An sorcas agus brí na beatha

BEOCHEIST: BHÍ DÍOMÁ orm le déanaí nuair a chuala mé gur ar éigean gurbh ann don sorcas traidisiúnta Éireannach a thuilleadh…

BEOCHEIST:BHÍ DÍOMÁ orm le déanaí nuair a chuala mé gur ar éigean gurbh ann don sorcas traidisiúnta Éireannach a thuilleadh, ainneoin cabhair mhór ón Stát, an Chomhairle Ealaíon san áireamh.

Ní hamháin sin ach bíonn scata oibrithe deonacha acu sna bailte a dtugann siad cuairt orthu chun an seó a choinneáil ar an mbóthar.

Cá mbeimis gan leithéidí Fossetts, Duffy, Corvenios, Courtneys agus a thuilleadh nach iad? Ealaín is ea an sorcas; tá fíornádúr na healaíne ann.

Is ealaín í mar feidhmíonn sé sa tslí chéanna ina bhfeidhmíonn na healaíona eile. Múnlaíonn sé gnáthábhar na beatha daonna agus cuireann sé riocht nua álainn mistéireach air.

READ MORE

Léiríonn an sorcas réimse leathan na féidearthachta daonna. Go bunúsach, tugann an sorcas léiriú úr ar an saol dúinn, is cuma an sa ré nua-aimseartha, sa ré iar-nua-aoiseach nó pé ré eile a bhfuilimid ag maireachtáil inti.

Is scáthán ar an saol é. Léiríonn sé scéalta dúinn a aithnímid ón ngnáthshaol laethúil ach go ndéanaimid dearmad orthu ó am go chéile.

Bogann an sorcas ó áit go háit, fásann sé agus forbraíonn sé díreach mar is dual dúinne a dhéanamh.

Ní féidir linn dul chun cinn ar bith a dhéanamh ar an saol seo má fhanaimid socair, gan athrú, gan croitheadh éigin a bhaint asainn féin ó am go chéile. Gan athrú, gan forbairt, gan foghlaim is stálaithe calctha a bheimid mar chine, mar dhaoine. Inár zombaithe.

Cuireann an sorcas i dteagmháil muid leis an réimse páistiúil sin ionainn féin a bhrúitear síos agus muid ag teacht in inmhe, an réimse samhlaíochta agus spraoi sin a ndéanaimid neamhaird air agus muid ag plé leis an domhan tromchúiseach ó lá go lá.

Ba é an scríbhneoir Gaelach Pádraig Mac Piarais a dúirt go raibh tábhacht faoi leith ag baint leis na healaíontóirí gan oideachas foirmiúil a chruthaíonn rudaí as an nua agus ar shlí nádúrtha, gnéithe an tsaoil mar a fheictear trí shúile an pháiste go minic iad.

Bhí rud éigin thar a bheith luachmhar aimsithe ag na healaíontóirí sin, a dúirt an Piarsach, de bhrí gur thuig siad tábhacht an spraoi sa chine daonna, homo ludens – d’fhéadfaí leithéidí Picasso, Klee, agus Dali a rangú sa chatagóir sin is dócha agus go leor ealaíontóirí eile sular rug cultúr na gceiliúrán greim ar go leor acu.

Cabhraíonn an sorcas linn féith an spraoi a athmhúscailt ionainn arís, is cuma cén aois atá againn agus seans go bhfuil sé seo níos tábhachtaí inniu ná riamh.

I ndeireadh an lae, tá feidhm níos leithne ag na healaíona ná an taobh oirirc den saol seo a léiriú amháin. Caithfidh na healaíona scagadh a dhéanamh ar na gnéithe áiféiseacha freisin, na rudaí greannmhara seafóideacha sin a tharlaíonn dúinn ar chosán seo na beatha.

Is miondrámaí a fhaightear i ngníomh an tsorcais, fáthscéalta dúshlánacha – an téadchleasaí is é ag siúl os cionn na haibhéise. Macasamhail dúinn féin is ea é. Bogann sé ó phointe amháin a bhfuil cuma shábháilte air go pointe eile, an poll san aer, an folús, an baol titime.

Cad atá sa pholl dainséarach sin i bhfocail eile ach domhan ann féin: eagla roimh an bhfolús atá istigh ionainne, an lucht féachana – an domhan ollmhór clabach príobháideach sin is mian linn neamhaird agus dearmad a dhéanamh air; tinneas tuismitheora, nó bás carad, colscaradh, ag fanacht le drochscéal ón dochtúir, imní i leith do pháistí; cén saol atá amach romhainn?

Ar nós an téadchleasaí, á chothromú féin os cionn an tslua, níl ach an snáth tanaí céanna eadrainne agus an bás – nó braitheann sé mar sin, amanna, abhus.

Caithimid an saol ár gcothromú féin, ag iarraidh gan ligean don eagla breith orainn is sinn a shá síos sa duibheagán. Ní hamháin gur ionad iontais agus lúcháire do na páistí é an sorcas, léiríonn na cleasaithe agus na habhlóirí dúinn na cleasa a dhéanaimd féin chun teacht i dtír.

Formhór na ngníomhartha iontais a chuirtear inár láthair sa sorcas, tá comhbhráithreachas le sonrú orthu; bíonn na luascairí, na draíodóirí agus na ceoltóirí ag brath ar a chéile. Tá compánach ag an bhfear grinn. Tá cúntóir ag an ngleacaí is cuma an san aer atá sé nó ag cleasmharcaíocht ar chapaill – tá comhbhráithreachas ag feidhmiú san iarracht.

Osclaíonn an sorcas ár n-intinn ionas go gcuirfimid ceisteanna orainn féin nár chuireamar le fada: cad is fiú an réimse sin de mo shaol, an bhfuil mé ar an mbóthar ceart? An bhfuil an iomad ama á chaitheamh agam i mbun oibre agus gan dóthain ama agam leis na páistí? Ach ardaíonn sé an tsaincheist mhór chomh maith: brí na beatha féin.