Aire gnothach

Tá an tAire Gaeltachta, Tuaithe agus Pobail, Éamon Ó Cuív, thar a bheith gnóthach.

Tá an tAire Gaeltachta, Tuaithe agus Pobail, Éamon Ó Cuív, thar a bheith gnóthach.

Tá dornán preasráiteas seolta aige chun an cholúin seo le seachtain anuas agus deontais mhóra ceadaithe aige do thionscnamh turasóireachta in oirthear na Gaillimhe; chosaint chósta i Maigh Eo; pháirc peile i nDún na nGall; don Chumann Lúthchleas Gael ar an Daingean, Co Chiarraí agus do Scéim na gCúntóirí Teanga, Corca Dhuibhne, sa chontae céanna.

Leoga, tá caiteachas céadta míle euro ceadaithe aige agus is dea-scéal é sin do gach duine atá ag fáil deontais.

Ach nach iondúil go gcoinníonn an Rialtas an dea-scéal sin d'aimsir an toghcháin. An bhfuil a fhios ag Ó Cuív rud inteacht nach bhfuil a fhios ag an chuid eile againn?