An choir in uachtar

Beocheist: Young petty criminals are not in the least afraid of the forces of law and order, writes Máiréad Ní Chinnéide…

Beocheist: Young petty criminals are not in the least afraid of the forces of law and order, writes Máiréad Ní Chinnéide

Anuraidh sciobadh mo sparán uaim. Ag teacht abhaile ón siopa áitiúil a bhí mé, an nuachtán i lámh amháin agus an sparán i lámh eile.

Scinn ógánach tharam ar rothar agus sciob an sparán as mo lámh. Lig mé béic asam agus tháinig fear a bhí ag obair ar láthair tógála chun fáil amach cad é a bhí cearr.

Bhí sé in am chun an rothar a fheiceáil ag dul timpeall an chúinne. Bhí fón póca aige agus ghlaoigh sé ar na gardaí. Laistigh de chúig nóiméad bhí scuadcharr ar an láthair, beirt ghardaí ann, agus d'inis mé mo scéal dóibh. Rinne siad amach gur dócha go rachadh an gadaí ar droichead coise thar an mótarbhealach agus labhair an tiománaí le scuadcharr eile.

READ MORE

Stop an scuadcharr eile ógánach ar rothar ag an taobh thall den droichead ach gan cruthúnas ar bith air gur liomsa an £15 a fuarthas ina phóca. D'iarr na gardaí sa chéad scuadcharr ormsa agus ar an tógálaí dul go dtí an stáisiún leo.

Díreach romhainn i gcarrchlós an stáisiúin bhí an scuadcharr ina raibh an t-ógánach. D'éirigh sé amach as an charr agus is é an chéad rud a rinne sé ná a chloigeann a bhualadh ar dhíon an chairr.

"Cuirfidh sé inár leith gur muidne a bhuail é," a dúirt duine de na gardaí.

Tugadh isteach sa stáisiún doras amháin é agus sinne doras eile. Iarradh orainn amharc air tríd fhuinneog bheag agus a dheimhniú gurbh é an té a ghoid an sparán é.

Sin déanta, iarradh orainn teacht ar ais go dtí an stáisiún an lá dár gcionn chun ráiteas a dhéanamh.

Cé go raibh mé cinnte go raibh an duine ceart gafa ní raibh fonn orm filleadh chun an ráiteas a dhéanamh.

Faoin am sin mhothaigh mé go raibh barraíocht ama agus fuinnimh de chuid an Gharda caite ar choir bheag shuarach amháin nuair a bhí coireanna i bhfad níos tromchúisí á ndéanamh.

Ag an am céanna, bhraith mé go raibh tús curtha le próiseas a raibh mé gafa ann agus nach bhféadfainn stop a chur leis. Leis an fhírinne a dhéanamh, mhothaigh mé amhail is a bhí páirt agam i gceann de na sraithchláracha teilifíse sin faoi imeachtaí bheairic póilíní.

D'fhill mé ar an stáisiún. Rinne mé mo ráiteas agus shínigh mé é agus focal níor chuala mé faoin eachtra ó shin.

Tháinig sé ar ais chun cuimhne agam, ámh, nuair a léigh mé tamall ó shin go raibh suirbhé á dhéanamh maidir le dearcadh an phobail i leith an Gharda Síochána.

Níor iarradh mo thuairim riamh i suirbhé den saghas agus ní raibh mé ag súil go mbeinn i measc na ndaoine a roghnófaí chun sraith ceisteanna a fhreagairt faoi theagmháil ar bith a bhí acu leis na gardaí.

Ach chuir an scéal ag smaoineamh mé ar an ócáid sin nuair a goideadh mo sparán.

Ní thiocfadh liom gearán ar bith a dhéanamh faoi éifeacht na ngardaí.

Tháinig siad nuair a cuireadh fios orthu agus rug siad ar an ghadaí agus mura ndeachaigh siad ar aghaidh leis an chás is cinnte go raibh cúis fhónta acu chun gan sin a dhéanamh.

Ach is é an rud is mó a ghoill orm ag an am ná an naimhdeas a léirigh an t-ógánach ina leith.

Cé nach raibh sé níos mó ná 14 bliain d'aois ba léir óna iompar nach raibh scáth ná eagla air roimh na gardaí.

Le linn dom bheith ag fanacht sa stáisiún, tugadh isteach triúr eile a raibh an t-iompar céanna acu.

Tuigeadh dom ansin an bhearna mhillteanach mhór atá ann idir na fórsaí dlí agus cirt agus glúin óg atá gafa le mionchoiriúlacht.

Feictear do na daoine óga seo go bhfuil na gardaí ann chun lucht an rachmais a chosaint.

Feictear do na gardaí, a bhfuil a bhformhór neamharmtha go fóill, go bhfuil na coirpigh óga a mbíonn siad ag plé leo, níos dainséaraí ná mar a bhí riamh agus téann siad i mbun na láimhe láidre.

Ach mura ndéantar rud éigin chun an bhearna eatarthu a dhúnadh is i mbun mórchoiriúlachta a bheidh na daoine óga sin i gcionn cúpla bliain eile.