Aidhe ciú

Crobhingne: Tá taispeánta go deifnídeach thar amhras anonn ag ollamh ollscoile go bhfuil pobal na hÉireann níos tibhe agus níos…

Crobhingne: Tá taispeánta go deifnídeach thar amhras anonn ag ollamh ollscoile go bhfuil pobal na hÉireann níos tibhe agus níos dúire ná an chuid is mó eile de chomhthaláin náisiúnta na hEorpa.

Taighde é seo a sheasfaidh go daingean go dtí go dtiocfaidh taighde eile ar ball lena dhíchur. Ach idir an dá linn ní foláir dúinn glacadh leis gur gile meabhair ár gcomharsan ar an oileán eile soir uainn idir Bhreathnaigh mhóra agus Bhreathnaigh bheaga, agus go bhfuilimid i bhfad chun deiridh ar na Gearmánaigh agus ar na Polannaigh a thagann amach ar bharr na léige meabhraí.

Glacaim leis gur cúis mhór díomá é seo do dhaoine ar fud na tíre. Tugaim faoi deara an cromadh cinn sin ar choisithe agus mé ag taisteal na gcríocha ar cuaird agus ní hé séideadh na gaoithe amháin atá á bpriocadh.

Is é malairt na féachana sin a chíonn tú ar aghaidh na ndaoine i mórchathracha na hEorpa nuair a dhéantar rud éigin amaideach anseo abhus nó nuair a chaitheann an Taoiseach bríste mustaird. Chonaic mé féin iad ar shráideanna Phráig agus Phárais agus iad ag gáirí fúinn, iad sna trithí féin i mbaol a n-anama agus gan chóras sláinte acu mar atá againne le teacht i gcabhair orthu.

READ MORE

Is é adeir an t-ollamh ó Ollscoil Uladh - agus dá réir sin ní foláir dó a bheith oibiachtúil agus eolaíochtúil - go raibh ár gcuidne I.Q. ag dul ar gcúl le 200 bliain anuas.

Ní fios, gan amhras, conas a thángthas ar an bhfianaise sin faoi bhun cnagadh ar dhoras na reilige agus an ceistneoir a shíneadh chucu isteach. Deir sé gur imigh na daoine ba ábalta agus ba chumasaí thar sáile anonn chun na Stát Aontaithe tar éis an ghorta, rud a d'fhág an dríodar sa bhaile. Is míniú sármhaith é sin ar an athbheochan náisiúnta in Éirinn agus ar an gcinedhíothú i Meiriceá, de dhealramh.

Níl aon chiallú aige ar conas go bhfuil cúilfhéith chomh hard sin ag na Gearmánaigh, dream a chaill na milliúin in dhá chogadh mhóra, ná na Polannaigh agus iad ina gceapaire idir dhá chumhacht mhóra agus an iarmhairt a leanann sin. Aontaíonn dochtúirí draíochta agus físeolaithe feasa na Gearmáine agus na Polainne go bhfuil an ceart aige, ach cá hiontas sin mar deireann lucht taighde agus síceolaithe na Fionlainne agus na Spáinne a mhalairt araon.

Tuarascálacha seo an I.Q. tástálann siad pé rud a thástálann tástálacha an I.Q., ach ní móide go bhfuil aon bhaint acu le meabhair cinn.

Bhí aithne agam ar antraipeolaí Dúitseach a fuair bás den tart san fhásach nuair a cheap sé gur spreabhraídí súl a bhí sa linn uisce tamall uaidh. An neach gorm gan léamh ná scríobh a bhí ina theannta, is amhlaidh go bhfaca sé an rud a bhí mós soiléir agus tá sé ag ól fós.

Breis bheag agus 100 bliain ó shin bhunaigh Alfred Binet an chéad triail I.Q. i bPáras mar áis inmholta chun cabhraithe le páistí a mbeadh a thuilleadh cúnaimh ag teastáil uathu sa rang. Ní raibh riamh i gceist aige go gcuirfeadh sé miosúr ar an meabhair, earra do-intomhaiste.

Um an mbliain 1913, áfach, bhí oifigigh inimirce na Stát Aontaithe á úsáid laistigh de urchar saighde nó caitheamh tomahawk de Dhealbh na Saoirse chun na ndíbeartach fána ón Eoraip a mheas. D'fhionn siad go raibh aigne linbh ag ochtar as gach deichniúr díobh.

Sa bhliain 1994 bhí éileamh ollmhór ar leabhar sna Stáit Aontaithe agus i measc a gcuid puthanna amuigh a raibh snas na heolaíochta air. B'é sin The Bell Curve a chruthaigh go heolaíochtúil (arís) go raibh I.Q. níos táire ag gormaigh agus ag bochtánaigh ná mar a bhí ag bánchailcigh agus saibhrigh de bharr a ndúchas.

Asail is ea Gaeil, agus Gormaigh, agus Giofóga, agus GarbhArabaigh agus gach duine eile a worstadh insan game. Ar ámharaí an tsaoil, is iad na daoine a raibh gunnaí móra agus mórchur leis acu, agus fonn chun a n-úsáide, is intleachtúla ar bith. Tá an taighde ar nós na nathrach nimhe; ní bhaineann greim ach as an duine atá cosnochtaithe cheana.

Dúirt Voltaire agus Linnaeus, agus David Hume go raibh gormaigh agus táirchiníocha eile agus ár leithéidíne araon, dúirt siad nach rabhamar chomh meabhrach, agus dá réir sin, chomh daonna le cách a chéile eile. Má deir na lucha móra é sin agus taighde ollscoile, cé sinne le cur ina gcoinne?

Ina choinne sin, b'fhéidir gur míniú sásúil é ar Dick Roche na Teamhrach, ar Mhartin Cullen na mbóithre, ar Mhary Harney na n-ospidéal, ar Willie O'Dea na Sionainne warport...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar