An bho bhocht

Crobhingne: Is cosúil gur cuireadh bó i bpríosún le déanaí sa Cholóim de bharr gurbh í faoi dear timpiste bóthair.

Crobhingne: Is cosúil gur cuireadh bó i bpríosún le déanaí sa Cholóim de bharr gurbh í faoi dear timpiste bóthair.

Chrúbaigh sí amach ar an mbealach mór agus a heireaball in airde i mbun a cúraim agus is amhlaidh gur leag sí mótar-rothaí ban ag dul na slí. N'fheadar fós an bhfuiltear chun an bhó a chur faoi thriail nó í a chur chun an tseamlais láithreach bonn baill gan cead cosanta a bheith aici.

Ní haon ní nua é ainmhithe a thabhairt os comhair na cúirte agus iad a chiontú. Roimh réabhlóid na Fraince sula dtáinig an réasún i réim níor neamhchoitianta an feic í an bhéist, nó an mhuc, nó an t-each a tharraingt i láthair an bhinse agus a chuid mísce a aifear air.

Níl aon fhírinne sa ráfla go bhfuil an tAire Mhic an Deabhail ag iarraidh an nós seo de chuid na meánaoiseanna a thabhairt ar ais d'fhonn tobar airgid eile a sholáthar do dhlíodóirí. Go fóill, ar aon nós.

READ MORE

Ina choinne sin, is léir go bhfuil ardmheas aige féin agus ag a chuid cairde sna PDeamhna agus lucht a bpáirte i ndlíthe seo na meánaoiseanna. B'ait leat sin agus a thugthacht agus atá siad do 'riail an dlí'.

Frása folamh é sin, ar ndóigh, mar ní deirtear riamh linn an dlí le ceart nó dlí le héigeart atá ann. Ní gan chúis atá deighilt idir 'dlí' agus 'ceart' sa Ghaeilge, nuair is focal amháin Francbhéarla é an 'justice'.

Ach oiread le haon duine eile a bhfuil an ruainnín is lú céille aige, ní chreidim gur ar saoire iascaigh a bhí 'Triúr na Colóime' agus iad ar a gcamchuaird sa tír sin thall. Ní móide ach oiread gur ag tóraíocht an tseabhaic thóinghoirm a bhí siad, éan atá ag dul i ngainne sna bólaí sin.

Ná, go deimhin, ag fionnachtan cearta daonna an rialtais úd mar ba dheacair iad a fháil; ná ag ceannach drugaí don UVF d'fhonn a ndíol ar shráideanna naofa Bhéal Feirste; ná ag iarraidh an FARC a oiliúint i gcúrsaí cogaidh, mar is beag a bheadh le foghlaim ag an dream céanna sin uathu.

Is é is dóichíde ar fad ná gur ag déanamh naisc a bhí siad, ar leibhéal éigin de leibhéil éagsúla na gciseal ceangail gan áireamh, le dream daoine a shamhlaigh siad a bheith ar aon chomhrian leo féin.

Más peaca é sin, is peaca é, agus más in aghaidh an dlí atá níor cruthaíodh sa chúirt oscailte. Is fuar ar fad an rud is dóigh liomsa im chroí istigh nó an nod-nod agus an sunc uillinne agus an faiteadh súl agus an deatach gan tine agus an dóchúlacht gan daingne, is fuar ar fad iad ar chlár an dlí.

Ach go minic is iad na daoine is airde dlí is lúide fianaise nuair a nochtann fiacla a gcuid claonta féin.

Asal is ea an dlí, agus amadán, agus anchúinsí nuair nach mbaineann le tuiscint is airde ná é.

Tá reacht in áiteanna in Albain go bhfuil sé in aghaidh an dlí bó a bheith id sheilbh agus tú ar meisce, bíodh is nach bhfuil sé soiléir gur ar son sláinte na bó nó an duine don dlí sin; bhí cosc ar mhálaí páipéir san Afganastáin faoin Taliban ar eagla gur den Chóran a bhí na málaí déanta; mídhleathach atá sé i mBangkok an teach a fhágaint gan fo-éadaí a bheith ort, cé nach bhfuil sé deimhnitheach conas a dhéanfar é seo a thástáil; in Singapore níl ceadaithe guma coganta a chogan ar son caitheamh aimsire, ach tá sé ceart go leor lánghob de a mhungailt ar son sláinte géille agus fiacla; san Araib Shádach tá cosc iomlán ar aon sórt teagmhála comhghnéasaí agus is féidir a phionósú le sciúrsáil fuipe, rud a fhágann gurbh fhearr an Araib Shádaisteach a thabhairt uirthi mar thír; níl sé soiléir, áfach, cén pionós atá dlite don duine a bhaineann pléisiúr as an bhfuip agus as an sciúrsáil chéanna.

Is í an cheist is mó a mhúsclaíonn fadhb 'thriúr na Colóime' ná cad iad na tíortha a bhfuil stát na hÉireann sásta a gcuid saoránach a eiseachadadh chucu. Fág go bhfuil sé in aghaidh Coinbhinsean Cearta Daonna na hEorpa duine ar bith a chur thar loch amach chun stáit a gcleachtaítear pianpháis agus brúidiulachta in aghaidh príosúnach ann, agus nach léir go bhfuil an cnota beag solasmhar sin buailte isteach in aigne thiubh na bPDeamhna agus Fhine Ghoul fós, cad iad na réimis eile a mbeimis toilteanach ár gcuid fear agus ban a chur ar láimh chucu? An gcuirfeá mionaoiseach, nó páiste Éireannach chun na Stát Aontaithe nó chun na Síne, mar shampla, an t-aon dá thír ar domhan a chuir leanaí chun báis le cead an dlí anuraidh?

Uaireanta, b'fhearr bheith id bhó thall ná id neach abhus.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar