50 bliain FAS

Tá an comhlacht Foilseacháin Ábhar Spioradálta (FÁS) 50 bliain ar an saol i mbliana, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Chun …

Tá an comhlacht Foilseacháin Ábhar Spioradálta (FÁS) 50 bliain ar an saol i mbliana, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Chun sin a chomóradh beidh ócáid speisialta in Áras Fhoras na Gaeilge Dé Máirt seo chugainn.

Léifidh an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh Aifreann, le ceol ó Chór Duibhlinne agus seolfaidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, ceithre leabhar a d'fhoilsigh FÁS i rith na bliana.

I scoil de chuid Ord na Toirbhirte, i nDurlas Tiobraid Árann a oileadh Mary Hanafin agus is cinnte go mbeidh suim ar leith aici i mbeathaisnéis bhunaitheoir an oird sin, Nano Nagle, atá ar cheann de na leabhair atá le seoladh aici.

Lóchrann Dóchais is teideal dó agus is é Críostóir Ó Floinn a scríobh ar iarratas ó Shiúracha na Toirbhirte. Is í seo an chéad bheathaisnéis i nGaeilge ar an Chorcaíoch mná a bhunaigh ord mná rialta a raibh sé mar phríomhaidhm acu oideachas a thabhairt do chailíní bochta.

READ MORE

Mura mbeadh ann ach an léargas a thugann sé ar shaol na gCaitliceach i gcathair Chorcaí sa dara leath den 18ú haois nuair a bhí na Péindlíthe i réim, is fiú go mór é a léamh. Caitlicigh shaibhre ab ea muintir Nano Nagle ach chaith sise a raibh aici de mhaoin an tsaoil ar an obair ar son na mbochtán a bhí ar siúl aici.

Is iad na leabhair eile atá le seoladh: Brúitíní Creidimh le Pádraig Ó Croiligh, file atá ina shagart paróiste i gContae Dhoire; Na Colmbánaigh 1963-2005 le Pádraig Ó Murchú, sagart ó Chorca Dhuibhne agus Machnamh don Charghas leis an Athair Caoimhín de Líon.