An ghrian agus an Ghaeilge ag siúl le chéile lámh ar lámh

AR THEACHT an tsamhraidh gach aon bhliain, tig cumha ar mo chroí… Fan. Ní hé

AR THEACHT an tsamhraidh gach aon bhliain, tig cumha ar mo chroí… Fan. Ní hé. Ar theacht an tsamhraidh gach aon bhliain, tig tuirse ar mo chroí nó chomh luath agus a fhaigheann muid an chéad spléachadh ar an rud mistéireach sin – an ghrian – líonann na nuachtáin le scéalta faoin Ghaeilge.

Sea, más í an fháinleog an chéad chomhartha cinnte den samhradh faoin tuath, is iad na scéalta faoin Ghaeilge agus an ardteist nó faoi fhiúntas na Gaeilge nó faoi mhífhiúntas na Gaeilge nó faoi chostas mhífhiúntas na Gaeilge an chéad chomhartha go bhfuil an samhradh i ndiaidh é féin a fhógairt ar na meáin chumarsáide.

Tá 13 bliain caite agam leis an nuachtán faoi seo – sea, iontas orm féin fosta – agus ní cuimhin liom bliain ar bith nach raibh “conspóid” nó “díospóireacht” éigin faoin teanga ar na meáin i dtrátha an ama seo.

Níorbh fhada ó bhí an cheist faoi chaibidil ar tv3 agus tháinig an t-ábhar céanna chun cinn ar The Frontlinear RTÉ an tseachtain seo caite.

READ MORE

Bhí Pat Kenny ó RTÉ agus Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge ar bheirt a bhí ag caint. Caithfidh mé a admháil gur rith smaoineamh míthrócaireach liom gur cás de “all quiet on the western front” a bhí ann ó tharla go raibh an teanga anois ar an frontline.

Leoga, níorbh fhada go bhfuair an tuirse an lámh in uachtar orm nó bhí lá fada eile caite agam féin i dtrinse na teanga agus ní raibh fonn orm táin eile a thabhairt mar shaighdiúir sa chogadh gan chríoch canúna.

Rinne Kenny tagairt éigin do mhífhiúntas na teanga agus tú i ndiaidh taom croí a fhulaingt agus thuig mé láithreach dó. Is cinnte gur neamhthairbheach an ní briathra neamhrialta na Gaeilge, copail agus díochlaontaí agus tú i ndiaidh taom croí a fhulaingt. Ar an lámh eile de, is dócha gur beag seans go ndéarfá leat féin: “Buíochas do Dhia go bhfuil an ceadúnas teilifíse íochta agam; ba bhocht liom bás a fháil agus sin ar mo choinsias.”

Ach ní raibh Kenny ach ag déanamh tráchta d'fheiniméan traidisiúnta sa díospóireacht teanga – ár seanchara, airgead a chur amú ar Ghaeilge. Sea, murach an caiteachas a chuirtear amú ar Ghaeilge, is dócha go mbeadh córas sláinte in Éirinn a bheadh inchurtha le ceann na Sualainne nó bíodh is gur beag eolas atá agam ar an tSualainn – cúpla clár de chuid an bhleachtaire, Wallander, feicthe agam – chuirfinn geall leat gur beag airgead a chaitheann pobal na Sualainne ar an Ghaeilge (ná bac ollscoil Uppsala!) agus gurbh fhearrde díobh dá bharr sin.

Bíodh amhlaidh é. Cuirimis deireadh le teagasc na Gaeilge, le Foras na Gaeilge (le do thoil!), le heagrais Ghaeilge, le coláistí samhraidh agus le gach aon fhiontar róchostasach teanga agus rachaimis uilig a chónaí i dTír na hÓige, talamh draíochta na hÉireann ina mbeidh córas sláinte den scoth agus córas taistil den scoth agus córas oideachais (saor ó Ghaeilge) den scoth – agus é uilig díolta as an chiste a bhíodh ar fáil don Ghaeilge.

(Ní chreideann tú go bhfuil a leithéid d’áit ann? Is dócha gur tú an sórt duine nach gceannaíonn ticéad lotto!)

Agus ó tharla muid ag gearradh siar ar rudaí nach bhfuil de dhíth ort sa chás go mbuaileann tinneas thú, an féidir linn an Caravaggio clúiteach sin a dhíol agus saothar Jack Yeats ar fad? Is beag duine againn a chuirfeadh smaoineamh amú ar The taking of ChristMen of Destinyagus muid ar lorg dochtúra.

Leoga, nárbh fhearr otharlann a dhéanamh den dánlann náisiúnta agus ó tharla nach bhfuil feidhm le Gaeilge nach féidir linn gach múinteoir Fraincise, Spáinnise, Iodáilise agus Gearmáinise a bhriseadh as a bpostanna nó tagann lucht na dteangacha sin anseo le Béarla a fhoghlaim agus cén fáth go gcuirfimis an trioblóid orainn féin a gcuid teangacha a fhoghlaim sa chás sin?

Tá, gan amhras, luach otharlainne nua nó cúpla míle mótarbhealaigh le fáil as sábháil an airgid sin.