Airgead ceolmhar

TÁ RAIDIÓ RTÉ agus Recorded Actors Artists Performers (RAAP), ag cur ceithre sparánacht ar fáil do cheoltóirí atá ag tosú amach…

TÁ RAIDIÓ RTÉ agus Recorded Actors Artists Performers (RAAP), ag cur ceithre sparánacht ar fáil do cheoltóirí atá ag tosú amach ina ngairm cheolmhar.

Tá €5,000 le bronnadh ar dhuine amháin i ngach ceann de na réimsí seo: ceol clasaiceach; ceol rac/pop; ceol tíre agus ceol traidisiúnta. Is é is cuspóir leis an chiste deis a thabhairt dóibh dul chun cinn a dhéanamh.

Níl na sparánachtaí dírithe ar chumadóirí ach ar dhaoine a chuireann ceol agus amhráin i láthair lucht éisteachta, is cuma cé acu a chum siad an ceol nó nár chum. Tá na moltóirí ar lorg ceoltóirí agus amhránaithe a bhfuil scil acu sa cheol ach caithfidh go mbeidh tóir ag an lucht éisteachta ar an cheol fosta.

Le cois an airgid, beidh seans ag na buaiteoirí poiblíocht a fháil dá gcuid ceoil ar cheithre stáisiún raidió FM RTÉ – Raidió na Gaeltachta, Lyric FM, Radio 1 agus 2fm. Is í an Aoine 26ú Lúnasa an spriocdháta agus fógrófar na buaiteoirí le linn Sheachtain Mhór Cheoil RTÉ, a bheidh ar siúl idir 10ú agus 16ú Deireadh Fómhair.

READ MORE

* Eolas: www.rte.ie/breakthrough