An Gúm as an áireamh do Ghradam Uí Shúilleabháin

NÍ BHEIDH aon leabhar de chuid An Ghúim san áireamh i mbliana le haghaidh leabhar na bliana do dhaoine fásta, Gradam Uí Shúilleabháin…

NÍ BHEIDH aon leabhar de chuid An Ghúim san áireamh i mbliana le haghaidh leabhar na bliana do dhaoine fásta, Gradam Uí Shúilleabháin, ná le haghaidh leabhar na bliana do dhaoine óga. Foilsítear thart faoi 130 leabhar Gaeilge gach bliain agus airítear an gradam mar shaghas Booker Prize na Gaeilge.

Dúirt cathaoirleach an Choiste Roghnaithe, Bláthnaid Uí Bhrádaigh go raibh "an-díomá ar an choiste nach bhfuil an Gúm, atá ar cheann de na comhlachtaí is torthúla, go mórmhór ó thaobh foilsiú leabhar do dhaoine óga, páirteach sa chomórtas".

Rinne Bord na Leabhar Gaeilge i gcomhair leis an Oireachtas athbhunú ar Ghradam Uí Shúilleabhain trí bliana ó shin agus é mar aidhm a léiriú don saol ardchaighdeán na leabhar Gaeilge atá á gcur ar fáil ag foilsitheoirí na Gaeilge agus iad a spreagadh chun breis iarrachtaí a dhéanamh.

Cinneadh suim shubstaintiúil airgid a chur ar fáil mar dhuaiseanna, €10,000 d'fhoilsitheoir an leabhair is fearr do dhaoine fásta agus €5,000 don údar agus €7,000 d'fhoilsitheoir an leabhair is fearr do dhaoine óga agus €3,000 don údar. Ceapadh coiste neamhspleách chun an rogha a dhéanamh. Ag an am is ón Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhí buiséad an bhoird ag teacht.

READ MORE

Ag tús na bliana seo, áfach, cuireadh Bord na Leabhar Gaeilge faoi scáth Fhoras na Gaeilge. Siocair an Gúm a bheith faoi scáth an Fhorais fosta níor ceadaíodh don eagras leabhar ar bith a chur isteach sa chomórtas ainneoin iarrachtaí Uí Bhrádaigh cur ina luí ar an Fhoras gur céim síos don ghradam gan leabhair an Ghúim bheith san iomaíocht.

Agus leabhair na bliana á meas cuirtear san áireamh fiúntas an ábhair, dearadh an leabhair, an leagan amach, caighdeán na clódóireachta agus an chaoi a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais léitheoireachta an phobail.

Fógróidh an coiste gearrliosta ag tús mhí Mheán an Fhómhair.

Moores Melodies

IS BEAG duine a tógadh sa tír seo nár chuala iomrá ar amhráin Thomas Moore nó Moores Melodiesar foilsíodh an chéad imleabhar díobh i 1808. Tá tuairimí éagsúla ann, ámh, faoi fhiúntas na Melodies céanna.

Táthar ann a chreideann gurb iad a d'adhain tine an náisiúnachais in Éirinn tar éis Acht na hAontachta i 1801 agus a thuill clú don údar agus don tír seo i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa le hamhráin ar nós The Last Rose of Summer.

Mheas daoine eile go raibh na foinn thraidisiúnta ar a bhunaigh Moore na hamhráin, curtha as a riocht ag Moore chun ábhar siamsaíochta a chur ar fáil don mheánaicme i mbailte móra na hÉireann agus Shasana. Bhí drochmheas ag poblachtaigh ar an náisiúnachas rómánsúil a chothaigh amhráin ar nós The Minstrel Boyagus The Harp that Once.

Pé tuairimí atá agat, is cinnte gur féidir leat cur le do chuid eolais trí chuairt a thabhairt ar thaispeántas fíorshuimiúil ar shaol agus ar shaothar Thomas Moore dar teideal " My Gentle Harp" atá ar siúl sa Seomra Tionóil Acadamh Ríoga na hÉireann, Sr Dásain, Baile Átha Cliath go dtí an Aoine 29ú Lúnasa.

Tá sé ar siúl mar chomóradh ar an dá chéad bliain ó foilsíodh an chéad imleabhar de na Melodies. Is ar an Acadamh a bhronn baintreach Moore a chuid leabhar tar éis bhás an fhile i 1852. Taispeántas ilmheáin (multimedia) atá ann agus is féidir éisteacht le taifeadadh a rinneadh i 1904 ar John McCormack agus cuid d'amhráin Moore á gcanadh aige nó féachaint ar an amhránaí sean-nóis, Iarla Ó Lionáird ar fhístéip agus é ag gabháil d'amhrán eile dá chuid ar a stíl féin.

Is díol suime fosta an cur síos ar an chomórtas a bhí ann i 1853 chun dealbhóir a choimisiniú chun íomhá chré-umha de Moore a thógáil ar Shráid an Choláiste i mBaile Átha Cliath.

D'fhéadfá smaoineamh ar bhealaí níos measa chun cúpla uair an chloig a chur isteach an samhradh fliuch seo.

Ceist chasta

BÍONN MÓRCHUID cainte ann faoi laige na matamataice agus na heolaíochta in Éirinn inniu. Ní mar sin a bhí lá dá raibh. Ó thús na Críostaíochta is fadhb é socrú dáta Dhomhnach na Cásca gach bliain ós é sin an lá is tábhachtaí sa bhliain ag Críostaithe.

Tá féile na Cásca bunaithe ar pesah (passover) na nIúdach agus ar theacht an Earraigh. Chun tús an Earraigh a chinntiú is gá réalteolaíocht agus matamaitic.

Bíonn córais éagsúla ríomhaireachta in úsáid chuige agus dátaí éagsúla ann dá bharr sin ag Críostaithe an Iarthair agus Críostaithe an Oirthir. Bhí Éireannaigh chun tosaigh sna cúrsaí seo ón 6ú haois ar aghaidh ag tosú le Naomh Columbanus a d'éag san Iodáil A.D. 615.

Beidh an dara comhdháil idirnáisiúnta "The Science of Computus in Ireland and Europe, A.D.500-1,100" ar siúl ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an deireadh seachtaine seo.

Seolfar leabhar nua le duine de na saineolaithe móra ar an ábhar seo, The Irish Annals: their genesis, evolution and history(Four Courts Press) le Dan McCarthy.

San Astráil a rugadh McCarthy. Agus é ina fhear óg agus é cáilithe san innealtóireacht leictreonach tháinig sé chun cónaí in Éirinn.

D'fhoghlaim sé an Ghaeilge agus le linn dó bheith ina léachtóir le hinnealtóireacht i gColáiste na Tríonóide, BÁC, chuir sé a shaintuiscint ríomhaireachta ag obair ar Annála na hÉireann agus réitigh fadhbanna ar chaith mórán daoine dua gan sásamh leo.

• Eolas: 091-492537

Cúram breise

TÁ CLÁR agus maoiniú an tionscnaimh Colmcille, le haistriú don dá ghníomhaireacht teanga, Foras na Gaeilge agus Bord na Gàidhlig in Albain.

Rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas an cinneadh i ndiaidh cruinniú i Léim an Mhadaidh, Co Dhoire, seachtain go leith ó shin.

Bunaíodh Colmcille i 1999 mar thionscnamh idir-rialtais chun malartú eolais agus tuiscint a chothú idir pobail labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.

Cuireadh scoláireachtaí ar fáil chun cabhrú le hÉireannaigh freastal ar chúrsaí Gàidhlig in Albain agus le hAlbanaigh freastal ar chúrsaí in Éirinn. Tugadh maoiniú do chomhfhiontair theilifíse agus raidió agus d'fhoilseacháin éagsúla.

Cuirfidh aistriú clár agus maoiniú Cholmcille go mór leis an ualach oibre atá ar an Fhoras a bhfuil neart cúraimí air cheana féin, ina measc maoiniú na n-eagras Gaeilge, tacú le hoideachas trí Ghaeilge agus le teagasc na Gaeilge, cúraimí foclóireachta, téarmaíochta agus foilsitheoireachta.

An bhfuil an fhoireann ag an Fhoras chun plé leis na cúraimí seo uilig?

aistriútransfer - amhránaísinger - córassystem - cúraimíresponsibilities - dearadhdesign - díomádisappointment - fiúntasworth - íomháimage - maoiniúfunding - náisiúnachasnationalism - neamhspleáchindependent - realteolaíochtastronomy - ríomhaireachtcomputation - ualachburden