Ar n-uachtaran

Crobhingne: Is deacair a rá ar uaire cad is brí le go bhfuil duine mórálach as a bheith ón tír seo.

Crobhingne: Is deacair a rá ar uaire cad is brí le go bhfuil duine mórálach as a bheith ón tír seo.

Is measa go mór é, áfach, nuair a bhíonn náire ar dhuine. Is iad na polaiteoirí agus na healaíontóirí an aghaidh phoiblí a thaispeáinimid don saol mór, agus dá mba mhian leat suí go seascair ar an gclaí déarfainn go bhfuil idir mhaith agus olc againn.

B'fhearr go mbeadh Taoiseach agus Airí Rialtais againn a mbeadh cúpla focal de theanga éigin acu gan trudaireacht agus plobaireacht pluc agus go mbeadh rud éigin seachas cúr úr an bhéil bháin ar sileadh óna gcab. Ní mar sin a bhíonn i gcónaí, áfach.

Ina choinne sin, tá Uachtarán againn a bhfuil fios a labhartha aici, arb eol di cé hí féin, atá teann as a tuairimí agus sásta iad a nochtadh, agus atá chomh léannta pearsantúil le ceann stáit ar bith ar fud na cruinne. Tá Máire Mhic Giolla Íosa tofa arís mar Uachtarán na hÉireann agus is cúis mhór ghairdis dúinn é sin.

READ MORE

Is é gnó an Uachtaráin a bheith os cionn na polaitíochta agus ní hea os cionn na ndaoine. Go minic, bíonn na teachtaí mála os cionn na ndaoine agus faoi chuing na polaitíochta. Is de thoisc gur poblacht sinn gur duine dínn féin í Máire Mhic Giolla Íosa. Níl pálás aici, ná teideal amaideach oidhreachtúil, ná giollaí agus cóistí faoi shíoda is faoi shróill. Labhrann sí linn mar shaoránach ar chomhleibhéal le cách, agus déanaimidne amhlaidh.

Ní dhéantar lúitéis ina láthair mar ní nós poblachta é sin. Diúltaíonn sí do theidil gan dealramh ar nós "A Shoilse," mar níl de sholas ag duine ar bith ach a sholas féin, agus ní solas a ghairme.

Fág a cumas pearsanta i leataoibh, bhí siombalachas, leis, ag baint leis an toghchán tá seacht mbliana ó shin ann. Bhí uachtarán againn ar tús a dhein pearsanú ar an náisiún Gaelach bíodh is gur Phrotastúnach é féin de bhunadh an chine isteach, ina dhiaidh sin duine a bhí chomh beag sin nár fhéadamar é a fheiscint, ina dhiaidh sin arís duine a bhí chomh dall sin nach raibh sé siúd in ann sinne a fheiscint, mac Shasanaigh agus Protastúnach eile am baiste, Gaeilgeoir ón gcontae is gallda sa tír, FiannaFáileach smiorsmúsach, agus ansin, Dia dár réiteach, bean!

Ba dhóigh leat go raibh gach mionlach, nó dream daoine a shíl iad féin a bheith amuigh ar imeallbhord chumhacht an náisiúin cuimsithe sa mhéid sin laistigh.

Ach ní raibh. B'iad an t-aon dream suaithinseach amháin nach raibh aitheantas iomlán náisiúnta fachta acu ná an pobal a shamhlaigh iad féin mar chuid de mhuintir na hÉireann agus a raibh cónaí orthu sna sé chontaetha. Bhí meon críchdheighilteach tar éis fáis i measc an phobail ó dheas, meon a mhaígh: "Ó, an dream sin ó thuaidh tá i bhfad níos mó i gcoitinne acu le chéile ná mar atá againne ó dheas." Chualamar ar fad é.

Is ea, Briotanaigh ba ea Seamus Heaney, agus Tomás Ó Fiaich, agus John Montague, agus Dana, agus Seamus Deane agus na Horslips agus foirne an Dúin nó lundaíDhoire agus Ken Whittaker...

Ba dheacair an fíoch agus an bhinb agus an ghráin a bhí ag cuid mhór de bhunaíocht na hardchathrach in aghaidh Mháire Mhic Ghiolla Íosa nuair a sheas sí i dtosach a chreidiúint. Ní de thoisc gur bhean í - bhí sin réitithe cheana ag Máire Mhic Róibín - ach toisc gur Chaitliceach náisiúnach í de chuid Bhéal Feirste thiar agus Chaisleán Ruairí. Ní fhéadfaí "duine díobh siúd" a bheith ina hUachtarán agus ba dheacair a mheá ar mheasa an Caitliceachas aici ná an náisiúnachas nó a mhalairt timpeall.

Sháraigh sí an méid sin, mar a mhaígh sí a dhéanfadh. Ba mhó ná aon bhuíon amháin í. Ná ní bheadh sí ag iarraidh go n-aontófaí le gach a ndearna sí. Tá amhras orm féin ar chóir dúinn aon aitheantas oifigiúil a thabhairt do shaighdiúirí ó Éirinn a throid ar son Arm Impireacht na Breataine in am ar bith, dá mhéad ár mbá phearsanta leo sa ghuais agus sa chúinse ina raibh siad.

Ina choinne sin, nuair a chas Máire Mhic Giolla Íosa le ceannstát na Breataine bhí a fhios againn gur ar bhonn cothromaíochta comhurraime ceannard a bhí sí á dhéanamh.

Níor dheacair cuimhneamh ar Uachtaráin eile Éireann, ná go deimhin ar Thaoisigh, a chromfadh go híseal agus a dhéanfadh comharthaí ómóis agus a mbeadh a dteanga amuigh acu ag líorac i láthair banríona.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar