Bar Mlecznyna mbocht

Beocheist: Tá an Bar Mleczny ar na gnéithe den saol sa Pholainn ba mhó a ndearna mé iontas díobh agus mé tagtha go dtí an tír…

Beocheist:Tá an Bar Mleczny ar na gnéithe den saol sa Pholainn ba mhó a ndearna mé iontas díobh agus mé tagtha go dtí an tír seo den chéad uair.

Is bialann de shórt éigin é an Bar Mleczny arb é Beár Bainne is brí leis. Tagann an t-ainm seo ón méid táirgí déiríochta a bhíodh ar an gcárta bia nuair a cuireadh na tithe itheacháin seo ar bun ar dtús.

Sa chóras cumannach a brúdh ar an bPolainn i ndiaidh an dara chogaidh dhomhanda rinneadh formhór na mbialann a náisiúnú agus ansin dúnadh iad. Ba é cuspóir an chórais go soláthrófaí béilte saora san ionad oibre.

Bhí méid maith comrádaithe Polannacha, áfach, nach raibh ceaintíní dá gcuid féin acu. Mar sin nuair a bhí Wladyslaw Gomulka ina phríomhaire ó 1956 go 1970 osclaíodh Bary Mleczne chun freastal ar na hoibrithe seo.

READ MORE

I ndiaidh do Pholannaigh cuing an chumannachais a chaitheamh tharstu gan aon doirteadh fola i 1989 bhuail clisiúnas an chuid ba mhó de na Bary Mleczne agus gnáthbhialanna á gcur ar bun ina n-ionad.

Coimeádadh roinnt Bary Mleczne ar oscailt, áfach, ar son na mbocht. Tá Bar Mleczny amháin ar a laghad i ngach cathair sa Pholainn faoi láthair agus fóirdheontas stáit nach beag á fháil acu.

De ghnáth bíonn liosta an bhia is féidir a cheannach greamaithe den bhalla. Deir tú na rudaí atá uait le bean atá ina suí ar nós cuma liom ag scipéad airgid. Ní déarfaidh sí faic leat seachas praghas an bhéile agus gruig uirthi. Má thugann tú nóta mór bainc di ligfidh sí béic ort.

Agus íoctha agat as an mbia faigheann tú admháil ón mbean ghrugach le liosta na rudaí a d'ordaigh tú.

Téann tú go dtí an cuntar is tugann an admháil do bhean nach malartóidh aon chaint leat ach oiread lena comhghleacaí.

Tiocfaidh sí ar ais le pláta faoi mhaoil a leagfaidh sí ar an gcuntar de phlab. Más babhla anraith é seans go mbeidh a hordóg istigh ann.

Tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an sceanra mantach is go bhfuil na miasa ar comhaois leis an mBeár Bainne féin.

Beidh an líonóil nó na tíleanna ar an urlár glan ach is féidir leat talamh slán a dhéanamh de nach bhfuil aon athnuachan déanta orthu ó fuasclaíodh an tír ón gcumannachas.

Cé go ndéantar cur síos ar Bary Mleczne i dtéarmaí bia gasta feicfidh tú nach bhfuil aon chosúlacht eatarthu is leithéidí Burger King nó McDonald's. Bia geireach a riartar anseo maith go leor, ach bia taoisleannach solamarach ag an am céanna.

Gheobhaidh tú anraithí a bhfuil ithe is ól iontu cosúil le zurek, súp bán a bhfuil feoil, práta is súile méithe ann. Gheobhaidh tú an speisialtacht Pholannach, bigos, a dhéantar as cabáiste stofa, feoil is spíosraí.

Gheobhaidh tú pierogi, domplagáin a mbíonn meascán cáise is práta iontu, nó meascán cabáiste is beacán. Don bheadaí bíonn pierogi le sútha talún.

Itheann idir shaibhir agus dhaibhir anseo ach fágann na praghsanna ísle gurb iad daoine ar bheagán slí is mó a thaithíonn Bary Mleczne.

Mic léinn, pinsinéirí, díthreabhaigh. Ba i mBeár Bainne i Vársá a d'ith mé béile den chéad uair i mo shaol ag aon bhord le fear a thugann an oíche ar thaobh na sráide. Saor, ach ní saor in aisce atá na béilí anseo is bhí air déirc a iarraidh ar na coisithe ar an mbóthar lasmuigh sular fhéad sé íoc as an mbia.

Bhí srón an fhir seo leacaithe is bhí sprochaille thiubh ghlas ag sileadh lena bhéal agus é ina shuí os mo chomhair amach. Rinne mé iarracht gan féachaint ar an sruthán sprochaille seo ach níor éirigh liom.

Caithfidh go raibh mé ag stánadh. Thug an fear bocht súil orm is chuimil sé an leacht glas dá aghaidh le muinchille shalach cháidheach. Agus mo sháith anraith slogtha siar agam chuir mé an bpláta i leataobh uaim.

Dúirt mo chuibhreannach rud éigin liom nár thuig mé toisc a chuid cainte bheith chomh mungailte sin.

Ach ba léir ó na comharthaí a bhí á ndéanamh aige gur ar an anraith a bhí a aird. Shín mé chuige é is rinne sé gáire fann.

In ainneoin custaiméirí den saghas sin tá líon mór turasóirí ón iarthar a thugann cuairt ar na Bary Mleczne.

Tagann siad chun léargas a fháil ar an saghas bialainne a bhíodh sa Pholainn le linn an chumannachais is chun bia traidisiúnta a bhlaiseadh.

Ar ndóigh, dá mbeadh macasamhail na hinstitiúide seo ina dtíortha féin, ní rachaidís thar an tairseach ar ór ná ar airgead.