Abhar mortais againn?

Beocheist: Sagairt pheidifíleacha agus beartas na n-údarás a gcoiriúlacht a choinneáil faoi cheilt; fiach fola na meán cumarsáide…

Beocheist: Sagairt pheidifíleacha agus beartas na n-údarás a gcoiriúlacht a choinneáil faoi cheilt; fiach fola na meán cumarsáide i ndiaidh Liam Uí Leathlobhair agus an clúmhilleadh a rinneadh ar an aistritheoir mná a bhí ina chuideachta nuair a maraíodh é; comhcheilg agus caimiléireacht sa Gharda Síochána; cáidheadas agus nósanna salacha do-chreidthe sna hospidéil.

Sin iad na scéalta scannalacha atá i mbéal an phobail agus is deacair don cholúnaí nuachtáin scríobh fúthu gan a thuilleadh gruaime a chur air féin agus ar lucht a léite.

Agus, leis an fhírinne a rá, is beag rud nua atá le rá ina dtaobh toisc an oiread sin cur agus cúitimh bheith déanta fúthu sna meáin chraolta agus chlóite. An bhfuil dea-scéal ar bith ann faoin tír seo ar féidir le duine scríobh faoi?

Ó thiománaí tacsaí a chuala mé é agus sinn sáite i dtranglam tráchta i lár Bhaile Átha Cliath. Tar éis dom éisteacht leis ag tabhairt uaidh faoi fhadhbanna tráchta na hardchathrach agus "plean buile" an Rialtais stáisiún mór traenach a thógáil faoi Fhaiche Stiabhna d'fhiafraigh mé de cérbh as dó, mar ba léir óna chneas agus a thuin cainte nár de bhunadh na hÉireann é. Ní raibh leisce ar bith air scéal a bheatha a ríomhadh.

READ MORE

Ba de bhunadh na hAilgéire a athair a bhí pósta ar Fhrancach mná agus d'fhág siad an Ailgéir in 1952 agus chuaigh chun cónaí sa Fhrainc. Is ann a rugadh é féin agus bhí sé ina chónaí ann go dtí seacht mbliana ó shin.

Thagair mé do na ciréibeacha a bhí ar siúl i mbruachbhailte Phárais agus do na daoine óga ó thuaisceart na hAfraice a bhí ag cur busanna, carranna, siopaí agus foirgnimh de chineálacha éagsúla trí thine agus d'iarr mé a thuairim.

Ar rialtas na Fraince a chuir sé an milleán as gan beartas fónta a chur i gcrích chun slí maireachtála réasúnta a chur ar fáil don bhreis agus cúig mhilliún inimirceach ó thuaisceart na hAfraice atá ina gcónaí sa tír.

Cé gur rugadh an chuid is mó de na daoine óga sin a bhí i mbun na gciréibeacha san Fhrainc níor tugadh a gceart riamh dóibh mar Fhrancaigh agus chonacthas dó gur léirigh an chaint mhaslach a d'úsáid an tAire Nicolas Sarkozy agus é ag tagairt don racaille (daoscarshlua) an dímheas ginearálta a bhí ag lucht rialaithe na Fraince ar na hinimircigh.

Ba é dímheas na n-údarás ar inimircigh a thug air féin cúl a thabhairt leis an Fhrainc agus teacht chun cónaí in Éirinn, áit a bhfuil polasaithe i bhfad níos fearr, dar leis, i leith eachtrannach.

Ba é a thuairim go raibh iarrachtaí fónta ar siúl anseo chun cuidiú le heachtrannaigh socrú síos agus bheith mar chuid den phobal Éireannach. Tá sé féin pósta ar Éireannach anois agus é i bhfad níos sona anseo ná mar a bhí sé riamh sa Fhrainc.

"Ach," arsa mise "níl ach líon beag inimirceach sa tír seo i gcomparáid lena bhfuil sa Fhrainc, agus is rud nua dúinn é. Cúig bliana déag ó shin b'ábhar mór iontais é duine den chine gorm a fheiceáil ag taisteal ar bhus gan trácht ar é a thiomáint."

Thuig sé gur rud nua don tír seo eachtrannaigh bheith ag teacht chun cónaí ann ach, ar seisean, "tá sibh ag tosú i gceart. Níl sibh ag cur na nAfracach ar fad go ceantar amháin sa chathair atá scoite amach ón chuid eile mar a rinneadh sa Fhrainc. Téann na páistí ar scoil le páistí Éireannacha agus is féidir dul chuig an leabharlann áitiúil agus eolas a fháil faoi scéimeanna atá ann chun cuidiú le heachtrannaigh socrú síos.

"Ach is é an príomhrud go bhfuil na hÉireannaigh féin an-chairdiúil agus go gcuireann siad fáilte romhainn. Thig liom an tacsaí seo a thiomáint áit ar bith sa chathair. Ní thiocfadh liom sin a dhéanamh i bPáras."

Bhí fonn orm tagairt a dhéanamh do na hionsaithe ciníocha a rinneadh ar eachtrannaigh le cúpla bliain anuas. Ach ag smaoineamh ar an tseachtain a bhí ann agus a laghad cúise a bhí, againn, Éireannaigh bheith mórálach asainn féin bheartaigh mé fanacht i mo thost.