An tír is sona

Céad bliain ó shin a reáchtáil Conradh na Gaeilge an chéad taispeántas ealaíne agus déanfaidh siad comóradh ar an ócáid sin le…

Céad bliain ó shin a reáchtáil Conradh na Gaeilge an chéad taispeántas ealaíne agus déanfaidh siad comóradh ar an ócáid sin le taispeántas idirnáisiúnta a bheidh le feiceáil in Éirinn agus i Lorient na Briotáine.

"An Tír is sona ar domhan/Le Pays le plus heureux au monde" an teideal atá ar an ócáid agus tá an saothar roghnaithe ag beirt shaineolaí ealaíon, Ruairí Ó Cuív agus Clíodhna Shaffrey. Is é an dúshlán a bhí roimh na healaíontóirí cás na hÉireann a fhiosrú - tír shaibhir anois í ó thaobh airgid de ach an bhfuil a dhath ar bith eile faoi chraiceann an rachmais? Cén cultúr atá in Éirinn i ndáiríre?

Is é an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ag 6pm san oíche amárach. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an Aoine 15ú Iúil san Atrium, Oifig na nOibreacha Poiblí, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2.

Is é 'Talamh na hÉireann - Talamh le hOidhreacht' an téama a bheidh faoi chaibidil ag Comhdháil an Chraoibhín, Co Ros Comáin, idir an Aoine 15ú agus an Domhnach 17ú den mhí seo. Dúirt stiúrthóir an chláir, Theo Dorgan, file, gur roghnaigh siad an téama sin de bharr go gcaithfidh pobal ná hÉireann aghaidh a thabhairt "ar an bhfreagracht atá orainn uile i leith na talún a fuaireamar le hoidhreacht agus todhchaí na talún sin faoinár gcúram. Pléifidh amhránaithe, ceoltóirí, filí, ailtirí, béaloideasaithe agus rannpháirtithe eile an cheist go mion". I measc na ndaoine sin, beidh na filí Colm Breathnach agus Louis de Paor ag léamh le chéile; tabharfaidh an béaloideasaí, Gearóid Ó Crualaoich, caint ar "Talamh na hÉireann: an Talamh seo ar a siúlaimid" agus beidh Pádraigín Ní Uallacháin agus Len Graham ag rá amhráin nó dhó.

READ MORE

Eolas: 090-6637 259 nó www.roscommonarts.com/hyde