An modh Eorpach

Beocheist: Tá Ljubljana na Slóivéine ar na príomhchathracha is deise san Aontas Eorpach

Beocheist: Tá Ljubljana na Slóivéine ar na príomhchathracha is deise san Aontas Eorpach. Is geall le cathair fabhalscéil an áit a dtugtar an tseanchathair uirthi.

Ina theannta sin, tá bunadh na háite múinte is dátheangach, tá na sráideanna glan agus tá an córas iompair poiblí éifeachtach.

Ní ionadh go mbítí á lua roimh mhéadú an Aontais gur threise geilleagar na Slóivéine ná geilleagar na Gréige is na Portaingéile.

Bhí toghcháin pharlaiminteacha ar siúl sa tSlóivéin ar 3ú Deireadh Fómhair agus is léir ó rudaí a thit amach go gairid roimh na toghcháin seo nach chomh hidéalach sin a bhí gach gné den saol sa tír bheag Alpach seo, tír nach bhfuil mar dhaonra aici ach ábhairín níos mó ná dhá mhilliún duine.

READ MORE

Tá aighneas teorann (idir thalamh is mhuir) idir an tSlóivéin is a comharsa Bhalcánach, an Chróit, agus bhí sé seo go mór i mbéal an phobail is na meán.

Tá an t-aighneas seo ar bun le corradh is deich mbliana ach díríodh aird air arís ag deireadh Mheán Fómhair nuair a rug póilíní de chuid na Cróite ar 12 Slóivéanach agus choinnigh iad mar gur dhiúltaigh siad cártaí céannachta a thaispeáint.

Ar ndóigh, bhí an dáréag seo - ceannaire páirtí amháin de chuid an fhreasúra ina measc - ar talamh a bhfuiltear in aighneas faoi.

Meastar gur gan vótaí na náisiúnaithe a chailliúint a thug ar an phríomh-aire, Anton Rop, labhairt amach chomh tréan sin in aghaidh ghníomh na tíre béal dorais.

Dúradh gur léirigh a ndearna na póilíní nach raibh an Chróit réidh le bheith ina mball den Aontas Eorpach go fóill is go mbeadh tacaíocht na Slóivéine do bhallraíocht na Cróite á tarraingt siar.

Chuir an Chróit rompu ballraíocht a bhaint amach i 2007. Ach, faoi rialacha an Aontais, tá ceart ag gach ballstát cosc a chur le hiontráil tíre eile.

Dá ghairbhe caint an phríomhaire i leith na Cróite, áfach, is ea is lú an buntáiste a bhain sé as. Bhí scorn ag meáin chumarsáide na Slóivéine lena ndúirt Rop is bhí focal géar le rá ag Javier Solana, a bhfuil cúram pholasaí eachtrach an Aontais air.

Chuir Solana in iúl gurbh iad comhrá is comhoibriú na modhanna Eorpacha le fadhbanna sa réigiún a réiteach agus go raibh dualgais ar bhallstáit i leith tíortha a bhí ag iarraidh ballraíocht a bhaint amach.

I ndiaidh na spraice seo maolaíodh ar an mbagairt a bhí déanta is mhaígh Rop gur chun leas na Slóivéine a bheadh ballraíocht na Cróite san Aontas. Ach ba le Rop a bhí an mí-ádh ag rith, dhealródh sé, mar níor ghnóthaigh an páirtí lárchlé aige, na Daonlathaithe Liobrálacha, líon vótaí a chuirfeadh ar ais i gcumhacht iad.

Ba é seo an ceathrú toghchán parlaiminteach ó fógraíodh neamhspleáchas na tíre i 1991 agus ó 1992 i leith, seachas sé mhí i 2000, ba iad na Daonlathaithe Liobrálacha a bhí mar phríomhpháirtí rialtais.

Ba é seo an páirtí a thug an tSlóivéin isteach i NATO agus san Aontas Eorpach, na haidhmeanna ba thábhachtaí le Slóivéanaigh le fada. Thairis sin, thug pobalbhreitheanna roimh an toghchán le fios go n-éireodh leis an gcomhrialtas leanúint ar aghaidh in oifig.

Cuireadh ionadh nár bheag, mar sin, ar roinnt breathnóirí nach bhfuair an páirtí ach 23 suíochán (as 90) i gcodarsnacht le 34 suíochán i dtoghchán na bliana 2000. Ba iad ba mhó a thairbhigh de mhírath na nDaonlathaithe Liobrálacha ná páirtí na lárdheise, na Daonlathaithe Sóisialta, a ghnóthaigh 29 suíochán, 15 níos mó ná an méid a gnóthaíodh i 2000.

Is é, is dóichí, mar sin gurb é ceannaire an pháirtí seo, Janez Jansa, a bheidh ina phríomh-aire. Chuir Jansa i leith an rialtais nár neartaíodh an eacnamaíocht, nár meadaíodh pinsean ná pá agus nach ndearnadh bonneagar an stáit a fheabhsú. Ní móide gurbh é an cáineadh seo a bhain an bonn de pháirtí Rop .

Agus dá mhéid an t-iontas a dhéanfaí de bhua na nDaonlathaithe Sóisialta, is ea is lú an difríocht a dhéanfar i gcúrsaí polaitíochta na Slóivéine.

Cé go bhfuil ráite ag Jansa go gcuirfear polasaithe nua i gcrích le dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an tír i gcomhthéacs NATO agus an Aontais, tá ráite aige chomh maith go leanfar ar aghaidh le hiarrachtaí an iar-rialtais an euro bheith mar airgeadra na tíre i 2007 agus comhlachtaí móra stáit a phríobháidiú.

Ach roimhe sin go léir, caithfear comhrialtas a chur le chéile. Agus, ina dhiaidh sin, beidh an t-aighneas leis an gcomharsa bhéal dorais fós le socrú.