'Aithníonn muid an faitíos agus na dúshláin' - Foras na Gaeilge

‘AITHNÍONN MUID an faitíos atá oraibh agus na dúshláin atá romhainn ach bígí ag obair linn,” – sin an teachtaireacht a bhí ag…

‘AITHNÍONN MUID an faitíos atá oraibh agus na dúshláin atá romhainn ach bígí ag obair linn,” – sin an teachtaireacht a bhí ag Foras na Gaeilge inné agus iad ag tabhairt freagra ar imní Oireachtas na Gaeilge go raibh an t-eagras i mbaol.

Dúirt stiúrthóir an eagrais, Liam Ó Maolaodha, go raibh éiginnteacht ann faoi thodchaí an Oireachtais, féile mhór chultúrtha lucht na teanga, de bharr córas nua maoinithe a bhí le cur i bhfeidhm ag príomh-mhaoinitheoir an eagrais, Foras na Gaeilge. Dúirt sé nach raibh sé “in ann todhchaí an Oireachtais a fheiceáil” agus é ag caint i nGaillimh Dé Céadaoin seo caite.

Tá an Foras le scéimeanna – seachas eagrais – a mhaoiniú faoi shocrú nua airgeadais ach ní mhairfeadh an tOireachtas “más ag brath ar scéimeanna” a bheidís, a dúirt Ó Maolaodha. Ní raibh “ciall ná réasún” le baint as an chinneadh úr agus chreid sé go ndéanfaí “éagóir dhochreidte” ar an eagras sa chás go raibh a gcuid imeachtaí ag brath ar an chóras nua.

Dúirt sé go raibh an tOireachtas “ceannródaíoch i gcothú measa agus ómóis, i measc Éireannach agus eachtrannach ar an nGaeilge, ar nualitríocht na Gaeilge, ar chultúr na Gaeilge agus ar ealaíona dúchasacha na Gaeilge”.

READ MORE

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais gur “athrú mór” a bhí i gceist leis an chóras úr agus go raibh “dúshláin mhóra” roimh na heagrais Ghaeilge. Ach d’fháiltigh siad roimh a n-ionchur agus a gcomhobair; bhí fáilte roimh na heagrais bualadh leo agus a gcás a phlé: “I gcás Oireachtas na Gaeilge, cé go bhfuil sé ráite acu go bhfuil aighneacht á hullmhú, níl sin faighte againn go fóill.” Chuirfeadh Foras na Gaeilge fáilte roimh mholtaí an Oireachtais faoin tsamhail úr maoinithe; bhí siad ag iarraidh bheith ag obair le chéile leis an phróiseas seo a thabhairt chun críche.

B’fhearr le Ó Maolaodha, ámh, gan dul i muinín an chórais nua ar chor ar bith. D’iarr sé ar Aire na Gaeltachta, Pat Carey, treoir a thabhairt dá Roinn féin, d’Fhoras na Gaeilge nó d’Údarás na Gaeltachta “croímhaoiniú cinnte” a thabhairt dóibh le go mbeadh siad ábalta an fhéile a fhorbairt.

Dúirt Pat Carey leis an cholún seo inné nach raibh aon bhaol d’Oireachtas na Gaeilge agus gur aithin sé féin an obair thábhachtach agus luachmhar a bhí ar bun acu le fada maidir le cur chun cinn agus forbairt na teanga.

Bhí comhphlé ar siúl faoi láthair ag Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí bunmhaoinithe agus bhí dóchas aige go mbeadh toradh fiúntach ar an phlé agus go mbeadh gach duine aontaithe ag deireadh an phróisis agus toilteanach obair le chéile ar son leas na Gaeilge.

Tréimhse chinniúnach a bhí ann don teanga agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le foilsiú agus le feidhmiú agus tugadh aitheantas sa dréachtstraitéis do ról Oireachtas na Gaeilge, a dúirt sé.

áisaid – aitheantasrecognition – baoldanger – ceannródaíochpioneering – dochreidteincredible – dúchasachnative – éagóirinjustice – imealledge – léargas insight – plédiscussion – scéimscheme – stairiúilhistoric – tábhachtach important – taispeántasdisplay – toilteanachwilling