An seilide a tháinig slán - fabhalscéal ár linne

AN SEILIDE a tháinig slán, fabhalscéal ár linne

AN SEILIDE a tháinig slán, fabhalscéal ár linne. Ní bheadh sé de dhánaíocht ionam ‘garraíodóir’ a thabhairt orm féin. De ghnáth, ní bhíonn ar siúl agam sa ghairdín ach an féar a cheansú leis an lomaire faiche.

Rud fearúil atá sa lomadh, aclaíocht fhiúntach agus ní miste liom é. Tá cúis eile ann nach miste liom lomadh – is breá liom mar a thagann lon dubh agus smólach ar lorg péisteanna faoi thalamh agus an féar nuabhearrtha. Tá an féar mín ina chuireadh acu, is cosúil.

Fada go leor a bhíonn an féar an t-am seo bliana agus mórán againn ag tabhairt aghaidh air den chéad uair anois ar theacht an Earraigh.

Tharla go raibh mé ag lomadh liom – go fuinniúil fearúil, mar a dúirt mé – nuair a thug mé sracfhéachaint ar rud a cheap mé bheith ina phúróg. Stad mé nó níor mhaith liom damáiste a dhéanamh don lomaire agus chrom síos leis an ‘phúróg’ a ghlanadh as an chosán.

READ MORE

Ní púróg a bhí ann, ámh, ach seilide, blaosc álainn dhonn air agus, mar a tharla, ní raibh dochar ar bith déanta agam dó.

Murab ionann agus mórán garraíodóirí, ní miste liom seilidí. Tá rud éigin an-tarraingteach agus an-séimh fúthu. Tá meas agam orthu; ní íocann siad morgáiste ach gluaiseann siad ar aghaidh agus a mbaile leo, iad beag beann ar ús, spriocamanna agus mhéarchlár. Thiocfadh linn uile foghlaim as saol an tseilide, go háirithe ar laethanta seo an chúlú eacnamaíochta.

Bhí an seilide áirithe seo go hálainn, é chomh mór le barr m’ordóige agus saothar nádúrtha ealaíne de bhlaosc aige. Bhí aige (nó aici?!) a raibh aige agus ba leor aige é. Ba mé a bhí sásta nár scoilt mé é de thaisme leis an lomaire agus rith sé liom go mb’fhéidir gurb ionann an lomaire faiche ag an seilide agus easnamh cothromais ag an chuid eile againn.

Gan amhras, bhí seisean chomh sásta liom féin de nár baineadh a bhaile de. (Tharla lá gur shlog mo lomaire frog bocht siar ina ghob míthrócaireach. Is leor a rá nár tháinig aon chuid den fhrog slán ó lann an lomaire.)

Tháinig an seilide slán agus maireann leis ar a shuaimhneas ar chúl an tí. Tá aige a bhfuil aige agus is leor aige é. Mar a dúirt mé, is fabhalscéal é seo agus sin an fáth go bhfuil críoch shona ar an scéal – don seilide ar aon nós.