An saol de réir Kafka

BEOCHEIST: Uaireanta dhealródh sé gurb é an saol de réir Kafka atá mar lón laethúil againn anseo in Éirinn agus ar fud an domhain…

BEOCHEIST:Uaireanta dhealródh sé gurb é an saol de réir Kafka atá mar lón laethúil againn anseo in Éirinn agus ar fud an domhain le deich mbliana anuas.

Níl imithe ach tréimhse an-ghearr ó bhí muid ar muin na muice agus ceadúnas "an mhadaidh bháin" ceannaithe againn. Bhí muintir an domhain ag triall ar an Eldorado nua agus dá molfá go gcuirfí suas nua-leagan de dhealbh "Liberty" i mbéal na Life agus "Give me your poor and huddled masses..." greanta air, gach seans go n-éisteofaí leat.

Bhuel d'imigh sin agus tháinig seo. Beagnach thar oíche, táimid i gceann de na géarchéimeanna airgeadais is mó riamh agus ní fada go n-inseoidh an tAire Airgeadais Brian Ó Luineacháin dúinn na híobairtí a chaithfidh muid go léir a dhéanamh chun éalú ón tubaiste seo. Ar feadh deich mbliana, bhí cead a cinn ag an tsaint sa Stát seo ach is orainne a thitfidh an bille anois.

I 1929, bhí m'athair féin, mar inimirceach óg nua i Nua Eabhrach, gafa sa tubaiste deireanach den chineál seo a bhuail Wall St. Chuaigh seisean, cosúil leis na mílte eile a fheictear i seanscannáin nuachta ón am, isteach go dtí ceanncheathrú an bhainc ina raibh gach dollar a shaothraigh sé sábháilte agus bhreathnaigh sé ar dhaoine ag bualadh ar na doirse dúnta. Ní bhíodh muinín riamh aige i mbancanna ina dhiaidh sin agus cé a thógfadh air é?

READ MORE

Le 20 bliain nó mar sin, théadh brú fola ghnáthmhuintir na tíre seo in airde gach uair go bhfógraíodh na bancanna Éireannacha a mbrabúis bhliantúla.

Bhíodh na billiúin euro i gceist, agus théadh na brabúis sin suas i gcomhréir leis na táillí a ghearrtaí ar chustaiméirí as seirbhís níos boichte a fháil. Tháinig an t-am nuair nach bhféadfá beannú d'oifigeach bainc gan táille a íoc agus, san am céanna, bhíodh brainsí á ndúnadh síos ar fud an Stáit scun scan ar mhianta na gcustaiméirí.

In aon tionscal eile, nuair a dhéanann fir ghnó dearmad ar scála an chinn a rinne cuid de na bancanna, ní bheadh aon dul as ach bancbhristeacht a fhógairt agus imeacht leo.

Sa leagan den saol de réir Kafka, áfach, ní hiad na bocanna móra a rinne na dearmaid agus na mílte euro dóibh féin a dhíolfaidh as. Níl oiread agus cloigeann amháin le feiceáil ar phláta go dtí seo.

Tar éis 20 bliain den gcaidreamh mífholláin gnóithe, nuair a thug baincéirí amach iasachtaí dá gcairde i dtionscal na forbartha (a chuir an costas ar aghaidh chuig daoine óga), is iad na cáiníocóirí atá chun an crios sábhála is costasaí riamh a chaitheamh chucu. Agus níor iarradh cead orthu é a dhéanamh.

Níl an scéal iomlán cloiste againn fós, is cosúil, faoin méid a dúradh leis an Rialtas an oíche gur chinn siad ar thacaíocht iomlán a thabhairt do na bancanna. Níl a fhios againn fós faoi líon na ndrochfhiacha atá ar a leabhair acu. Níl tuairim againn cé chomh gar don imeall agus a bhíomar. Ach caithfidh go raibh an fhaisnéis a tugadh scanrúil go leor le reachtaíocht éigeandála a bhaint as taobh istigh de chúpla lá.

Is léir nach raibh mórán rogha ag an Rialtas agus caithfear fanacht go bhfeicfidh muid an ndéanfaidh sé an beart. Ach ní bhaineann géire na héigeandála den tuairim atá a lán daoine go bhfuil rud éigin osréalaíoch faoin eachtra seo ar fad. An rud is osréalaí ar fad go bhfuiltear á dhéanamh chun a chur ar chumas na mbancanna airgead a fháil chun iasachtaí a thabhairt in athuair.

Tagann an t-amhrán a bhíodh acu sna seanhallaí ceoil chun cuimhne: "It's the same the whole world over/ It's the poor what gets the blame/ It's the rich what gets the gravy/ Ain't it all a bleeding shame."

Tá na scamaill eacnamaíocha ag bailiú, ní amháin, os cionn na hÉireann ach os cionn iarthar an domhain ar fad. Bhí banc Éireannach amháin, AIB, san fhaopach blianta ó shin agus bhí ar an Rialtas é a shábháil le hairgead na gcáiníocóirí. Níor bhain an Rialtas nó an cáiníocóir mórán tairbhe as sin agus ba bheag an buíochas a fuair siad dá bharr.

An t-am seo nuair a bhí na hinstitiúidí cumhachtacha seo i sáinn, tá gar ollmhór déanta ag an Rialtas agus ag cáiníocóirí dóibh. Ba bhocht an scéal é muna dtapódh an Rialtas an deis chun tairbhe a bhaint as an ngar seo agus muna mbainfeadh an ghnáthmhuintir buntáiste éigin as chun a chinntiú nach dtarlóidh sé seo arís.

Nár fhága Dia go mbeadh an gar seo dearmadtha taobh istigh de chúpla bliain agus go mbeadh na bancanna fós ag gearradh táillí orainn as na seirbhísí is bunúsaí amuigh.

Anois an t-am le smacht éigin a fháil, i bhfoirm sciartha nó pacáiste a bheidh chun leas an phobail amach anseo.