An saol faoin Veasúiv

BEOCHEIST: TÁ SÉ ráite go raibh Críost ag gol faoi pheacaí chathair Napoli, agus gur thit a dheora ar thaobh na Veasúive. Is…

BEOCHEIST:TÁ SÉ ráite go raibh Críost ag gol faoi pheacaí chathair Napoli, agus gur thit a dheora ar thaobh na Veasúive. Is an-torthúil an talamh úd ó shin i leith. Is ó thaobh na Veasúive a thagann an fíon ar a dtugtar lacrima Christi, deoir Chríost. Tá an fíon go breá, gan dabht, ach d'fhéadfá bheith ag sileadh na ndeor go fóill faoi pheacaí na cathrach: coirpeacht eagraithe na Camorra, drugaí, gadaíocht agus dúnmharú ar na sráideanna, caimiléireacht agus uisce faoi thalamh.

Is fiú dul thar an Spaccanapoli, an tsráid chúng a roinneann an tseanchathair ina dá leath. Cheapfá go raibh tú sa tsean-Róimh. Tá na sráideanna chomh cúng sin, agus na foirgnimh chomh hard. Sráideanna dorcha lán de phoill. Feicfidh tú daoine ag maireachtáil mar a bhí siad in aimsir na Rómhánach, iad bocht dearóil. Feicfidh tú radharc gránna go leor. An brúscar agus an salachar. Na héadaí nite ar crochadh ar na balcóiní. Gach gnó agus ceird á chleachtadh ar na sráideanna. Faoi láthair feicfidh tú go leor imirceach bocht ón Afraic ann, fir ghorma ag iarraidh earraí gan mhaith a dhíol.

Tá leanúnachas idir an seansaol agus an saol inniu ar gach leibhéal anseo. Ní miste a rá go bhfuil an seanábhar tithíochta á úsáid agus á athúsáid leis na cianta i gcathracha mar Napoli. Spoglie– sin an focal ar "chreach", ag tagairt don méid ó thithe agus theampaill Rómhánacha ar lár a athúsáideadh in eaglaisí agus páláis, i dtithe na saibhir agus na mbocht. Is maith an chreach a roinneas, mar adeir an seanfhocal.

Tá brí agus fuinneamh sna daoine in ainneoin an tsaoil. Labhrann siad os ard, agus tá ceol ina gcuid cainte. Ní thuigfeá an chanúint Napoileach go ró-éasca. Tá níos mó ná milliún duine ina gcónaí anseo faoi láthair, cúpla milliún eile i bhfobhailteacha timpeall na Veasúive, agus ráta dífhostaíochta an-ard ann.

READ MORE

Ní bhíonn an dara rogha ag an aos óg ach dul ar imirce, go tuaisceart na hIodáile, go tuaisceart na hEorpa, go Meiriceá, iad ag obair go dian agus ag smaoineamh i gcónaí ar an tseanáit. Tá aithne ag an saol mór ar na hamhráin faoin cheantar seo. Moltar an dúchas, ach bíonn ar na daoine imeacht.

Tá “géarchéim an bhrúscair” chugainn arís i Napoli. Táthar ag iarraidh ionad dumpála nua a thógáil gar d’fhobhaile Terzigno chun brúscar na cathrach a dhó. Ach tá muintir Terzigno ag déanamh agóide ina aghaidh. Ní ligeann siad dos na hoibrithe an brúscar a dhumpáil ansin, agus tá an brúscar ag carnadh anois i seanchathair Napoli.

Agus éadóchas ag teacht ort faoin gcathair ollmhór ainrialta seo, téann tú suas ar an funicolare go Páirc Floridiana agus ansin breathnaíonn tú Bá Napoli, an Veasúiv, oileáin Capri agus Ischia, agus ligeann tú osna asat ag feiceáil cé chomh hálainn is atá an radharc.

Is féidir dul ar bord loinge agus éalú thar thonnta na Meánmhara amach go hoileán Capri, áit ghleoite gan amhras. Ach i measc na dturasóirí agus na ndaoine saibhre ina gcuid tithe saoire, crothnóidh tú uait fírinne Napoli, bíodh sí gránna nó ná bíodh. Cad tá níos measa, an ollturasóireacht nó an saol “dáiríre” sa chathair?

Téann tú go Pompeii, agus breathnaíonn tú na fothraigh Rómhánacha. Cuirtear i gcuimhne duit an léirscrios a rinne brúchtadh na Veasúive ar Pompeii agus Herculanum sa bhliain 79 A.D.

I gceantar mar seo, bíonn eagla ort i gcónaí roimh chrith talún nó bhrúchtadh bolcáin. Go minic sa stair rinneadh scrios ar chathracha agus bhailte, ar chaisleáin agus ardeaglaisí. Agus i gcónaí riamh, bailíodh na spogliea bhí fágtha sna fothraigh agus tosnaíodh ag tógáil arís.

Bhí Goethe ar cuairt anseo sa bhliain 1787, agus scríobh sé ina Thuras Iodálach: "Cinnte, duine de chineál eile a bheadh sa Napoileach, munar mhothaigh sé é féin sáinnithe idir Dia agus an Diabhal."

Cad a bhí i gceist aige? Is amhlaidh gur chuir sé an-suim sa Veasúiv, agus chuaigh sé in airde ann trí huaire chun féachaint isteach ar an bholcán. Bhraith sé an-difear go deo idir an radharc scanrúil sin agus áilleacht an cheantair thíos.

Mhol sé an chodarsnacht idir Parthas agus Ifreann: áilleacht an tírdhreacha agus an baol ag bagairt ó bholcáin agus chreathanna talún. Bhí an ceart aige, agus is amhlaidh atá an scéal go fóill. Dá mbeadh crith talún nó brúchtadh bolcánach anois rachadh sé dian ar na milliúin duine sa cheantar.

Ach sa lá atá inniu ann feiceann duine codarsnacht eile anseo nach bhfaca Goethe: an chodarsnacht idir an bochtanas agus an brúscar i Napoli, agus dolce vitana dturasóirí agus na ndaoine saibhre ar Capri agus ar leithinis Sorrento. Muna bhfuil dá thaobh an scéil feicthe agat, ní thuigfidh tú an saol faoin Veasúiv ina iomlán.