An culdoras

Crobhingne: Amach an cúldoras a d'imigh Alasdair an Chaimbhéil ó uimhir a deich Sráid an Dúnaigh le déanaí

Crobhingne: Amach an cúldoras a d'imigh Alasdair an Chaimbhéil ó uimhir a deich Sráid an Dúnaigh le déanaí. Is maith mar a d'oir óir is ag an gcúldoras a dheineadh sé formhór a chuid oibre, agus is maith mar a tháinig an sloinne dó.

Caimbeulaigh Alban is iad a bhíodh i gcónaí dílis don chúirt agus do na leacracha sleamhaine. Tá port ceoil ann dar teideal "The Campbells are coming" ach is dócha go bhfuil a mhalairt, leis, ann, ar nós fear Thír Eoghain adúirt leis an gCiarraíoch lasmuigh de Pháirc an Chrócaigh: "Thy Kingdom is gone!"

Tá boladh ábhairín salach, blas amhrastúil ar an gcúldoras. Is eol dúinn na caipitlithe ramhra ag triall chun doras pháláis Theach Laighean agus a gcuid málaí móra donna faoina n-ascaill acu. Na polaiteoirí ag tál na milliún orthu i bhfoirm faoiseamh cánach agus deontas saillmheara. Gan é seo a bheith san díospóireacht phoiblí suas is anuas le hairgead suarach múinteoirí, banaltraí, státseirbhíseach. Sa chás seo is annamh na miondaoine chun an phríomhdhorais, agus na huaisle chun an chúldorais.

Is é an cúldoras an áit nár cheart duit a bheith, an pasáiste thiar, an tslí fholaigh, an bealach cam. Is í an áit í a gcaitheann tú spéaclaí gréine dubha agus bréagfheisteas. I nGaeilge na hAlban is é is 'siteag' ann carn aoiligh lasmuigh den chúldoras, ach gur bean óg álainn é freisin, rud a mhúsclaíonn fiafraithe ionainn.

READ MORE

Ach níor ghá gur drochbhall é an cúldoras ach an oiread. Is cuma nó seift é don té atá gan beart díreach, agus sin é an chuid is mó againn. Is í an íoróin í don té nach bhfuil cead cainte aige, an fhilíocht don té gan phrós; an coinleach don duine gan stáca, Liatroim don neach nach bhfuil Toscana aige, agus a bhua féin ag gach aon cheann díobh.

Bhuaigh An Danmhairg Craobh Sacair na hEorpa suim bhlianta ó shin tar éis gur scaoileadh isteach iad nuair a caitheadh an tsean-Iúgsláiv amach de dhroim dúnmharfa agus cinedhíothaithe. Ullmhú ná ullmhú ní raibh déanta acu, síceolaí spóirt ní raibh in aice a gcampa, plean straitéiseach ná scéim bheartaíochta ní raibh i bhfearas acu. Chuaigh siad chuige le fuinneamh agus le filíocht agus scuab an t-iomlán meonréitithe réamheolach i leataoibh.

Ar an gcuma chéanna bhain Uí bhFailí craobh Éireann ealaíonta na hIomána, agus Gaillimh craobh na caideolaíochta crúbaí ó d'oscail An Cumann Lúthchleas Gael a gcuid geataí dóibh siúd ar briseadh orthu sa ghéim cheana. Is iad atá buíoch a bheith ina mbacaigh slí seachas a bheith ina ridirí an bhealaigh mhóir. An 'cúldoras' a bhaist tráchtairí ar an modh sin le tarcaisne, ach 'bóthar na farraige' a bhí ag daoine eile air.

Mar sheachabairtí anseo, ach ní gan chúis, is fiú a lua gur samhail é an spórt ar an saol go léir. An chothroime agus an éagothroime in earraid le chéile; rialacha an duine ag iarraidh ainriail an tsaoil a thabhairt chun míntíreachais. Buile fhileata na beatha ag casadh leis an gceann is fearr a fháil ar chóiriú cóir an duine rialta.

Is beag rud is éagothroime ná an spórt. Daoine gona mbuanna síodúla iomaí in aghaidh clann na gcos amscaí agus na n-ordóg tiubh. Tíortha saibhre in aghaidh na ndonán bocht. Mór-ilchríocha i gcoinne prionsabáltachtaí suaracha. Formhór an ama ní féidir faic a dhéanamh faoi seo. Aitheantas é go bhfuil idir phríomhdhoirse agus thaobhdhoirse agus chúldhoirse isteach. Ach ar a laghad ba chóir go mbeadh caoi ag daoine teacht go dtí ceann an phasáiste.

Nuair a bhí na Gearmánaigh ag réabadh leo trí Stalingrad tuairiscíonn Anthony Beavor go raibh siad ag teacht isteach ar phríomhdhoras de mhonarcha tancanna fad is a bhí na tancanna nua-dhéanta Rúiseacha ag dul amach an doras cúil ag an am gcéanna. B'é an cúldoras sin a lig dóibh dul soir thart ar an gcath Volga agus anoir arís d'fhonn arm na nGearmánach a chloí. Níor chúldoras go dtí é.

Is ag an gcúldoras atá formhór an tsaoil lasmuigh. In ainneoin an daonlathais thall is abhus is é an t-airgead a fhaigheann an cead isteach san halla leis an mbuitléir agus leis an ngiolla. É sin agus an blas ceart, agus an íomhá shlíoctha, agus an carbhat oiriúnach, agus an cumann cóir, agus an ceangal abhus, agus an chabaireacht thall, agus an cara sa chúirt, agus an chaint sa sparán.

B'fhearr liom comhdhoras do chách seachas a bheith gan doras ar bith, ach is fearr é an cúldoras le samhlaíocht ná a bheith ar an tsitig gan dínit.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar