An tOilean seo

Crobhingne: Bíonn frásaí, nó focail ó am go chéile ann a chuireann gíoscán fiacal ort, a fhágann drochbhlas id bhéal. Bhí tráth…

Crobhingne: Bíonn frásaí, nó focail ó am go chéile ann a chuireann gíoscán fiacal ort, a fhágann drochbhlas id bhéal. Bhí tráth ann go dtagadh an riastradh orm nuair a chloisinn an focal "struchtúr", a ghránnacht is a bhí.

Tagann imir bheag éigin den chorraíl chéanna orm nuair a chloisim "straitéiseach". Bhí an t-am ann go bhféadfadh eagraíocht plean nó scéim a bheith acu. Plean forbartha fiú, nó plean gníomhach. Ach de dhealramh, ní féidir plean ar bith a bheith agat anois muran plean straitéiseach é.

Le tamall anuas tá tugtha faoi deara againn ar fad gur lú in aghaidh an lae na tagairtí a dhéantar don "tír" seo. Is cosúil nach tír sinn a thuilleadh ach "oileán". Tarlaíonn gach rud "ar an oileán seo". Bíonn tuairimí ag daoine "ar fud an oileáin". Iarrtar orainn smaoineamh "i dtéarmaí an oileáin go léir".

Is gearr uainn anois go mbeidh An Cumann Lúithchleas Gael i mbun na gcomórtas iomána agus peile "uile-oileánda". Táim lándeimhnitheach gur chuala mé an slua ag canadh Island's Call i bPáirc Lansdúin an Domhnach seo caite sular thug siad fobha faoi na Sasanaigh.

READ MORE

Is é adéarfá ná go bhfuil scáth ar dhaoine an focal "tír" a úsáid, ar eagla go gcuirfeadh sé olc ar dhuine éigin. Agus is é oighear an chúrsa ná gurb iad na páirtithe is "náisiúnta" amuigh is mó a bhaineann leas as. Is fada ó chuala mé urlabhraí de chuid Shinn Féin ag caint ar "an tír", in ainneoin gurb iad amháin atá eagraithe ar fud an tríocha dó contae.

Níl rud ar bith adeireann Sinn Féin nach bhfuil lánmhachnamh caite acu air. Tagann a gcuid ráiteas ar fad as inneall slíoctha éigin a dhéanann aschur as inchur go poblachtlíofa. Ní foláir mar sin nó is d'aon ghnó a shocraigh siad ar an bhfoirmle "oileán" seachas an gnáthchleachtadh coiteann a mhaíonn go bhfuil cónaí orainn san tír bheag seo.

Cad é an chéad chéim eile? Raidió na Gaeltachta ag craoladh ar fud an domhain ar an Idirlíon, agus é ar fáil ar an ardmhinicíocht ar fud an oileáin?

Ar an gcuid is lú de, is geall le masla é don mhuintir a bhfuil cónaí orthu ar na hoileáin eile sa tír seo. Nuair a luaitear rud éigin faoin "oileán" seo, cá bhfágann sin muintir Thoraí, Acla, Árann (gach ceann díobh), Chléire, Chliara, Reachlainn, Reachrann, Reachlann Uí Bheirn, Inis Arcáin, Inis Airc, Inis Toirc, Inis Mhic Fhaoileáin, Inis Mhuirígh, Inis Treachaill, Inis Bhadhbhainn, Inis Phiocht, na hInse Fada, na nInsí Bó Finne, Ghabhla, Bhaoi Bhéarra...?

An amhlaidh gur lasmuigh den phróiseas dioscúrsach iad siúd ar fad idir choiníní agus fhuipíní agus dhaoine?

Is fíor go bhfuil stair fhada ag baint le hainmneacha agus le frásaí a thugann le fios gurb oileán is ea sinn. Ach ar a laghad le "hÉire iathghlas oileánda" tuigimid gur Éire atá i gceist. Inis Fáil, gan amhras, Inis Ealga, Inis Éireamhóin, Inis Faithleann. Tuigim, leis, go bhféadfadh duine dílseacht a thabhairt d'Éirinn, don tír, imirt ar a son, nó troid ar a son dá mba ghá nó dá mb'fhiú. Ach é sin a dhéanamh ar son an oileáin?

Má ghéilltear don oileán, cá fhad uainn "na hoileáin seo" ar an meascán a dtugann daoine na "Brattish Isles" orthu sa Bhéarla? Agus an gcuimseodh sin "An tOileán Úr", leis, toisc sinn a bheith ar scaradh gall idir an dá áit?

An amhlaidh go mbeidh clann na himirce feasta ag deorchaoineadh isteach ina gcuid gloiní ag ceol "If we only had th'oul island over here?" Agus beidh ar dhuine éigin athscríobh a dhéanamh ar Churachaí na Trá Báine.

Leanfaidh míthuiscintí móra léitheoirí ar fud an domhain á cheapadh dóibh go mbaineann An tOileánach leis an tír ar fad agus go raibh tráth rí orainn gan phálás, agus gur cuntas fírinneach Muintir an Oileáin Pheadar O'Donnell ar ár gcuid nósanna.

Nuair a labhartar faoin tír seo sa ghnáthallagar amuigh ansin is féidir a bheith cinnte nach í an Tír Uachtarach í, ná Tír na nÓg, ná Tír Ban Suthain, ná An Tír Tairngre, ná An Tír Thiubh.

Sea, má sea. Bhí ainmneacha breátha blasta ar an tír seo i gcaitheamh na gcianta riamh anall: Gort Banba, Clár Fódla, Achadh Airt, Fonn Fheidhlimidh, Óirlios Chobhthaigh, Páirc Pharthalóin, Nuachar Chriomhthain, Seanchlár Ír, Bruach Bhertie, Teach Tuathail.

Dhéanfadh ceann ar bith díobh sin an chúis, go raibh maith agat.

Ach cuirtear corc in "an t-oileán seo"!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar