Ar an Charraig

Sheol an tAire Éamon Ó Cuív tionscnamh nua "teanga-lárnaithe" don Ghaeltacht ar an Charraig in iardheisceart Dhún na nGall Dé…

Sheol an tAire Éamon Ó Cuív tionscnamh nua "teanga-lárnaithe" don Ghaeltacht ar an Charraig in iardheisceart Dhún na nGall Dé hAoine seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is í aidhm an tionscnaimh seo "aircív ríomhraithe foclóra a chruthú don Nua-Ghaeilge don tréimhse 1882 go 2000". Fo-aonad d'Fhoclóir na Nua-Ghaeilge, an foclóir staire atá á chur le chéile ag Acadamh Ríoga na hÉireann, atá sa tionscnamh seo agus beidh an obair ar siúl in ionad fionntraíochta de chuid Údarás na Gaeltachta ar an Charraig.

Mar a tuairiscíodh sa cholún seo coicís ó shin tá athrú treo le blianta beaga anuas ar chlár an Údaráis agus suntas níos mó á thabhairt do thograí teanga-lárnaithe agus cinn atá ag teacht leis an linn ardscileanna atá ar fáil sa Ghaeltacht.

Beidh obair ar fáil ar an tionscnamh nua seo do sheachtar, (bainisteoir agus seisear foirne) a bhfuil eolas maith ar an Ghaeilge agus ardscileanna ríomhaireachta acu. Is é an gnó a bheidh le déanamh acu téacsanna Gaeilge a cuireadh i gcló nó ar thaifead sa tréimhse 1882 go 2000 a ghabháil ar ríomhaire trí scanóireacht nó trí inchur láimhe.

READ MORE

Tarraingeofar chomh maith as an bhéaloideas chun corpas Gaeilge a chur ar fáil a thabharfadh cuntas ar fhoclóir na Gaeilge mar a bhí sí á scríobh agus á labhairt ar fud na hÉireann le 100 bliain anuas.

D'fhógair Ó Cuív go raibh sé tar éis deontas €100,000 a cheadú don tionscnamh seo don bhliain 2005 agus go raibh an tÚdarás um Ardoideachas ag cur an mhéid chéanna ar fáil.

Chuir an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maoiniú ar fáil chomh maith chun cóir a chur ar an fhoirgneamh ina mbeidh an obair ar siúl. Conradh trí bliana a bheidh ag na daoine a cheapfar chunan obair a dhéanamh.

Is é seo tús céim a dó de Chorpas na Gaeilge atá á chur le chéile ag Acadamh Ríoga na hÉireann. Mí Iúil seo caite sheol an tAire an dlúthdhiosca ar a raibh corpas na Gaeilge don tréimhse 1600-1882.

Is í an Dr Úna Uí Bheirn a chuir eagar ar an dlúthdhiosca agus is í a bheidh ag stiúradh obair an fho-aonaid. Tá eolas maith aici ar an Charraig agus síleann sí nach mbeidh sé deacair daoine a fháil chun na poist a líonadh.

Fógraíodh post bhainisteoir an fho-aonaid an deireadh seachtaine seo caite agus beidh na hagallaimh don phost sin ar an dara lá de Mhárta.