An da phobal

Crobhinge: Nuair a thosnaigh 'na trioblóidí' i sé chontaetha thuaisceart na hÉireann bhí leisce ar thráchtairí a n-ainm is a…

Crobhinge: Nuair a thosnaigh 'na trioblóidí' i sé chontaetha thuaisceart na hÉireann bhí leisce ar thráchtairí a n-ainm is a sloinne a thabhairt don dá mhuintir a bhí i gcomhghleic lena chéile.

Ní foláir nó gurbh é an t-aon aighneas amháin ar domhan é nach bhfeadair aon duine cad iad an dá phobal a bhí i gceist.

Is amhlaidh gur tuigeadh go rómhaith cérbh iad gach dream ar bith díobh, gan amhras, ach ní raibh aon fhriotal a rabhthas ar aon fhocal ina thaobh le trácht a dhéanamh ar lucht na caismirte.

Tá an chuma air gur mar sin atá sé fós. Sna cáipéisí a tháltar chugainn ó innealra an dá stát tráchtar i gcónaí ar 'an dá phobal'. Ar feadh is feasach do dhuine, d'fhéadfadh gur lucht na n-uibheacha tóinchothrom agus lucht na n-uibheacha biorphrumpa iad. Nó lucht leanúna Ard Mhacha agus Thír Eoghain, mar is dhá phobal iad sin go dearfach. Sna blianta tosaigh sin ar thagair mé dóibh thugadh tráchtairí RTÉ 'an tromlach' agus 'an mionlach' orthu, faoi mar a bheadh scáth orthu dul amach ar thalamh contúirteach an ainmniúcháin.

READ MORE

Ina dhiaidh sin is uile, déarfadh duine ar bith ar do shiúlta duit ar an bhfearann claímh sin, go ndéanfadh sé duine den phobal eile a aithint gan doic ar a shiúl, ar a ghothaí, ar mhaig a chinn, ar an bhféachaint ina shúile.

Tá fadhb le gach lipéad dá músclaítear. Deir poblachtánaigh gurb 'Éireannaigh' gach duine thoir-thuaidh, ach séanann an drong eile don teideal fad is atá aprún an bhúistéara á fháisceadh níos dlúithe acu timpeall orthu féin. Maíonn lucht na haontachta gur 'Briotanaigh' gach duine mar gur saolaíodh iad ar fad faoi spéartha na banríona - agus go fiú má aontaíonn beagaicme abhus leo a bhfuil meon na críchdheighilte tar éis fáis ina measc - seans maith gur leor an tUachtarán a lua, agus dán Seamus Heaney ar ghlaise a phais d'fhonn corc a chur iontu.

Is 'náisiúntóirí' iad an dá phobal, agus 'aontachtóirí', leis, ach gur náisiúin éagsúla atá i gceist agus aontais dhifriúla a shantaítear.

Téarmaí stairiúla is mó iad 'plandóirí' agus 'bundúchasaigh', bíodh is nach gceapfá é sin ar uaire, agus poblachtánach den chéad scoth ba ea Cromail ar an gcuma gur rí dall dúr caoch ba ea an dara Séamas agus ríogaithe a lucht leanúna. Ná ní 'finíní' ná 'oráistigh' iad muintir an dá phobal, ná 'Gaeil' agus 'Gaill' dá mhéid an fuadar chuige sin ó am go chéile. Agus is deimhnitheach nach Caitlicigh agus Protasúnaigh iad ag aighneas faoi fhírinne an Aifrinn nó ceartfhoirmeacha na leabhar urnaithe.

Ach is é sin an téarma is coitinne a úsáidtear mar nod dúinn idir oifigiúil agus neamhoifigiúil. San Tuarascáil a chuir an Coimisiún um Bhille Cearta le chéile don Tuaisceart, breis agus céad leathanach ramhra go leith ar fad, seachnaíonn siad lua ar bith a dhéanamh ar cé eatarthu atá an t-aighneas. Seachnaíonn siad é go deas réidh leis an dtagairt neodrach síos siar don 'dá phobal'. Seachnaíonn siad é go dtí deireadh na tuarascála amuigh nuair a chaitheann siad dul i ngleic leis an ngnó, agus is ansin a tharraingíonn siad 'Caitlicigh' agus 'Protastúnaigh' chucu féin ceal a bharr d'ainm a bheith acu.

Dhá phobal daoine a labhrann an teanga chéanna - fág díograiseoirí na Gaeilge as an áireamh go fóill agus roinnt seandaoine timpeall ar Bhruach Sheáin nár thuig gur Ultais a bhí á labhairt acu go dtí le déanaí. Dhá phobal daoine a shiúlann na sráideanna céanna (seachas sa samhradh), a ghliúcaíonn ar na sobaldhrámaí céanna (ach Ros na Rún), a alpann bia ar aon dul (ach ní san áit chéanna), a bhfuil dealramh comhchosúil orthu (dar linn).

Ach is ar éigean go bhféadfadh siad a bheith níos mó ar deighilt óna chéile. Fág an vótáil, agus an mháirseáil, agus an chluichíocht i leataoibh, is leathan agus is fairsing an difríocht a léirítear maidir lena dtoil do Bhille Cearta.

I ngach aon cheist a cuireadh ar an dá phobal maidir le hinmhianaitheacht chosaint agus bhuanú cearta daonna, idir oideachas, agus theanga, agus chothromaíocht deiseanna, agus bhan, agus pháistí agus reiligiún, agus pháirtíocht pholaitiúil, agus pé rud is maith leat, bhí difríocht shuaithinseach idir an dá ghrúpa. Dream amháin go tréan láidir ar son fealsúnacht na gceart; agus an dream eile go lag agus go huisciúil ina taobh.

B'fhéidir gurb é seo is mó a leithríonn an dá phobal óna chéile, difríocht is doimhne agus is dorcha ná suaitheantais ná siombail ar bith.