Acmhainn ur

Is é an t-iriseoir Cathal Mac Coille a sheolfaidh acmhainn

Is é an t-iriseoir Cathal Mac Coille a sheolfaidh acmhainn.ie, láithreán áiseanna do lucht úsáidte na Gaeilge, in oifigí Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath, ag 6 p.m. san oíche amárach.

Ar an rud is suntasaí atá an láithreán go dtí seo tá "oll-liosta" téarmaíochta a fhoilsítear le cead ón nGúm agus a thabharfaidh deis do lucht na Gaeilge dul ag cuartú na bhfocal nach bhfuil ar fáil i bhfoinsí eile.