Athbhreithniu ar theorainneacha na Gaeltachta - O Cuiv

Thug an tAire Éamon Ó Cuív le fios go raibh sé i gceist ag an Rialtas staidéar a dhéanamh ar na teorainneacha Gaeltachta le "…

Thug an tAire Éamon Ó Cuív le fios go raibh sé i gceist ag an Rialtas staidéar a dhéanamh ar na teorainneacha Gaeltachta le "go mbeadh ciall teangeolaíochta leo" agus, bunaithe ar thorthaí an staidéir sin, d'fhéadfaí go ndéanfaí "méadú nó laghdú" ar na teorainneacha.

Bhí an tAire ag caint i ndiaidh cruinniú de chuid an Choiste Chomhairligh i leith Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ar na Forbacha, Co na Gaillimhe, Dé Luain. Bunaíodh an coiste féin le feidhm "phraiticiúil" a thabhairt do mholtaí an Choimisiúin. Is é seo an t-athbhreithniú is cuimsithí ó socraíodh ar na teorainneacha reatha sa bhliain 1956. Tá teangeolaithe le ceapadh leis an taighde a dhéanamh ach níl an cinneadh déanta fós cé a dhéanfadh é nó cá huair a thosódh siad.

Ag caint leis an cholún seo, dúirt an tAire go raibh sé ag iarraidh bheith "fírinneach, réalaíoch ach dearfach" faoi cheist na Gaeltachta. Ba ghá athbhreithniú a dhéanamh i ndiaidh 50 bliain. Ba é a mhian pleanáil teanga a chur sa siúl le ceantair a láidriú agus le leas na teanga a chinntiú.

Bhí na critéir don staidéar leathan agus is faoina bhráid a chuirfí na moltaí. Ar na critéir a bheadh in úsáid, tá: féinaitheantas an phobail mar phobal Gaeltachta; líon cainteoirí laethúla Gaeilge; líon iarrthóirí ar Scéim Labhairt na Gaeilge; líon vótóirí i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta; institiúidí Gaeilge i gceantar agus teanga na scoile.

READ MORE

Chuirfí pleananna forbartha i bhfeidhm bunaithe ar an staidéar seo, le béim ar leith ar cheantair laga Ghaeltachta. Beadh amscála cinnte i gceist don obair, a dúirt an tAire.

Chomh maith leis an staidéar, chuir Ó Cuív béim ar dhá réimse eile: aitheantas a thabhairt do Ghaillimh mar chathair Ghaelach agus cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Ó thaobh na Gaillimhe de, d'iarr an tAire ar an choiste tacaíocht a lorg ó na húdaráis áitiúla agus ó eagraíochtaí le haitheantas Gaelach a bhaint amach. Bhí daoine de bhunadh na Gaeltachta ina gcónaí sa chathair agus iad ag teacht chuige. B'ionann Gaillimh agus lárionad seirbhísí do Chonamara, an Ghaeltacht is láidre, a dúirt sé.

CHUIRFEADH gnó seo na Gaeltachta agus a cuid teorainneacha Sodam agus Gomorá i gcuimhne duit. Arsa Abrahám leis an Tiarna Dia: "An scriosfaidh tú dáiríre an fíréan mar aon leis an gciontach? Abair go bhfuil leathchéad fíréan sa chathair, an scriosfaidh tú í mar sin agus gan í a chaomhnú ar son an leathchéad fíréan atá inti?

"Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?"

Agus féach na cainteoirí bochta Gaeilge - Clann Lót - atá ina gcónaí sa Bhreac-Ghaeltacht, iad timpeallaithe ag págánaigh a adhrann dia bréige an Bhéarla. Ní ag fanacht leis an Tiarna atá siad ach leis an teangeolaí. An dtiocfaidh siad slán?

Cuirfidh mórán daoine fáilte roimh rún an Aire bheith "fírinneach, réalaíoch agus dearfach". Is beag duine ar mór leis leas na teanga nach mbíonn ag iarraidh feidhmiú leis an eolas is cruinne.

Mar sin féin, rithfeadh sé leat go bhféadfaí moltaí eile de chuid an Choimisiúin a chur i bhfeidhm faoi láthair. 19 moladh a rinneadh ina dtuarascáil. Ar na moltaí eile, bhí polasaí Stáit a bheachtú le hathréimiú na Gaeilge mar theanga náisiúnta a dhearbhú agus plean náisiúnta don teanga a ullmhú.

I bhfianaise na dtuairiscí diúltacha ar an Ghaeltacht, is práinne na pleananna sin ná riamh le ról agus tábhacht an réigiúin a mhíniú.

Shlog na tráchtairí Béarla (le heisceacht ionraice Harry Magee sa Sunday Tribune) shlog siad na staitisticí siar agus gan iad ábalta a gciall a thuigbheáil nó iad a chur i gcomhthéacs.

Dímheas searbh a léiríodh go raibh a laghad sin daoine le Gaeilge i gceantair áirithe. Ar bhealach an-aisteach, tugadh le fios gurb iad na clanna féin ba chúis le teip na Gaeltachta nuair is é a mhalairt ar fad atá fíor - is ábhar mór dóchais agus ceiliúrtha é gur fhan na daoine céanna dílis don teanga.

Agus ní nuacht ar bith ag lucht na Gaeilge í nach ionann íomhá agus staid fhírinneach na Gaeltachta. Tugadh faoi fhimíneacht phobal na Gaeltachta féin i dtuarascáil an Choimisiúin, mar shampla. Dúradh go neamhbhalbh go raibh an t-am ag an phobal éirí as tacaíocht phoiblí a thabhairt don teanga ach í a shéanadh go príobháideach i seomraí a gcuid tithe féin.

B'fhearr i bhfad níos mó daoine le Gaeilge ghníomhach bheith sa Ghaeltacht. Ach is geall le míorúilt í gur ann don mhéid a mhaireann, ar an dóigh chéanna gur geall le míorúilt í gur bhain Seamus Heaney, tuathánach Caitliceach tuaisceartach, duais Nobel as a chuid filíochta nó go bhfuil clú idirnáisiúnta ar Sonia O'Sullivan mar reathaí nó gur bhain Ard Mhacha Sam anuraidh.

Sin é ollmhéid na míorúilte gur ann do chuid ar bith de na ceantair seo go fóill; chomh mór is atá an t-iontas go mbaineann sé an anáil díot.

AGUS ná cuirimis an locht ar fad ar an Rialtas. Bhí líne in alt Dhonncha Uí Éallaithe ar Foinse a bhí ina macalla leanúnach léanmhar ar thuairiscí nuachta: theip ar pholasaithe an Rialtais; an Rialtas a bhí feabhtach fealltach.

Is éasca an ní é tabhairt faoin Rialtas agus deireadh gach oilc a thógáil orthu. Is ceart agus is cóir do gach eagras agus gach iriseoir súil a choinneáil ar pholasaithe an Rialtais; iad a ghríosú nuair is gá; iad a cháineadh nuair is gá.

Ach cá bhfuil an polasaí rialtais a thabharfadh ar athair "maidin mhaith" a bheannú lena pháistí? Cá bhfuil an polasaí rialtais a thabharfadh ar mháthair Gaeilge a labhairt lena páistí?

Más ceadmhach, tabharfaidh an scríbhneoir seo sampla a chlainne féin. Tá cónaí air i gceantar ar tachtadh an Ghaeilge chun báis tá 200 bliain ó shin. Triúr páistí atá á dtógáil le Gaeilge. Níl an teanga ag mamó, daideo, aintín, uncail, col ceathrair, múinteoir, sagart, dochtúir nó eile.

Ina ainneoin sin, tuigeann na páistí Gaeilge; tá a gcuid paidreacha ar eolas acu. Mura féidir leo freagra a thabhairt ar cheist i nGaeilge, tuigeann siad, ar a laghad, an cheist féin.

(Ag Dia féin atá a fhios cén chuid den teanga a bheidh acu amach anseo.)

Baineadh an méid sin amach gan chabhair stáit, gan deontas, gan chuidiú i dtimpeallacht iomlán, iomlán, Béarla. Cén leithscéal i ndáiríre atá ann gan bheith ábalta an rud céanna a dhéanamh - fiú sa cheantar is is truamhéalaí féin, ceantar atá 200 bliain chun tosaigh ar ár leithéid. I ndeireadh thiar thall, níl i gceist ach bheith fonnmhar chun cainte.

Cinnte, dréachtaítear pleananna; déantar taighde; insítear an fhírinne agus eagraítear na feachtais. Idir an dá linn, labhraimis í agus mairfidh sí.