an buama beasach

Beocheist: "Dia daoibh agus fáilte romhaibh go Big Boom, an seó a chraolann cogadh beo chugaibh 24 uair sa lá chun nach gcaillfidh…

Beocheist: "Dia daoibh agus fáilte romhaibh go Big Boom, an seó a chraolann cogadh beo chugaibh 24 uair sa lá chun nach gcaillfidh sibh oiread is deoir amháin den doirteadh fola is deireanaí san Iaráic.

Anseo liom sa stiúideo chun cur lenár n-eolas faoina bhfuil ag tarlú, tá an Dr. Rufus Gelt, Ollamh le Brúidiúlacht Dhomhanda i gColáiste Staidéir na Straitéise, Condolence, Arizona agus an t-iar-Ghinearál Jocelyn Gore-Bloodworthy, Ollamh le Léirscrios, an Coláiste Ríoga Míleata, Aldershot.

"Más féidir linn tosú leatsa, a dhochtúir, an bhfuil leibhéal na brúidiúlachta ard go leor chun aidhmeanna Mheiriceá a bhaint amach?"

"Bhuel, a Jonathan, is pribhléid liom gur mhair mé chun brúidiúlacht atá tugtha chuig an leibhéal seo foirfeachta a fheiceáil. Bhí sé seo doshamhlaithe deich mbliana ó shin!"

READ MORE

"A Ghinearáil, i do leabhar Ag déanamh baintreach dom, scríobh tusa go mbraitheann eirleach éifeachtach ar an armlón a bhíonn ar fáil duit. Is dócha nach raibh airm níos cumhachtaí ag aon arm agus atá ag na comhghuaillithe?"

"Is fíor sin, go háirithe na buamaí nua atá ar fáil. Mar a deirtear: an buama nach bhfuil láidir ní folair dó bheith glic. Cuimhneoidh daoine, mar shampla, gur úsáideadh an 'buama cliste' ar dtús sa gcogadh deireanach san Iaráic. Bhuel tá forbairt bhreise déanta ar an mbuama sin agus anois is 'buama sár-chliste' atá ann. Ní amháin go bhfuil na buamaí nua seo chomh cruinn sin gur féidir leo tuirlingt ar thóin chiaróige, ach san am a thógann sé orthu an targaid a bhaint amach, is féidir leo ceithre chrosfhocal de chuid an Sunday Times a dhéanamh agus an toradh a fhaicseáil abhaile.Táimid ag smaoineamh ar cheann eile díobh a rith sa chéad toghchán eile don Uachtarántacht."

"A dhochtúir, tá sé dochreite go bhfuil gléasanna cogaidh againn anois a dhéanann scrios níos mó in aon oíche amháin ná mar a rinneadh in aon seachtain amháin sa gcogadh domhanda deireanach."

"Míorúilt atá ann go bhfuil an tsamhlaíocht agus na hacmhainní ag an gcine daonne fós gléasanna léirscriosta mar seo a cheapadh. Tá an bhrúidiúlacht ardaithe ag an sórt trealaimh seo go dtí leibhéal na healaíne."

"Gabh mo leithscéal, a aoínna, ach tá scannán ag teacht isteach d'ionsaí le buamaí ar mhonarcha a thairgíonn croiméil bhréagacha i lár Bhagdad...targaid an-tábhachtach a bheadh ann, a Ghinearáil?"

"Ó gan dabht. Tá sé an-deacair Saddam Hussein a aimsiú fad is a bhíonn croiméil bhréagacha á gcaitheamh ag a leath de phobal na hIaráice, mná san áireamh."

"Céard faoi na hearráidí atá déanta ag na comhghuaillithe, na trí héalacaptar agus a raibh iontu, an t-eitleán Briotanach a scrios diúracán Patriot, an saighdiúir Meiriceánach a chuaigh le craobhacha agus a chaith gránáidí isteach i bpuball a chuid comrádaithe?"

"Bhuel, tarlaíonn na rudaí beaga seo. Ní haon taisme é gurbh í foireann ambasáid na Síne a d'fhág Bagdad ar dtús nuair a fógraíodh go raibh na Meiriceánaigh ag teacht. Cuimhneoidh daoine ar an mbuama cliste a leag ambasáid na Síne sa mBéalgrád mar go raibh léarscáil turasóireachta as dáta á úsáid ag an CIA."

"A Ghinearáil, an féidir na buamaí seo a shárú, dáiríre?"

"Bhuel, bhí an buama cliste agus an buama sár-chliste againn ach bhí taighde ar siúl ar bhuama nua a d'fhágfadh na cinn sin in áit na leithphingne."

"Céard é an buama sin?"

"Is é an 'buama béasach' atá i gceist. Tá cumas an bhuama shár-chliste aige ach tá breis forbartha déanta air."

"Cén fáth 'béasach' a Ghinearáil?"

"Bhuel cosúil leis an mbuama cliste, is féidir leis an mbuama béasach eitilt trí na sráideanna ag airde ocht dtroigh den talamh. Ach éagosúil leis na cinn eile, tá guth aige agus, beannaíonn sé go caoin do gach duine ina dteanga féin fad is a bhíonn sé ag dul thar bráid. Ní hamháin sin ach stopann sé ag soilsí tráchta má bhíonn siad dearg nó má bhíonn seanbhean ag iarraidh an bóthar a thrasnú. Nuair a bhaineann sé a thargaid amach, stopann sé, fós ar eitilt, cnagann sé ar an doras agus fiafraíonn sé den áitreabhach: "An bhfuil Saddam istigh?" Má insíonn fear mó bean an tí bréag, tá gléasra sa mbuama béasach a aithneoidh é sin agus pléascfar an áit as a chéile."

"Agus an bhfuil an buama iontach seo agus a chumas bréagadóirí a aithint triallta os comhair an uachtaráin agus an ardcheannfoirt Tommy Franks go fóill?"

"Níl. Bheadh sé sin i bhfad róchontúirteach."