An bhfuil teorainn ar bith le síorleathnú an Bhéarla?

Tuarascáil: NÍL A fhios agam an bhfoghlaimíonn daltaí dara leibhéal nó mic léinn tríú leibhéal mórán in aon chor faoin impiriúlachas…

Tuarascáil:NÍL A fhios agam an bhfoghlaimíonn daltaí dara leibhéal nó mic léinn tríú leibhéal mórán in aon chor faoin impiriúlachas teanga.

Go deimhin, is an-annamh ina ábhar cainte é sna meáin chumarsáide agus ní fheicimse mórán leabhar ina thaobh sna siopaí leabhar ach an oiread.

Is ait liom sin, go háirithe agus cónaí orainn i dtír iarchoilíneach. Cén céatadán de dhaonra na hÉireann nó de dhaonra na hIndia, abair, a bhraitheann gur i dtír iarchoilíneach atá cónaí orthu?

Sa leabhar Resisting Linguistic Imperialism in English Teaching(Oxford University Press, 1999) le A. Suresh Canagarajah, ceistíonn an t-údar ról an Bhéarla i dtíortha atá i mbéal forbartha. An é Capall Adhmaid na Traí é an Béarla, arsa Canagarajah. An múinfidh an Béarla spleáchas nó neamhspleáchas dóibh?

READ MORE

Cé chomh mór is atá an Béarla á chur chun cinn sa Tríú Domhan ag ár n-áisíneachtaí forbartha féin, abair?

An moltar do na hoibrithe deonacha sna heagraíochtaí sin a bheith fabhrach leis na teangacha atá á labhairt sna tíortha ina mbíonn siad ag obair?

Cuirimis ar bhealach eile é: an bhfuil na pinginí a thugaimidne do na heagraíochtaí sin ag cuidiú le scaipeadh an Bhéarla sa Tríú Domhan nó an amhlaidh atáimid ag cabhrú leis na teangacha dúchais ann ó lá go lá?

An smaoiníonn na háisíneachtaí sin ar chúrsaí teanga in aon chor? Ní hé an chloch is mó ar a bpaidrín acu é más aon chomhartha é na suímh Idirlín acu.

Is ionann impiriúlachas teanga agus dia beag a dhéanamh den réasúnaíocht, rud a tharla le linn Ré na hEagnaíochta. Tá “eagnaíocht” Ré na hEagnaíochta á ceistiú inniu. (Táim féin á ceistiú le fada).

Nuair a bhímid ag caint ar an impiriúlachas, samhlaímid an lár agus na himill. Míníonn Canagarajah dúinn conas a cuireadh na himill faoi chois, rud a thuigeann na Gaeil go rímhaith:

“The Enlightenment also led to the suppression of the knowledge systems of the periphery. Science was defined as a universally applicable project, rather than a cultural product of the West – one based on a Judeo-Christian/Renaissance belief in domination over nature...”

Srí Lancach é Canagarajah, dála an scéil agus bheadh taithí phearsanta aige ar théama seo an impiriúlachais. Nílim ag caint ar bhrú an Bhéarla amháin; cuimhnigh ar an gcinedhíothú a dhein an rialtais dúchais ar na Tamalaigh ann.

Ba bhreá liom a shamhlú go mbeadh an tuiscint sin thuas don impiriúlachas ag oibrithe deonacha agus áisíneachtaí dá sórt.

Ba bhreá liom a shamhlú go mbeadh an tuiscint sin ag múinteoirí Béarla, Gaeilge, Staire agus Tíreolaíochta na tíre seo; mura bhfuil b’fhéidir go bhfuil sé in am againn an antraipeolaíocht chultúrtha a mhúineadh mar ábhar speisialta san idirbhliain agus Impiriúlachas Teanga mar chuid lárnach den chúrsa sin.

Focal eile ar impiriúlachas teanga is ea impriúlachas cumarsáide, i bhfocail eile, cumarsáid as Béarla a bheith geall le bheith éigeantach sa sráidbhaile domhanda ina mairimid. Ní mór iad na tíortha atá ag cur i gcoinne an impiriúlachais sin; tír amháin acu is ea an Chóiré Thuaidh ach níl meas ag éinne ar an tír sin a thuilleadh, an bhfuil?

Tá an baol ann, feictear domsa, go dtabharfaí sceimhlitheoir ar dhuine ar bith nó ar dhíorma ar bith a chuirfeadh in aghaidh svae cultúrtha na hImpireachta Angla-Mhericeánaí. Ar ndóigh, ní maith leis an Impireacht Angla-Mheiriceánach go dtabharfaí impireacht uirthi sa chéad áit.

Slogann an Béarla teangacha eile. Thug an Ghaeilge focail ar nós whisky, smithereens agus (más fíor) didjeridoo don Bhéarla.

Ach má cheapann an Béarla go bhfuil sé in ann gach aon rud a rá agus gach aon rud a ghlacadh chuige féin, tá breall air.

Tá focal acu in Tierra del Fuego agus níl aon Bhéarla air – agus ní bheidh. Bhíos chomh tógtha leis an bhfocal áirithe sin gur scríobhas dáinín beag neamhurchóideach ina thaobh dar teideal Focal: Focal atá acu in Tierra del Fuego:/Mamihlapinatapai -/Féachaint ar a chéile, an gníomh sin./Ag súil go ndéanfaidh/Páirtí éigin díobh/Rud éigin atá inmhianaithe/(Dar leis an dá pháirtí)/ Ach nach bhfuil fonn rómhór/Ar cheachtar den dá pháirtí sin/ A dhéanamh.

Tá scata focal ag an Duinníneach agus ní rachaidh siad isteach sa Bhéarla go deo. “Turcaí”, cuir i gcás. Is é an turcaí a stopfaidh síorleathnú an Bhéarla!

Is é is turcaí ann ná “a slang word for a beast kept by a (cow)herd in mountain pasture for his own benefit or without the knowledge of his master.” Nach deas é!

Focail eile nach bhfuil sa Bhéarla, agus nach mbeidh, mar nach bhfuil an Béarlóir in ann a theanga a chur timpeall orthu, é sin nó gan aon spéis aige sa choincheap nó taithí aige air: cualacino, focal Iodáilise a chiallaíonn an marc a fhágann gloine fhuar ar an mbord.

Focal atá acu i nGaeltacht na hAlban: sgriob, tochas ar an mbeol uachtarach sula n-óltar súimín fuisce. Agus ná dearmad an focal llunga, focal Tshiluba, teanga a labhraítear sa Chongó: duine a mhaithfeadh rud ar bith duit uair amháin, a chuirfeadh suas leis an dara huair ach sin an méid, níl an tríú seans agat.

Cualcino, sgriob, turcaí, llunga, mamihlapinatapai – cuid den armlón treallchogaíochta in aghaidh an Bhéarla is ea iad. Ní maith liomsa an míleatachas. Ach tá sé nádúrtha agus inghlactha tú féin a chosaint má tá tú faoi ionsaí, nach bhfuil?

Bhí an dúspéis riamh agam san ábhar seo. Ní hionadh mar sin go mbeadh spléachadh faighte agam ar cháipéisí ar nós an British Council Report 1983-84 ina bhfuil an méid seo a leanas: “Our language is our greatest asset, greater than North Sea Oil and the supply is inexhaustible ... we need to invest in and exploit to the full this God-given asset.”

Spéisiúil, nach bhfuil? Acmhainn ó Dhia! Má tá Dia ar do thaobh, cén seans atá ag an gcuid eile?

Idir an dá linn, tá na Gearmánaigh an-bhuartha faoin teanga nua atá ag borradh ina measc, Denglish!

I gcúrsaí ceoil, i gcúrsaí spóirt, i gcúrsaí faisin agus i gcúrsaí ríomhaireachta tá an Denglish in uachtar agus líon na bhfocal nuachumtha Gearmáinise ag dul i laghad an t-am ar fad.

Sampla: “Ich musste den Computer rebooten, weil die Software gecrasht ist.” (B’éigean dom an ríomhaire a athbhútáil toisc gur thuairteáil na bogearraí.)

Tá slí eile chun an Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna, dar liom, agus is é atá á mholadh agam ná go múinfí do dhaltaí go bhfuil dualgas orthu an domhan a chosaint ar an aonteangachas.

Iad a bheith ina laochra cultúrtha agus teanga chun todhchaí an domhain a chinntiú.

Teastaíonn ó an-chuid daoine óga an míol mór a chosaint, i measc go leor rudaí eile. Oibrímis ar an idéalachas sin. Bí líofa sa Ghaeilge agus cosain an domhan! Conas?

Is fiú tuairimí Hermann H. Dieter a léamh ina thaobh sin, duine de na saineolaithe a bhfuil aiste leis sa leabhar Cultural Imperialism (2005, in eagar ag Bernd Hamm agus Russell Charles Smandych).

Deir Dieter gurb é atá i bhfoclóir teanga ar bith ná cód géinchultúrtha (nó “genocultural code”) na ndaoine a chruthaigh agus a úsáideann an teanga sin. Caithfear na cóid ghéinchultúrtha sin a chosaint ar an aonteangachas.

Is iad na cóid sin a ligeann dúinn an domhan a léamh agus a thuiscint. Caithfear iad a chosaint. Ar ais nó ar éigean.

Níl aon rogha againn.