Abhar imni agus sasaimh ag Udaras na Gaeltachta

Tá géarghá le hidirghabháil Stáit chun nithe a chur ina gceart má tá an Ghaeltacht lena sciar cheart chothrom den rathúnas náisiúnta…

Tá géarghá le hidirghabháil Stáit chun nithe a chur ina gceart má tá an Ghaeltacht lena sciar cheart chothrom den rathúnas náisiúnta a ghnóthú," a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Ruán Ó Bric, agus é ag seoladh athbhreithniú bliantúil an Údaráis do 2001 Dé Luain.

De réir na cáipéise, thug sé le fios go raibh gá le "forbairt ar an mbonneagar sóisialta ar mhaithe le daoine idir óg, sean agus an daonra oibre, chun na seirbhísí sóisialta atá riachtanach d'ardchaighdeán beatha".

Mhol sé an tÚdarás as fostaíocht lánaimseartha a chur ar fáil i gcomhlachtaí dá gcuid féin. Le ceithre bliana anuas, bhí níos mó ná 8,100 post i gceist, ardchlár a baineadh amach i 1998. Ba é an dúshlán a bhí roimh an eagras an t-ardchlár sin a choinneáil slán. Ach ní faoin Údarás amháin a bhí sé fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta:

"D'fhonn tabhairt faoin dúshlán seo caithfidh na gníomhaireachtaí Rialtais uile - lárnach, réigiúnach agus áitiúil - a bhfuil cúram orthu seirbhísí agus bonneagar a sholáthar a chinnteoidh lánchothrom na Féinne do réigiúin na Gaeltachta aghaidh a thabhairt ar a gcuid freagrachtaí forbartha sa réimse seo."

READ MORE

Chuir Ó Bric béim ar leith ar chúrsaí oideachais ina thuairisc: "Is iad oideachas, oiliúint agus teicneolaíocht na mórdhúshláin atá romhainn sna blianta beaga seo. Beidh an tÚdarás ag infheistiú breis acmhainní i gcúrsaí aitheanta tríú leibhéal i gcomhar le hinstitiúid tríú leibhéal.

"Tá sé i gceist againn freisin ról lárnach a imirt i gcur chun cinn na hollscolaíochta Gaeilge don Ghaeltacht bunaithe ar líonra ionad seachtracha, coincheap atá á chur chun cinn ag roinnt ollscoileanna le bliain anuas. Cuirfear acmhainní breise ar fáil freisin d'fhorbairt acmhainní daonna ag leibhéal an phobail."

Bhí ról ar leith ag teicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise i gcruthú postanna agus deiseanna do dhaoine óga: "Ainneoin an suaitheadh le déanaí san earnáil Teicneolaíochta Chumarsáide agus Faisnéise, creidimid go leanfaidh an earnáil mar mhórfhoinse cruthú post sna blianta atá romhainn amach agus beidh Údarás na Gaeltachta i gcónaí sa tóir ar fhiontraíocht nua san earnáil seo mar eochair-réiteach ar dheiseanna do phoist ardleibhéil a ghiniúint don díorma mór de dhaoine óga ón nGaeltacht le cáilíochtaí tríú leibhéal atá ag teacht ar láthair an mhargaidh gach bliain agus iad sa tóir faoi láthair ar dheiseanna fostaíochta in áiteanna eile.

"Tá na deacrachtaí a ghabhann le daoine óga a mhealladh chugainn nó a choinneáil linn luaite freisin le cáilíocht an bhonneagair shóisialta. Tá gá le hidirghabháil suntasach den chineál atá lasmuigh de scóip agus réimeas ghníomhaireachta aonair mar Údarás na Gaeltachta, chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.

"Tá imeacht seo an dream óg is fearr oideachais ón nGaeltacht ina bhagairt go tromchúiseach ar chúrsaí forbartha eacnamaíochta agus teanga araon. Chabhródh infheistíocht sa mbonneagar sóisialta agus soláthrú oideachas tríú leibhéal ábharthach go mór leis an staid seo a fheabhsú."

Mar sin féin, ní raibh réimse seo na teicneolaíochta gan a cuid fadhbanna féin: "Arís eile bhí ráta ard cruthú agus caillteanas post san earnáil seirbhíse. Is cosúil gur gné den tionscal seirbhíse é seo, áit ar féidir poist a ghiniúint go tapa in aimsir fáis agus a chailliúint chomh tapa céanna nuair a bhíonn cúrsaí deacair.

"Is ábhar imní d'Údarás na Gaeltachta é gur comhlachtaí a bhí bainteach leis an Teicneolaíocht Chumarsáide agus Faisnéise (TCF) a chaill beagnach leath de na poist a cailleadh san earnáil seirbhísí. Díríonn sé seo ár n-aird go géar ar an dúshlán áirithe d'Údarás na Gaeltachta maidir le tionscadail nua TCF a mhealladh agus a fhorbairt."

RINNE an tÚdarás clár iniúchadh teanga mar chuid dá n-obair anuraidh agus bhí siad sásta leis na torthaí. Rinneadh suirbhé ar 236 cuideachta Gaeltachta le soiléiriú a dhéanamh ar chás na teanga ar an láthair oibre.

Bhí iompar agus úsáid teanga i measc oibrithe agus bainisteoirí faoi scrúdú. Fuarthas amach gur Ghaeilgeoirí iad formhór na n-oibirthe, de réir an tsuirbhé:

"Ghlac 4,697 oibrí páirt san iniúchadh samplach. Tuar dóchais é gur léir go bhfuil níos mó úsáide á bhaint as an teanga mar theanga gnó, go háirithe i gcúrsaí margaíochta agus bolscaireachta.

"Cuireann torthaí ginearálta an tsuirbhé fíricí agus dúshraith ar fáil dúinn a bheidh mar bhunchloch do chlár imeachtaí an Údaráis i dtaca le cur chun cinn na teanga i gcomhar le lucht gnó na Gaeltachta."

Thug Ó Bric le fios go raibh laghdú níos lú ná 2 faoin gcéad ar bhonn fostaíochta na Gaeltachta in ainneoin gur bliain "dheacair" a bhí inti.

Cruthaíodh bhreis agus 1,120 post nua i gcomhlachtaí de chuid an Údaráis sa bhliain 2001 ach cailleadh 1,280 post sa tréimhse chéanna. B'ionann an glanchaillteanas 158 post agus laghdú 2 faoin gcéad ar an mbonn fostaíochta, ó bhuaicphointe 8,251 i 2000 go 8,093 i 2001.

Dúirt sé go raibh "an meánráta ceadú postanna ag laghdú ar roinnt fáthanna: easpa pearsanra oilte do na hearnálacha fáis, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta is forbartha, maolú ar fhiosrúchán faoi thionscadail nua agus riachtanais bhunúsacha bhonneagair bheith easnamhach, ar nós teileachumarsáidí agus bóithre."

B'ábhar imní ag an Údaras an laghdú ar cheadú poist i 2001. Níor ceadaíodh mórthionscadal anuraidh. Dá leanfaí leis seo i 2002 agus 2003, bheadh maolú "an-mhór" i gcurthú fostaíochta agus, dá bharr sin, titim i móriomlán na fostaíochta.


Tá téacs iomlán chaint Uí Bhric le haimsiú ag www.udaras.ie