Airnean TCD

Bheifeá ag súil gur mall san oíche a bheadh airneán ar siúl ach de réir an fhógra atá curtha amach ag Scoil na Gaeilge, Coláiste…

Bheifeá ag súil gur mall san oíche a bheadh airneán ar siúl ach de réir an fhógra atá curtha amach ag Scoil na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, beidh imeachtaí "Airneán Uí Chadhain" sa choláiste sin Dé Sathairn críochnaithe faoi 7pm tráthnóna, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Cuirfear tús leo ag 2.30pm le fáilte i Seomra 3074 in Áras na nEalaíon. Ag 2.45pm tabharfaidh mac dheartháir an Chadhnaigh, Seán Ó Cadhain, óráid dar teideal, "Máirtín Ó Cadhain mar a facthas domsa é".

Ina dhiaidh sin léifidh an banaisteoir, Bríd Ní Neachtain, sleachta as saothar Uí Chadhain agus ag 5pm, bronnfar litreacha a scríobh Máirtín Ó Cadhain sna 1950í chuig cara dá chuid, Eoin Ó hAodha, ar Leabharlann an Choláiste.

Cuirfear críoch leis an airneán le léacht "Máirtín Mór Ó Cadhain na Tríonóide".

READ MORE

An tOllamh Cathal Ó hAinle a bhí ina chomharba ar an Chadhnach i Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, agus a bhfuil mórchuid scríofa aige ar a shaothar, a thabharfaidh an léacht sin. Cá bhfios, b'fhéidir go dtosódh an t-airneán ceart ina dhiaidh sin?