Airgead Forais

D'fhógair Foras na Gaeilge arú inné go gcuirfeadh siad €7

D'fhógair Foras na Gaeilge arú inné go gcuirfeadh siad €7.7 milliún ar fáil mar bhunmhaoiniú do 17 eagras teanga le linn na bliana seo chugainn.

"Cúis shásaimh," a bhí ann go raibh "ardú suntasach" curtha ar fáil, a thug an foras le fios.

Dúirt an príomhfheidhmeannach, Seosamh Mac Donncha, : "Tá áthas orainn toradh an mheasúnaithe atá déanta ar iarratais na bliana seo chugainn a fhógairt.

"Tá sé soiléir ó na tuairiscí agus na pleananna atá curtha ar fáil ag na heagrais éagsúla go bhfuil go leor bainte amach le bliain anuas agus go bhfuil go leor eile le déanamh i 2006.

READ MORE

"Táimid cinnte de gur féidir linn cur leis an chomhpháirtíocht agus leis an chomhoibriú i 2006 agus pleananna do thodhchaí na Gaeilge á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm againn."

Murab ionann agus blianta eile, tá eolas ag na heagrais ar a mbuiséad roimh thús na bliana úire agus iad sásta dá réir.

Dúirt urlabhraí thar ceann na Comhdhála nach raibh litir oifigiúil faighte acu ón fhoras go fóill ach bhí siad "an-sásta go raibh deontas na bliana seo chugainn fógartha. Is céim chun cinn é seo."

Ar na heagrais a fuair airgead, bhí: an tÁisaonad €588,060; an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta €226,853; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge €840,010; Oireachtas na Gaeilge €436,522 agus Raidió na Life €144,031.