Ag scriosadh thimpeallacht Cheanada

BEOCHEIST: TÁIMID AG éirí imníoch abhus faoin gcóras mianadóireachta ar a dtugtar “fracking”

BEOCHEIST:TÁIMID AG éirí imníoch abhus faoin gcóras mianadóireachta ar a dtugtar "fracking". Féachaimis conas mar atá an scéal i gCeanada

Tá raidhse mhór biotúmain i limistéar amháin in Alberta Cheanada, limistéar atá chomh fairsing le Sasana. Bíonn an biotúman measctha go nádúrtha sa talamh le cré agus le gaineamh.

Tá an biotúman féin slaodach agus vioscósach. Is saghas peitriliaim é, foinse cumhachta is breosla, thar a bheith luachmhar. Tugtar “tar sands” nó “oil sands” ar limistéir den tsaghas seo.

Tá “tar sands” leis i Venezuela, Madagascar, an tSín, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Bhrasaíl, an Eastóin, an Rúis, An tSualainn, an Chasacstáin, an Ghearmáin agus Iosrael.

READ MORE

Tá an mhianadóireacht seo ar siúl in Alberta le fada ach tá bundúchasaigh agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ag díriú aird an phobail ar na fadhbanna a bhaineann le próiseáil an bhiotúmain le tamall.

Tá comhlachtaí mar BP agus Shell sáite go doimhin sa mhianadóireacht seo agus tá lorg a gcuid oibre le feiscint sa dramhaíl nimhiúil sna linnte fuíll, taiscumair atá chomh mór sin gur féidir iad a fheiscint ó spáslonga.

Tá dhá bhealach ann le mianadóireacht a dhéanamh ar an mbiotúman.

Sa mhianadóireacht dromchla tógtar éiceachóras na háite amach sa tslí go scriostar na foraoiseacha, an ithir is na portaigh atá ábalta carbón a neodrú.

Ansin tagann na sluaistí abhalmhóra leictreacha agus na trucailí is mó ar domhan chun an biotúman a thabhairt leo chun próiseála.

Toisc go bhfuil 80 faoin gcéad den mbiotúman ródhoimhin sa talamh le teacht air leis an mhianadóireacht dromchla, is gá an modh ar a dtugtar in situa úsáid. Déantar an biotúman seo a leá trí instealltaí gaile faoi ardbhrú is faoi ardteocht, modh a úsáideann dhá oiread uisce is a úsáidtear sa mhianadóireacht dromchla.

In aon lá amháin úsáideann an próiseas in situ an méid céanna gáis (leis an uisce a théamh) is a dhéanfadh trí mhilliún teach i gCeanada a théamh – ar feadh bliana.

Fáiltíonn mórán roimh thionscal na hola. Íocann na comhlachtaí móra cáin $5 billiún in aghaidh na bliana leis an rialtas agus tugann siad deontais do dhreamanna éagsúla sa phobal. Tá nascanna láidre ag polaiteoirí le tionscal na hola agus postanna tugtha acu do dhaoine nach gcreideann in athrú aeráide.

Thugadh Ceanada ceannasaíocht dhearfach dhomhanda maidir leis an mbáisteach aigéadach is truailliú an ózóin. Ach is cosuil go bhfuil cúl tugtha aici leis na laethanta sin agus is eagal le saineolaithe áirithe go bhfuil na spriocanna a bhí leagtha amach di i bPrótacal Kyoto tréigthe ar fad aici.

Go minic bíonn taobh thíos le mórbhorradh eacnamaíochta. Tá airgeadra Cheanada láidir de bharr na mianadóireachta. Ach toisc san tá sé dian ar lucht tionscalaíochta a gcuid táirgí a dhíol. Cailleadh postanna i dtionscail na teicstíle, na leictreonaice, na miotalóireachta is an pháipéir. Meastar gur de bharr na forbartha tapaidh a tháinig ar mhianadóireacht an bhiotúmain a chailleadh 54 faoin gcéad de na postanna sin.

I mbaile Fort McMurray tá fadhbanna na ndrugaí is an striapachais, coiriúlacht is mí-úsáid bhaile, ag teacht chun cinn agus ag leathnú amach chuig na ceantair ina bhfuil na bundúchasaigh, na Chéad Náisiúin, ina gcónaí.

Is ar a seantailte traidisiúnta siúd atá an mhianadóireacht ar fad ar siúl.

Tá cearta áirithe ag na bundúchasaigh de réir conarthaí a shíníodar le fórsaí na corónach sa 19ú haois, ina measc cearta iascaigh, seilge agus gaiste ach conas is féidir na cearta sin a chaomhnú is a chur i bhfeidhm inniu? Sin ceist.

Dhiúltaigh Ceanada Forógra na Náisiún Aontaithe um Chearta na mBundúchasach a shíniú. Seans go rabhadar faoi bhrú ó na Stáit Aontaithe; is mór ag SAM mórsholáthar ola an bhiotúmain óna gcomharsa thar an teorainn thuaidh.

Cónaíonn 1,200 bundúchasach de chuid na gCéad Náisiún i mbaile beag Fort Chipewyan ar bhruacha abha an Athabasca. Tá linn fuíll abhalmhór anseo, manglam marfach arsanaice, airgid bheo is caidmiam. Ón linn sceitheann 11 milliún lítear isteach san Athabasca gach lá.

Míchumaí uafásacha ar ainmhithe is ar éisc, ailse ghránna an bháis ar dhaoine. Dhein an Dr John O’Connor, Éireannach, iarracht aird a tharraingt ar na huafáis seo. Deineadh iarracht a cheadúnas a bhaint de. Theip ar an iarracht agus tá an dochtúir fós toileanach solas a chur ar áiteanna dorcha.