Am scoir don RIR

Beocheist: "Ba chóir an cine gorm a dhó

Beocheist: "Ba chóir an cine gorm a dhó." Is tuairim í sin a chloistí go coitianta i mbéal daoine áirithe in Alabama agus i Georgia na Stát Aontaithe i mblianta tosaigh an chéid seo caite. Agus go rómhinic leanadh beart briathar.

Théadh baill den Ku Klux Klan amach ar ruathair chun ceannas intleachta an chine ghil a léiriú. Chrochadh siad fir ghorma ar chrainn agus dhódh siad a gcuid tithe. Ansin théadh siad abhaile agus ghabhadh siad buíochas leis an Dia geal a bhí maith agus ina fhlaithis.

Tá léiriú maith den ailse shóisialta a bhí á lobhadh i gcroí an náisiúin Mheiriceánaigh sa scannán Mississipi Burning.

Cuireadh athrú mór ar chúrsaí sna 1960í. Níl deireadh leis an troid fós ach ar a laghad ar bith, tá iarracht mhacánta déanta deireadh a chur leis an gciníochas i ngach gné d'obair an stáit.

READ MORE

Bhíodh fadhbanna ar leith ag baint leis an gcomhionnanas a chur i bhfeidhm ar an arm. Cuimhnigh gur i reisimintí dá gcuid féin a cuireadh saighdiúirí gorma agus Seapánacha sa Dara Cogadh Domhanda.

Ní go réidh a ghlacfadh fir gheala leis an nóisean go bhféadfadh siad bheith faoi cheannas fir ghoirm.

Thóg sé an-chuid ama tuiscint nua a thabhairt do dhaoine a raibh cúlra na gcéadta bliain den gciníochas sa bhfuil acu. Sa tréimhse sin, d'fhulaing go leor saighdiúirí gorma maslaí, céasadh croí agus intinne, géarleanúint agus, uaireanta, an bás féin.

B'iontach an rud é munar ghuígh cuid acu chun Dé craiceann eile a thabhairt dóibh.

Déarfadh scríbhneoirí áirithe go raibh an bealach chuig ardú céime fós níos deacra don bhfear gorm agus is léir go mbíonn ar cheannasaíocht an airm fiosrú a dhéanamh faoi eachtraí ciníochais ar bhonn rialta.

Dhealródh sé, mar shampla, gurb é an ciníochas a bhí taobh thiar den ionsaí gránáide a rinne an Sáirsint Asan Akbar ar a chomhshaighdiúirí sa gCúait i mí an Mhárta nuair a maraíodh duine amháin agus gortaíodh 15 duine eile. De réir a chuid gaolta, bhíodh sé ag gearán i gcónaí faoi na maslaí ciníocha a chaití ina threo mar fhear gorm agus mar Mhuslamach. Measann siad gur bhris ar a chiall faoin mbrú a cuireadh air.

Ach i gcomparáid le blianta tosaigh an chéid seo caite, tá athrú meoin agus cultúir curtha i gcrích sa gcuid is mó den arm ar tháinig leithéidí Colin Powell as. Is cróga nó díchéillí an saighdiúir geal a déarfadh "ba chóir an cine gorm a dhó" os ard anois.

Ní mar sin atá an scéal i gcuid amháin d'arm na Breataine, is cosúil. An tseachtain seo caite, thug saighdiúir a rugadh in iarthar Bhéal Feirste fianaise do bhinse fiosraithe fostaíochta go ndearna sé iarracht lámh a chur ina bhás féin de bharr na maslaí seicteacha agus na mbagairtí a rinneadh air sa Reisimint Ríoga Éireannach. Dúirt an saighdiúir Patrick Murphy gur athraigh sé a ainm ó Phádraig go Pól agus gur dhúirt sé gur ball d'Eaglais na hÉireann a bhí ann ina iarratas chun dul isteach san arm. Is ionann sin, ar bhealach, agus bheith ag iarraidh dath do chraicinn a athrú.

Níor éirigh leis an tseift, áfach. Fuarthas amach gur Caitliceach a bhí ann agus tosaíodh ar na maslaí seicteacha agus ar an ngéarleanúint. Tugadh "Fenian" air agus dúradh leis "gur chóir an pobal Caitliceach ar fad a dhó". Sa deireadh thiar, bhí an brú bagarthach chomh mór sin gur shocraigh se ar é féin a mharú agus is beag nár éirigh leis.

Sa mbreithiúnas a tugadh, cháin an binse fiosraithe oifigigh shinsearacha an airm as gan aird go leor a thabhairt ar ghearáin an tsaighdiúra Murphy. Dúirt siad: "Cé go maíonn siad go nglacann siad dáiríre le fadhbanna seicteacha, ní dhearna siad beart de réir a mbriathar. Agus cibé áit as a dtáinig an treoir chun neamhaird a dhéanamh de ghearáin an iarrthóra (Murphy) faoi dhroch-íde sheicteach, is é an toradh a bhí air é a fhágáil ina aonar gan tacaíocht a cheannairí."

Cuireadh an Reisimint Ríoga Éireannach ar bun in áit an Ulster Defence Regiment de bharr an nádúir sheictigh a bhí ag an bhfórsa sin. Má athraíodh an t-ainm, áfach, is léir go bhfuil an meon binbeach céanna i réim go fóill.

An gcuirfeadh arm agus pobal na Breataine suas le reisimint a bheadh go hoscailte maslach agus naimhdeach le daoine gorma? Ní dócha é.

Agus níor chóir dóibh cur suas le ceann a cheadaíonn géarleanúint ar dhaoine de bharr cúlra cultúrtha nó creidimh. Tá sé in am an reisimint seo a athrú ó bhun go barr nó í a scor ar fad.