Ar an chlár

IS É ról an Rialtais sa Stát seo agus ról fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i bhforbairt na Gaeilge a bheidh faoi chaibidil ar…

IS É ról an Rialtais sa Stát seo agus ról fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i bhforbairt na Gaeilge a bheidh faoi chaibidil ar ardfheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo. Labhróidh comhfhreagraí polaitíochta an nuachtáin seo, Harry McGee, agus uachtarán Chomhaltas Uladh de chuid Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, ar an téama oíche Aoine ag 9pm in Óstán Killashee, Nás na Ríogh, Co Chill Dara.