Athrú meoin a thagann diaidh ar ndiaidh

Cad é an meas a bheadh agat ort féin dá ndéanfaí gabháil ort agus sclábhaí díot? Dá mbeadh ort toil do chuid máistrí a dhéanamh…

Cad é an meas a bheadh agat ort féin dá ndéanfaí gabháil ort agus sclábhaí díot? Dá mbeadh ort toil do chuid máistrí a dhéanamh ó mhaidin go hoíche?

Ba bheag é, dar liom. Cén meas a bheadh agat ort féin, ámh, dá ndéanfaí gabháil ar d’intinn agus go spalpfá smaointe daoine eile ó bhreacadh an lae go dtí tuitimín na doircheachta agus isteach id chuid taibhrithe rúnda?

Gach meas, de dhealramh, mar is é sin dán fhormhór na ndaoine ar chlár na cruinne.

Is é an faisean an chumhacht intleachtúil is láidre ar domhan. Smaoiníonn daoine de réir is mar atá an ghaoth ag séideadh agus an tonn ag bualadh le trá. In ainneoin an oideachais go léir, in ainneoin an tathanta gur cheart smaoineamh duit féin, is é an sluasmaoineamh an buachaill bán.

READ MORE

Bhí tráth ann nuair ba chleachtadh comónta agus dlithiúil é an sclábhaíocht. Pól Aspal, níor nath leis é. Ár bPádraig aoire caorach féin, giob ní dúirt sé ina coinne, bíodh nach raibh sé chomh compordach sin ar shleasa Shliabh Mis agus Ultais á labhairt ina thimpeall.

Tá amhras ar an sclábhaíocht inniu, fág go bhfuil daoine áirithe in ISME agus IBEC ar mhaith leo í a thabhairt ar ais, ach an chaoi a fháil.

Ditto agus mar an gcéanna céasadh príosúnach ar son pléisiúir nó beagán eolais. Caitheadh allas machnaimh ar feadh i bhfad leis na slite ab fhearr ar son crobhingne a bhaint de phríosúnaigh, nó síneadh fada a thabhairt dóibh, ionas go gcanfadh siad go binn.

Is beag tír anois, áfach, a cheadaíonn céasadh príosúnach mar alt creidimh, cé gur iompaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá go han-mhear nuair a déanadh an chéad ionsaí orthu ó aimsir an chogaidh in aghaidh Shasana sa bhliain 1912.

Ba í an Chríostaíocht oideachas na hEorpa agus buntuiscint shíoraí an duine ar an leithsféar ó thuaidh seo den domhan thiar ar feadh breis agus míle bliain.

Mar a bheadh Gaineamh an Dobhair ag trá, d’imigh taoide an chreidimh as.

D’imigh as sa Ghearmáin, san Ostair, san Fhrainc, san Iodáil, sa Bhreatain, i gCríoch Lochlann laistigh de chúpla glúin sa 19ú haois, agus abhus lenár linn féin, mar bímid 100 bliain chun deiridh, mar adéarfá.

Níor éirigh le scolaíocht uile na Críostaíochta an doras a dhúnadh ar ghluaiseacht an fhaisin.

Níos gaire don charn aoiligh, bhí an tobac ar an gcleachtadh b’fhaiseanta le cuimhne na ndaoine. B’é ba chúile amuigh.

Ní raibh scannán nach raibh an laoch le feiscint agus baitín draíochta ar sileadh lena bhéal. Theastaigh uainn a bheith mar siúd.

Ansin tháinig Mícheál Martin agus d’áitigh orainn nárbh é sin an nós ba inmholta. Chuaigh níos sia ná sin, agus chuir cosc leis. Dá bhíthin sin, tá tionchar Fhianna Fáil i bhfad níos soiléire ar fud an domhain ná mar atá in Éirinn. Is dá réir sin, nár lú le daoine Fianna Fáil ná James Reilly.

Gan amhras, bhí tráth eile nuair ba bheag le daoine an saoroideachas: i dtosach ar leibhéal na bunscolaíochta.

Bhí páistí ag teastáil le bheith ag sclábhaíocht sna goirt agus chun an fómhar a bhaint.

Agus sa mheánscolaíocht: tá déagóirí de dhíth le bheith ina ngiollaí sna monarchana.

Agus ar an tríú leibhéal: ní féidir linn íoc as drabhlás na mac léinn. Beidh an t-oideachas inmholta i gcónaí fad is go ndéanfaidh sé airgead do dhuine éigin a bhfuil airgead cheana aige.

Is é sin, d’fhocal gearr, tagann athrú meoin ar dhaoine, agus ar phobail trí chéile. Na daoine adeir nach fiú pioc ál a rá ná a scríobh, tá a mbualtrach acu. Déanann gach áiteamh, gach argóint, gach litir, gach comhrá, gach allagar, gach agallamh, gach paidir, gach gearán, gach díospóireacht, gach nath, gach leabhar, gach alt, gach monabhar, gach ráiteas difríocht bheag éigin.

Mura mbeadh feidhm le caint, le cur i láthair, ní chaithfeadh tionscal mór na fógraíochta na billiúin chun rud gan dealramh a áiteamh ort.

Tagann athrú ar phobal daoine toisc go socraíonn duine nó daoine go dtiocfadh. Ní de dhroim oíche ná i gcaitheamh bliana ná glúine a tharlaíonn, ach uidh ar n-uidh, braon ar bhraon, deoir ar dheoir, smut ar shmut, tointe ar thointe, brobh ar bhrobh go dtí go mbailíonn ina bheart go ndéantar cuid d’urlár an lae é.

Féach go raibh tráth ann, agus ní rófhada ó shin é, nuair a bhí formhór de phobal na tíre i gcoinne an chiníochais, an ghinmhillte, na troda ar son vaimpíreacht na Breataine, an leithleachais shóisialta.

Ach féach, gur imigh sin, agus gur tháinig seo.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar