Abhar irise

Agus os ag caint ar iriseoireacht atáimid, cé atá i gceist sa sliocht seo a leanas: "Tar éis ábhar an pháipéir a iniúchadh agus…

Agus os ag caint ar iriseoireacht atáimid, cé atá i gceist sa sliocht seo a leanas: "Tar éis ábhar an pháipéir a iniúchadh agus a scrúdú, is léir gur pháipéar toipiciúil, tarraingteach, ilghnéitheach, bríomhar a bhí ann.

I gcás stíl agus chur i láthair ábhar an pháipéir, rinneadh sáriarracht caighdeán ard iriseoireachta a choinneáil os comhair an phobail léitheoireachta."

An aithníonn duine ar bith an nuachtán?

Nuachtán an Phiarsaigh agus Chonradh na Gaeilge lá den saol, An Claidheamh Soluis, atá i gceist sa phíosa as aiste le Regina Uí Chollatáin, léachtóir ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliaht, ar Bliainiris 2003 a seoladh le gairid.

READ MORE

Tá Cois Life le leabhar Uí Chollatáin ar An Claidheamh Soluis a fhoilsiú ar ball ach is maith an réamhbhlas a thugann an aiste dúinn faoina raibh ar siúl ag an nuachtán iomráiteach seo.

Scríobhann sí gurbh í an phríomhfhadhb a bhí ag An Claidheamh Soluis gur "choincheap nua a bhí ann, nuachtán dátheangach nó nuachtán Gaeilge a chur i gcló agus dá bharr sin, ghlac sé cuid mhaith ama do phobal na Gaeilge a dhul i dtaithí ar nuachtán a sholáthar i dteanga dhúchais na hÉireann.

"Ansin, nuair a bhí siad ag dul i ngleic leis na constaicí scaipeacháin, léitheoireachta agus fógraíochta, ba léir go raibh ré nua ag tosú i stair na hÉireann agus méadaíodh go mór ar na fadhbanna a bhí le sárú acu." Plus ca change...

Tá aiste le Proinsias Mac Aonghusa (nach maireann) ar bhunú Amharclann na Mainistreach; scríobhann an léachtóir Gearóidín Uí Laighléis ar Mháirtín Ó Cadhain agus Sally Cavanagh; tá aiste le Tadhg Ó Dúshláine ar "Shakespeare a tháinig go hÉirinn" agus filíocht le Biddy Jenkinson.