Aistrigh go...

Beidh ceardlann chónaithe san aistriúchán liteartha ar siúl in Óstán an Túir (Tower Hotel), Doire, idir an Aoine 10ú agus an …

Beidh ceardlann chónaithe san aistriúchán liteartha ar siúl in Óstán an Túir (Tower Hotel), Doire, idir an Aoine 10ú agus an Satharn 11ú Samhain agus idir an Aoine 8ú agus an Satharn 9ú Nollaig.

Aistriúchán ó theanga ar bith go Gaeilge atá i gceist agus is é an Frank Sewell, léachtóir ar Ollscoil Uladh, Cúil Rathain, a bheidh ina bun.

Beidh an bhéim ar fhoghlaim trí scríobh agus ar fhoghlaim trí chomhmheastóireacht. Ní bheidh le díol ag baill na ceardlainne ach £50 ar gach ceann den dá mhodúl agus beidh lóistín agus béiltí san áireamh.

Eolas: 01-2895733 aodhoire@esatclear.ie