Abhar leitheoireachta

Reáchtálfar Siompóisiam faoi Chothú na Léitheoireachta agus Fleá Leabhar is Léitheoireachta ar óstán na Páirce, an Spidéal, Co…

Reáchtálfar Siompóisiam faoi Chothú na Léitheoireachta agus Fleá Leabhar is Léitheoireachta ar óstán na Páirce, an Spidéal, Co na Gaillimhe, Dé hAoine 8ú agus Dé Sathairn 9ú, Márta.

I measc na n-ábhar a phléifear beidh: Cothú na Léitheoireachta; Margaíocht Leabhar; Litearthacht agus Léitheoireacht (Páistí agus Daoine Fásta); Léitheoireacht i measc Déagóirí; Na Meáin Scríofa; Dearcadh na Scríbhneoirí ar an Léitheoireacht agus Foilsitheoireacht na Gaeilge

Is iad na haidhmeanna atá leis an ócáid: plé a thionscnamh faoin chruachás léitheoireachta i nGaeilge; daoine a chur ar an eolas agus ag machnamh faoin fhadhb; an bealach a réiteach le haghaidh taighde leathan ar an fhadhb; daoine atá ag plé le cúrsaí leabhar ó thaobh foilsithe, aistrithe, léitheoireachta a thabhairt le chéile agus a chur ag plé na faidhbe.

Mar aon le léachtaí tráthnóna Dé hAoine agus ar feadh an lae Dé Sathairn eagrófar imeachtaí imeallacha ar nós ceardlann do dhaoine óga i ndéanamh leabhar de lámh leis an ealaíontóir Gwyneth Uí Ghaora. Beidh creis ar fáil fosta.Lena chois sin, léireofar an dráma Mise, Subhó agus Maccó le Biddy Jenkinson agus beidh oíche cheoil ann.

READ MORE

Eolas: rnimh@indigo.ie