Anuas den sliabh

Crobhingne: Agus sna laethanta sin tháinig Íosa anuas den sliabh agus labhair sé lena mhuintir agus lena lucht leanúna

Crobhingne: Agus sna laethanta sin tháinig Íosa anuas den sliabh agus labhair sé lena mhuintir agus lena lucht leanúna. Labhair sé leo i mbriathra simplí ionas gur fearr a thuigfeadh siad é.

Labhair sé leo ó dhoras go doras nuair a bhí an t-am aige, san halla paróiste nuair a dheonaigh an sagart paróiste é a thabhairt ar iasacht, agus go háirithe ar an teilifís agus ar an Idirlíon nuair a bhí caoi aige ar phúdar a chur ar a aghaidh agus ar mhilseacht a chur lena bhriathra.

Agus labhair sé an fhírinne réadach leo mar is é a thuig gurbh ionann an saol réadach agus an fhírinne.

Ach níor labhair sé leo i scéalta agus i samhlaoidí mar ba róbhaol go mbainfí míbhrí astu. Agus labhair sé leo, agus is ea adúirt sé:

READ MORE

"Má tá bréag le hinsint agat, bí cinnte deimhnitheach gur bréag mhór a bheidh ann, óir ní fhoighníonn an saol seo leis an mbréag bheag shuarach.

"Agus má tá an fhianaise id choinne, ceap leithscéal eile nach raibh aon phioc de bhaint aige leis an gcéad bhréag, óir dá dháine is a bheidh tú is ea is fearr a éireoidh leat.

"Murar dhílis sibh san éitheach mór millteach, cé a thabharfadh aon tor ar an éitheach beag bídach.

"Agus téir chun cogaidh le do namhaid sula mbeidh caoi ag do namhaid dul chun cogaidh leatsa. Is tábhachtaí seo go léir nuair nach mbíonn sé ar intinn ag do namhaid dul chun cogaidh leatsa san chéad áit, óir an té a bhí leat inné, níl sé leat inniu, agus an té nach bhfuil leat inniu, is cinnte go mbeidh sé id choinne amárach, go háirithe má dhéanann tú scrios air ar tús.

"Agus nuair a théann tú chun cogaidh déan buamáil ón aer mar is éifeachtaí agus is lú costas é. An té atá íseal im shúile is fusa é a scrios, agus an té atá thuas ní bhuailfear cos air.

"Óir is fearr daoine a mharú le buamaí móra ollscriostacha ná le claimhte beag géara. Mar is fearr i gcónaí buama amháin ag an sceach ná miodóga dá líonmhaire iad sa sparán.

"Maraigh daoine neamhchiontacha ar tús, mar na daoine atá neamhchiontach inniu tá gach seans ann go mbeidh siad ciontach amárach. Ar a gcairde is fearr iad a aithint, agus is ionann túáille ar an gceann agus binb insan chroí.

"Agus an áit ina mbeidh na fiolair lasnairde, is ann a chruinneofar na coirp laistíos.

"Is fearr fuip maith ná drochsheasamh, ach an té a bheidh ina sheasamh sa deireadh is é a thiocfaidh slán.

"Agus má dhéantar ionsaí ortsa déan ionsaí ar ais ar dhuine eile ar fad. Mar, má fhéachann tú isteach id phóca beidh a fhios agat cé hiad do naimhde cearta.

"Agus an rud nach bhfuil ar eolas ag an bpóca níl sé ar eolas ag an gcroí. Agus ní hionann Mamó na mallaitheachta agus Mamón na maitheasa.

"Agus bailigh an bruscar bia a thiteann ó bhord an duine shaibhir agus bailigh le chéile é agus déan pacáistiú plaisteach air agus díol leis na bochta é ar bhrabús mórchóir, óir cibé duine a dhéanfaidh iarracht ar a chorp a shábháil ramhróidh ar a anam, agus cibé duine a dhéanfaidh iarracht ar a anam a shábháil ramhróidh ar a chorp.

"Cuir an dlí i bhfeidhm go cóir is go cothrom, mar is é an dlí salann an tsaoil agus má chailleann an dlí a bhlas ní bheidh tú in ann blaiseadh de mhias na maitheasaí.

"Ach socraigh ar tús gur leatsa an dlí agus na breithiúin agus na dlíodóirí mar is iad a bhainfidh ciall agus míchiall as do chuid briathra.

"Agus má tá airgead ag dul amú bí deimhin de gur ina bpócaí siúd a thitfidh sé, agus má tá seadanna le sileadh bí cinnte go sileann siad chugatsa.

"Abair an rud ceart i gcónaí agus bain leas as focail bhreátha. Luaigh "saoirse" agus "daonlathas" agus "sceimhlitheoirí" agus "slándáil" agus "tírghrá" a mhinice agus is féidir leat.

"Mar tuigeann gach aon duine eile cad is brí leo go fiú is mura dtuigeann tú féin. Mar an áit a bhfuil an focal tá an fhírinne, agus an áit a bhfuil an fhírinne níor ghá go mbeadh sé sna focail.

"Mar is mise an tslí, an fhírinne agus an ghríobh, agus is liom an gníomh agus an bheart agus an díoltas, agus an té nach gcreideann ionamsa féachadh sé chuige féin go beo (go fóill)."

Agus leis sin chuir sé air a hata, bhailigh sé a chip, a mheanaithí agus a mhaidí gailf agus chuaigh ar ais don sceach ar an sliabh, sceach a bhí ar lasadh le tinte bladhracha an tsaoil.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar