An teach a thóg Stalin i Vársá

Beocheist: Tá an Túr Eiffel ag na Párasaigh is tá Dealbh na Saoirse i Nua-Eabhrac

Beocheist: Tá an Túr Eiffel ag na Párasaigh is tá Dealbh na Saoirse i Nua-Eabhrac. Cé go bhfuil formhór mór an domhain aineolach air, idir ainm is íomhá, is é atá ag cathróirí Vársá, príomhchathair na Polainne, ná an Teach Cultúir is Eolaíochta (PKiN).

Ar 22ú na míosa seo beidh imeachtaí ar siúl le 50ú bliain an fhoirgnimh seo a cheiliúradh.

Cuireadh tús le tógáil an fhoirgnimh seo i mí Bealtaine 1952 agus ba trí bliana ina dhiaidh sin a cuireadh an dlaoi mhullaigh ar an tionscnamh.

Ba bhronntanas, mar dhea, ón Aontas Sóivéadach don Pholainn é PKiN, arbh é Seosamh Stalin ab údar leis, ar ndóigh. Is amhlaidh gurbh é ainm Stalin a bhí ar PKiN ar feadh tamaill ghairid.

READ MORE

Ba chirte a rá, áfach, gur bhronntanas ó na Rúisigh é - diomaite de 400 Polannach, fostaíodh breis is 3,500 Rúiseach ar an láithreán tógála; bhain timpistí marfacha do 16 díobh.

Cuireadh suas eastát tithíochta do na hoibrithe seo ina raibh pictiúrlann, bialann agus linn snámha.

Ní foláir go raibh a leithéid de chompord tuillte ag na sclábhaithe dícheallacha sin mar gurbh é a d'fhág siad ina ndiaidh ná foirgneamh ina bhfuil corradh is 3,000 seomra is atá fós ina fhoirgneamh is airde sa Pholainn. 230 meadar ar airde atá sé.

Dhá urlár is 40 is ea atá sa PKiN agus pé duine a bhfuil seal caite aige i Vársá is dócha go bhfuil sciuird tugtha aige ar an 30ú hurlár ar a bhfuil pointí breathnaithe a thugann radharc breá ar chathair nach róbhreá inti féin í.

Tá an PKiN ar na struchtúir is iomráití agus is feiceálaí i bpríomhchathair na Polainne ach ní hionann sin is a rá gurb é an ceann is mó a bhfuiltear ceanúil air. A mhalairt de scéal ar fad a bhí fíor.

Ní rud é an PKiN féin a bhí á lorg ag muintir Vársá - is le teann searbhais a ndéantar tagairt dó mar bhronntanas.

Dar le Polannaigh gur rud é a tugadh dóibh gan a dtuairimí a fhiosrú mar gheall air is gan aon rogha eitigh acu ach oiread. Thairis sin, rinneadh an tabhartas seo ó Stalin a chur suas i gcearn Vársá a mbíodh rath air roimh an dara cogadh domhanda.

Ach anois níl oiread is rian de na sráideanna a ritheadh tríd an áit seo ina bhfuil PKiN. Thart timpeall ar an limistéar seo i Vársá an lae inniu tá plaiceanna ar a scríobhtar "anseo a bhíodh a leithéid de shráid, a leithéid de theach".

Is dá bhíthin sin a féachadh ar an PKiN mar shiombail den chumannachas. Díreach mar a bhíodh an córas polaitíochta seo brúite anuas ar Pholannaigh in aghaidh a dtola is ea a leagadh an t-ollfhoirgneamh seo sa bhuaic orthu.

Agus tógáil PKiN ar siúl sna 1950í, bhain na húdaráis chumannacha buntáiste bolscaireachta as. Rinneadh miontuairisceoireacht ar an bpróiseas tógála sna meáin chumarsáide. Bhíodh scéalta agus grianghraif faoi na hoibrithe Rúiseacha ina n-eastát tithíochta arbh é "Cairdeas" ab ainm dó.

Ar ndóigh, agus a dtrealamh tógála curtha i leataobh i ndiaidh lá fada oibre crua, is é a dhéanaidís ná ficheall a imirt, filíocht Pushkin a rá agus cúrsaí staidéir a dhéanamh tríd an bpost.

Is éacht i ndáiríre go ndearnadh an tionscnamh a thabhairt i gcrích faoi cheann trí bliana. Nuair nach mbíodh iriseoirí sa mhullach ar na Rúisigh, bhídís ag bualadh le haos óg Vársá nó Múinteoirí na Príomhchathrach agus a leithéid eile d'eagraíochtaí.

Ba ghnóthaí ná riamh a bhíodh na Rúisigh agus ócáidí cosúil le "Mí na Dea-Mhéine Polannaí-Sóivéadaí" ar siúl.

Rinneadh ardán breathnaithe a chur ar fáil gar don láithreán tógála le go bhféadfadh Vársáigh iontas a dhéanamh den éacht oibre seo a chuir Stalin ar bun ar mhaithe leo féin.

Dhealródh sé go ndeachaigh an bholscaireacht go léir chun sochair os rud é go raibh na sluaite i láthair ar oscailt PKiN don phobal ar 22ú Iúil 1995.

Cé go gcloistí tuairimí sna blianta atá imithe tharainn gur chóir bronntanas Stalin a leagadh go talamh, tá Polannaigh dulta i dtaithí ar a bhfoirgneamh is mó. Is áibhéil thar na bearta é, áfach, an maíomh ar shuíomh idirlín PKiN gurb é an foirgneamh is fearr le Polannaigh é.

Seachas cúnamh a thabhairt don turasóir a théann amú i Vársá, baintear an-il-úsáideanna eile as an PKiN. Istigh ann tá oifigí, iarsmalanna, amharclanna, linn snámha, seomraí taispeántais, hallaí léachta is comhdhála agus pictiúrlann ina bhfuil scannán Tom Cruise, Cogadh na nDomhan ar siúl faoi láthair.

Cén bharúil a bheadh ag mo dhuine Stalin de sin?