Acmhainn Idirlin

Cuir i gcás go bhfuil tú i mbun bialainne agus biachlár i nGaeilge á ullmhú agat le haghaidh dinnéir tráthnóna

Cuir i gcás go bhfuil tú i mbun bialainne agus biachlár i nGaeilge á ullmhú agat le haghaidh dinnéir tráthnóna. Cá bhfaighfeá an leagan Gaeilge d'fhocail ar nós "avocado" nó "aubergine"?

Nó is craoltóir raidió tú atá ag iarraidh Gaeilge a chur go tapa ar "cut-throat competition" nó stiúrthóir naíonra atá ag lorg Gaeilge ar an fhocal "baby-gro", a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Níl ceann ar bith de na focail sin le fáil i bhFoclóir de Bhaldraithe ná san Fhoclóir Beag Póca. Go dtí an tseachtain seo caite, bheadh ort dul go ceann de na liostaí atá curtha le chéile ag na coistí téarmaíochta nó glaoch ar oifig Rúnaí na gCóistí Téarmaíochta féin chun na focail a fháil. Ar ndóigh, ní bhíonn an t-am ag daoine a bhfuil an clog ina máistir orthu a leithéid a dhéanamh.

Tá na téarmaí sin agus a lán eile nach iad, chomh maith le liostaí atá curtha le chéile ag Fiontar, Foras na Gaeilge agus institiúidí eile, le fáil anois ar an láithreán Idirlín, acmhainn.ie.

READ MORE

Is iad Donncha Ó Cróinín, ó Institiúid Teangeolaíochta Éireann, agus an t-aistritheoir gairmiúil Antain Mac Lochlainn atá taobh thiar den tionscnamh. Mhínigh siad ag an seoladh go raibh a lán seirbhisí eile seachas soláthar téarmaí ar fáil ar an suíomh, seirbhísí a bheadh ina n-áis mhór do lucht na Gaeilge.

Má tá eagraíocht ag iarraidh leagan Gaeilge d'fhoirm a chur amach chuig custaiméir níl le déanamh ach cliceáil ar Thaisce Téacsanna chun teacht ar leagan Gaeilge de ghnáthfhoirmeacha. Is féidir le heagraíocht ar bith iad a úsáid ach a sonraí féin a chur leo agus eolas ar bith nach mbaineann le hábhar a fhagáil ar lár: foirm iarratais ar phost, mar shampla, nó foirm chun gearán a dhéanamh.

Is féidir fosta íoschóipeáil a dhéanamh ar fhoirmeacha na n-údarás áitiúil agus ranna rialtais agus téacsanna tábhachtacha údarásacha rannóga éagsúla stáit, leithéid eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nó Bunreacht na hÉireann.

Cuirfidh daoine atá i mbun cúrsaí aistriúcháin suim ar leith sna ceachtanna aistriúcháin atá ar fáil sa Rannóg Oideas. Tá alt suimiúil ag Mac Lochlainn faoi "aistriucháinis", an t-ainm atá aige ar Ghaeilge atá go mór faoi thionchar an Bhéarla: "Is le linn uaireanta nach buaic-uaireanta iad a chuirfear na hoibreacha seo i gcrích, ionas míchaothúlacht lucht úsáidte feithiclí a íosmhéadú."

Is féidir sin a chur i gcomparáid leis an leagan a mholtar in Oideas. Agus ó mhí go mí beifear ag cur síos ar ghnéithe d'aistriúchán a chothaíonn fadhbanna d'aistritheoirí.

Tá fóram ríomhphoist ar an láithreán a thabharfaidh deis do lucht a chláraithe comhairle agus ceisteanna a chur ar a chéile. Tá nasc le láithreáin eile.

Moill na leabhar

TÁ bac ar obair fhoilsitheoireachta na Gaeilge mar gheall ar mhoill an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Máire Ní Chochláin, comhaltaí Bhord na Leabhar Gaeilge a cheapadh, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tháinig deireadh le téarma oifige Bhord na Leabhar Gaeilge ag deireadh mhí na Nollag agus níor ceapadh na comhaltaí don bhord nua go fóill.

Níl ar chumas an stiúrthóra nua-cheaptha, Gearóid de Grás, seiceanna a chur amach go foilsitheoirí mar níl comhaltaí boird ann chun iad a shíniú.

Seachtar a bhí ar an bhord faoi chathaoirleacht Éamoinn Uí Ógáin - Seán de Fréine, Áine Nic Gearailt, Ursula Ní Dhálaigh, Diarmaid Ó Cathasaigh, Vivian Uíbh Eachach agus Rhoda Uí Chonaire.

Chuir beirt chomhaltaí, Ursula Ní Dhálaigh agus Seán de Fréine, a raibh breis agus 20 bliain caite acu ar an bhord, in iúl i scríbhinn don Roinn anuraidh go raibh siad ag éirí as.

Aitheantas ar bith ní bhfuair siad go nuige seo as an obair dheonach a rinne siad thar na blianta.

Cuireann an mhoill chun comhaltaí a cheapadh isteach go mór ar obair na bhfoilsitheoirí nó tá a bhformhór ag obair ar bhonn deonach.

"Ní féidir linn pleanáil a dhéanamh nuair nach eol dúinn cé mhéad de dheontas a bheidh ar fáil dúinn ón Bhord," a dúirt foilsitheoir amháin. Ba cheart na pleananna foilsitheoireachta istigh ag deireadh mhí Eanáir ach níl aon duine ann chun iad a fhaomhadh.

Tá bac fosta ar an stiúrthóir, nach bhfuil ach mí sa phost, pleanáil a dhéanamh nó cinneadh a ghlacadh faoi rud ar bith lasmuigh de ghnáthriarachán na hoifige.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán go raibh an tAire Stáit "ag déanamh a díchill" chun daoine oiriúnacha a fháil a mbeadh scileanna ar leith acu chun tairbhe fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Ní raibh aon amhras air ná go gceapfaí bord go luath. "Bíonn hiatus mar sin i gcónaí idir seanbhord agus bord nua," a dúirt sé.

Dúirt comhalta den seanbhord le Tuarascáil go rabhthas ag súil go n-ainmneofaí comhaltaí nua anuraidh ionas go bhféadfaidís freastal ar chruinnithe agus eolas a chur ar mhodhanna oibre.

Ba chúis imní d'iarchomhalta eile go gcuirfeadh cúrsaí toghchánaíochta isteach ar cheapadh comhaltaí.

Bímis ag léamh

CAD iad na bealaí is fearr chun páistí a spreagadh chun leabhair a léamh? Sa leabhrán, Bímis ag Léamh le hAntain Mac Lochlainn (Comhar) moltar seachtain léitheoireachta a eagrú sa scoil. Tá cur síos ann ar shraith de ghníomhaíochtaí chun go dtuigfidh na páistí nach rud marbh ar phár atá san fhocal scríofa, ach rud beo a bhfuil spleodar agus siamsaíocht ag baint leis.

Tugtar eolas ann faoi na scéimeanna atá anseo in Éirinn chun scríbhneoirí a thabhairt ar cuairt chun na scoile agus comhairle faoi na bealaí is fearr leis na páistí a ullmhú i gcomhair na cuairte.

Tugtar eolas fosta faoi eagrais éagsúla atá ann chun cuidiú le scoileanna an léitheoireacht a chur chun cinn, leithéid Irish School Book Fairs, agus faoi na hacmhainní leictreonacha atá ar fáil.

Chun cuid den diamhracht a bhaineann le leabhair a dhíbirt, moltar na páistí a chur ag obair ar a gcuid leabhar féin. Tá liosta de láithreáin gréasáin ar an Idirlíon ar a bhfuil treoir faoi dhearadh leabhar.

Cé go n-aithníonn an t­údar nach bhfuil soláthar sásúil á dhéanamh ar léitheoirí óga sa Ghaeilge, agus ar dhéagóirí go háirithe, scríobhann sé go bhfuil ábhar léitheoireachta curtha ar fáil ag an Ghúm agus ag foilsitheoirí príobháideacha atá ar aon chaighdeán feabhais lena mhacasamhail sa Bhéarla. Féachann sé le páistí a spreagadh chun an t-ábhar sin a léamh.

Ba mhór an áis an leabhrán seo do mhúinteoirí bunscoile agus do mhúinteoirí ranganna sóisir ar an dara leibhéal, do threoraithe clubanna óige agus do thuismitheoirí ar mhaith leo dúil sa léitheoireacht, léitheoireacht na Gaeilge ach go háirithe, a spreagadh san aos óg.

Eolas: 01-6785443 nó comhar@eircom.net