25 bliain i gcló

MAC LÉINN ollscoile in aois a 23 bliain ab ea an scríbhneoir aitheanta Micheál Ó Conghaile nuair a bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht…

MAC LÉINN ollscoile in aois a 23 bliain ab ea an scríbhneoir aitheanta Micheál Ó Conghaile nuair a bhunaigh sé Cló Iar-Chonnacht agus fís aige de chomhlacht foilsitheoireachta a bheadh mar choimirceoir agus mar chaomhnóir ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is minic gur cheap mac léinn ollscoile plean uaillmhianach nach raibh mórán rath air ach ní amhlaidh a bhí i gcás Uí Chonghaile.

25 bliain níos déanaí agus tá suas le 300 leabhar agus os cionn 150 albam curtha ar fáil ag a chomhlacht foilsitheoireachta. Deineadh ceiliúradh ar na blianta sin ag ócáid speisialta le linn Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh seo caite. Le linn na hócáide thug an Dr. Aisling Ní Dhonnchadha ó Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, ardmholadh don “éacht foilsitheoireachta” a bhí déanta ag Ó Conghaile agus a chriú ó 1985.

Dúirt an Dr. Máirín Nic Eoin ó Choláiste Phádraig gur dea-scéal do litríocht na Gaeilge é go raibh cúraimí Sháirséal agus Ó Marcaigh, an comhlacht foilsitheoireachta cáiliúil, i lámha CIC anois mar go bhféachfadh Ó Conghaile chuige go gcoinneofaí saothar na máistrí i gcló.