Aer ur Lingus

An Peann Coitianta: 'Agus cén comhlacht locoste a bhfuil tú ag imeacht leis?" arsa fear an óstáin i bhFraincis

An Peann Coitianta: 'Agus cén comhlacht locoste a bhfuil tú ag imeacht leis?" arsa fear an óstáin i bhFraincis. Locuste, lócaiste a rith liom i dtosach ach ní shin é a bhí ráite aige. Cé go mbímidne ag imeacht thart in eitleáin ar a gcuma-san, díreach: "Imíonn siad ina scaotha, ag ithe agus ag milleadh luibheanna agus barr" (An Foclóir Beag).

"Á! low cost " a dúrt, tar éis dó é a rá an dara huair. "Faighim pardún agat mar gheall ar mo dhroch-Bhéarla" ar sé. Tamall den saol, ní ghabhfadh Francach leithscéal ar bith mar gheall ar Bhéarla, olc ná maith.

"Á, ní haon chomhlacht locoste é ach comhlacht náisiúnta na hÉireann, Aer Lingus...cé gur chaitheadar-san, leis, a bport a athrú."

Économique, bon marché, atá ag an bhfoclóir ar low cost, ach tá an lá le locoste sa chaint.

READ MORE

Bíonn sé de nós agam An Foclóir Beag a thabhairt liom ag taisteal, toisí póca ann, agus é ciorraithe go cnámh ina chuid míniúchán. Go deimhin, tá sé ar an saothar foclóireachta is mó a mbainim sásamh as; Gaeilge-Gaeilge, teanga de réir a cuid téarmaí féin, seachas teanga, i bhfoclóir dhátheangach, de réir mar ba mhaith linn a bheadh sí.

San eitleán, agus sinn fáiscthe isteach sna suíocháin, cuireann an t-óstach fáilte romhainn i nGaeilge bhreá scoile. Í meánaosta, leis, bhí jab maith déanta ag múinteoirí in áit éigin. Oileadh í féin in Aer Lingus a bhí, go dtí gur shroicheadar an leáphointe. Fós, bhí fís éigin ann; tuiscint áirithe ab ea é ar an saol. Agus d'imigh an saol. Físeoir: "duine fiosrach", a deir An Foclóir Beag.

Tamall ag éirí san aer, agus táimid ag cúrsáil linn ag 36,000 troigh. Tosaíonn an tseirbhís lónadóireachta. Ceapairí rubair agus slaghas feola plaisteach. Tae seargtha meirgeach.

Agus, cad seo? Ceirt Athmhúscailte! Taispeánaim é dom pháirtí, leagan Aer Lingus ar Refreshing Towel. Fágann sé sna trithí sinn.

An áiféis a bhaineann le Ceirt Athmhúscailte, go háirithe faoi chomhbhrú ag 36,000 troigh. An áiféis chomhbhrúite teanga.

Samhlaímid ceirteacha brocacha greamaithe den urlár, piastaí agus míola iontu, iad ag athmhúscailt agus ag bogadh. Athmhúscailt anála: "artificial respiration" a deir Ó Dónaill.

"Níl comhthéacs ar bith fágtha" a deir mo pháirtí.

"Tá. An t-aer, agus tachtfad an chéad duine eile a luann an focal comhthéacs."

"Aer? Lingus? Ag cúrsáil linn ag 500 míle san uair, ar luas na talún."

"Cad a thabharfá féin air?"

"Naipcín Úr," ar sé tar éis neomait.

"Nó naipcín friseáilte" a deirimse.

"Go maraí an deabhal tusa le do chuid friseáilteachta."

"Caithim géilleadh do "úr" scríofa."

Fionnuar: "fuacht beag deas ann; (le haer) friseáilte" An Foclóir Beag.

"Is é an trua nach bhfuil Myles beo".

Cuireann sé sin mise im thost. Ar feadh leathshoicind.

"Ní leor gáirí na háiféisea bheith i ngreim dorcha an pharadacsa, gan fuascailt. Sin é a mharaigh Myles ar deireadh, gan éirí lastuas de sin."

"Sé mo dhóthain féin é bheith éirithe chomh hard seo".

"Is geall le macalla ré eile chomh maith Ceirt Atmhúscailte. Duine éigin in oifig éigin ag obair go coinsiasach, más go tuathalach féin é. Ba chuid dá dtuiscint chomhlacht stáit é...Bord na Móna, CIÉ, Aer Lingus...

"Féach céard d'imigh orthu. Chaith aer úr séideadh tríothu agus an seanchac triomaithe go léir a shéideadh chun siúil. Purgóid, agus breis de má chaitheann siad é thógáil. Reality therapy, a mhac."

"Fuaireamar ár ndóthain den teiripe réaltachta atá i gceist agatsa leis tráth. Cána agus batráil. An teiripe is éifeachtúla ar fad ná rud a fháil i gceart. Ní ar mhaithe le gramadach ná aon ní eile é, cé go bhfuil siadsan leis i gceist, ach ar mhaithe leis an sásamh a thugann sé ann féin. Ar nós logainmneacha. Díreach, éirí as an seaniompar..."

"Séard atá tú a rá, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Naipcín Úr ar an Refreshing Towel ag 36,000 troigh ag cúrsáil linn ag 500 míle san uair ar luas na talún. Tá dós ort fhéin, chomh maith le duine. Na heitleáin ag fágáil agus ag sroicheachtáil in am atá uainn, ar phraghas réasúnach."

"Tá baint ag an dá rud le chéile, creid uaim é."

Airleacán: "cleasaí greannmhar"

"Is é is aidhm leis an bhfoclóir seo go bhféadfadh daoine óga agus foghlaimeoirí eile teacht isteach ar conas foclóir simplí a úsáid roimh dhul ar aghaidh go dtí foclóirí móra, agus go dtuigfidís an spórt a leanann é." An Foclóir Beag.