

Maolaíodh ar an naimhdeas le Fianna Fáil le ceapadh Robert Smyllie ina eagarthóir i 1934. Thuill an nuachtán aitheantas faoina réimeas mar pháipéar a thabharfadh guth do na liobrálaithe sin a bhí in éadan an dlúthcheangail idir an Eaglais agus an Stát. Cuimhnítear go fóill ar an seasamh a thóg an páipéar in aghaidh Ardeaspag Bhaile Átha Cliath sa chonspóid mar gheall ar scéim Noel Browne chun cabhrú le máithreacha agus leanaí: ach in aigne fhormhór mhuintir na hÉireann sna 1950í ba nuachtán é an Irish Times a bhain le hAngla-Éireannaigh, Protastúnaigh agus le mionlach beag intleachtúil.

Bhí sé sin le hathrú le ceapadh Douglas Gageby ina eagarthóir i 1963 agus Donal Foley ina eagarthóir nuachta. Tá go leor scríofa agus ráite faoi na hathruithe a rinne an bheirt ar an pháipéar, faoi na tuairisceoirí éirimiúla, idir fhir agus mhná, a d’fhostaigh siad agus faoin chrut nua a chuir siad ar an pháipéar.

Cuireadh go mór leis na tuairiscí ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael agus don saol in Éirinn lasmuigh den phríomhchathair, go mór mhór i dtuaisceart na hÉireann.

Ba é Donal Foley a chuir tús leis an cholún Gaeilge Tuarascáil agus a rinne socrú le Seán Ó Ríordáin, Breandán Ó hEithir agus Dónall Mac Amhlaigh colúin rialta Ghaeilge a scríobh don pháipéar.

Faoi dheireadh na 1960í bhí an Irish Times tar éis go leor den mheán aicme a mhealladh chuige idir mhúinteoirí agus státseirbhísigh agus lean an méadú ar léitheoirí sna 1980í agus isteach sna 1990í. Tar éis cheapadh Conor Brady ina eagarthóir i 1986 osclaíodh oifigí i Moscó, san Afraic Theas agus in áiteanna eile ar fud an domhain.

I 1993 léirigh an Irish Times go raibh sé réidh le haghaidh a thuilleadh athraithe agus bhí sé ar an chéad nuachtán in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le heagrán ar líne bheith aige, rud a chuir ar chumas a lucht léite thar lear an páipéar bheith acu ar lá a fhoilsithe.

An bhfuil sé indéanta don Irish Times teacht slán go cionn 150 bliain eile agus líon na ndaoine a cheannaíonn nuachtáin ag dul i laghad? Níl aithne agam ar aon duine faoi bhun dhá scór a cheannaíonn nuachtán laethúil. Is ón raidió, ón teilifís agus ón Idirlíon a fhaigheann formhór daoine óga eolas ar chúrsaí na tíre agus chúrsaí an domhain agus is léir go dtuigeann lucht stiúrtha an Irish Times é sin.

Ó mhí an Mheithimh seo caite tá an suíomh Idirlín irishtimes.com ar fáil saor in aisce. Chomh maith leis an nuacht is déanaí a thabhairt de réir mar a bhriseann sé cuireann an suíomh áis ar fáil do lucht a léite a dtuairimí féin a thabhairt ar cheisteanna na linne.

Chomh maith leis sin, bíonn blag ag cuid de cholúnaithe an pháipéir ar shuíomh an Irish Times, ina measc blag i nGaeilge le Deaglán de Bréadúin. D’fhéadfadh an cumas seo chun athraithe a dhéanamh agus an nuachtán a chur in oiriúint do lucht a linne an Irish Times a thabhairt slán go cionn 150 bliain eile ach, má thugann, is cinnte nach é an nuachtán atá ann anois a bheidh ann ag an am sin.