An t-údar impiriúil agus an bleachtaire

BEOCHEIST: I mbliana foilsíodh cnuasach scéalta bleachtaireachta le Biddy Jenkinson, An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire…

BEOCHEIST:I mbliana foilsíodh cnuasach scéalta bleachtaireachta le Biddy Jenkinson, An tAthair Pádraig Ó Duinnín- Bleachtaire (Coiscéim). Rinne an tEagarthóir Gaeilge, Pól Ó Muirí, léirmheas moltach air sa nuachtán seo.

Is é an foclóirí clúiteach Gaeilge, An tAthair Pádraig Ó Duinnín, S. J., (1860-1934), a thug a chúl leis na hÍosánaigh i 1900, bleachtaire na scéalta seo, scéalta atá múnlaithe ar stíl na scéalta inarbh é Sherlock Holmes an bleachtaire.

Comhaimsirigh ba ea an Duinníneach agus Holmes. Go deimhin, i scéal amháin le Biddy tig Holmes go Baile Átha Cliath le cabhair an Duinnínigh a iarraidh in aghaidh an Chiarraígh Mhallaithe sin, Professor Moriarty. Agus comhaimsirigh ba ea an Duinníneach agus an té a chruthaigh Holmes, Arthur Ignatius Doyle (1859-1930). Tá pictiúr den bheirt acu le chéile i dtosach leabhar Bhiddy.

I nDún Éideann a rugadh Doyle do thuismitheoirí Caitliceacha, Charles Altamont Doyle agus Mary Foley, sa bhliain 1859. An bhliain sin bhunaigh na hÍosánaigh a dteach i nDún Éideann agus is dócha gurb é sin an chúis le Ignatius ina ainm.

READ MORE

Ignatius (nó Ínigo) de Loyola a bhunaigh Cumann Íosa in 1534. Tar éis do Doyle ocht mbliana a chaitheamh ar scoil chónaithe ag na hÍosánaigh i Stonyhurst i Lancashire Shasana chaith sé uaidh an t-ainm Ignatius agus ghlac chuige Conan.

Cháiligh Doyle ina dhochtúir leighis i nDún Éideann agus rinne speisialtóireacht i gcúrsaí na súl ach ní raibh rath air sa ghnó agus chas sé ar an scríbhneoireacht chun airgead a thuilleamh. Ba bheag a shaothraigh sé, ámh, go dtí gur foilsíodh an leabhar A Study in Scarletin 1887.

Ba é sin debut Sherlock Holmes agus rinne sé clú láithreach do Doyle, go háirithe sna Stáit Aontaithe. In imeacht 40 bliain chum sé trí leabhar eile, an oiread chéanna drámaí, agus os cionn leathchéad scéalta do Holmes.

Tá clú domhanda orthu ar pháipéar, ar stáitse agus ar an scáileán. Agus mé sna déaga chuir mé féin aithne ar Holmes trí Ghaeilge Phroinnsias Uí Bhrógáin in Eachtraí Sherlock Holmes(An Gúm, 1936).

Tháinig i bhfad níos mó ó pheann Doyle ná scéalta bleachtaireachta. Chaith sé tamall gearr mar dhochtúir san Afraic Theas le linn chogadh na Breataine in aghaidh na mBórach i 1900. Chosain sé i scríbhinn gníomhartha na Breataine san Afraic Theas agus dá bharr sin bronnadh ridireacht air i 1902. Sheas sé i nDún Éideann don pharlaimint ach níor toghadh é.

I 1909 scríobh sé an paimfléad The Crime of the Congofaoi 'fhorbairt' bharbartha na dúiche sin ag rí na Beilge. Bhí Doyle tar éis aithne a chur ar Ruairí Mac Easmainn a raibh a lán scríofa aige ar an ábhar céanna agus i litir a scríobh sé chuige i 1910 léirigh sé dréacht scéal eachtraíochta a bhí á bheartú aige. Foilsíodh an scéal The Lost Worldi 1912 agus duine de na carachtair ann, Lord John Roxton, bunaithe ar Mhac Easmainn féin. I 1916 thug sé £700 do chiste cosanta Mhic Easmainn agus d'iarr trócaire ón bhás dó.

Scríobh Doyle breis agus dhá scór leabhar eachtraíochta, cuid acu a gcuirfí sa réimse finnscéalta eolaíochta iad. Phós sé faoi dhó agus bhí cúigear clainne aige. Nuair a cailleadh a chéad mhac agus a lán gaolta sa Chogadh Mór ghabh sé leis an spioradachas agus scríobh mórán ina thaobh ag maíomh go bhféadfaí caidreamh a dhéanamh leis na mairbh.

Nuair a coimisiúnaíodh é chun stair 'oifigiúil' The British Campaign in France and Flanders 1914-1918a scríobh lean sé de ghlóiriú na cogaíochta, agus a bhreithiúnas claonta go himpiriúlach aige.

Tá an insint aige lán de thagairtí do "gallantry" agus abairtí ar nós "considerable loss of men and guns" agus "He brought down not less than forty-three German planes in single combat before meeting his own glorious end".

Ba é an síor-ógánach impiriúil é, é beo i saol an eachtraíocht impireachta. Maidir le hÉirinn neamhspleách de: "Each platoon of the Irish carried a green flag adorned with the Irish Harp ... They swept up the hill, their Celtic yell sounding high above the thunder of the guns. The profound gratitude of every patriot is due to . . . all those Nationalists who had sufficient insight to understand that Ireland's true cause was the cause of the Empire, and that it was the duty of every Irishman of all shades of opinion to uphold it in arms. O si sic omnes ! (Ó, ach iad uile a bheith mar sin!) An Irishman could then hold his head higher to-day !"