Bas i mBaile

Leanann lucht foilsithe na hirise Comhar dá ndea-obair i gcuibhreann na bhfoghlaimeoirí fásta.

Leanann lucht foilsithe na hirise Comhar dá ndea-obair i gcuibhreann na bhfoghlaimeoirí fásta.

Tá úrscéilín eile, Bás i mBaile an Ghorta (€6.50) curtha i gcló acu. (Tá ábhar foilsithe ag an iriseoir seo sa tsraith chéanna leo.) Is é Mícheál Ó Ruairc údar an leabhair agus bhain sé chéad duais Oireachtas na Gaeilge 2002 i rannóg ficsin d'fhoghlaimeoirí fásta as an scéal.

Dúnmharú is croí leis an leabhrán agus beirt ghardaí - an Bleachtaire Deasún Ó Cinnéide agus an Sáirsint Fionnuala Ní Bheaglaoich - atá i mbun an fhiosrúcháin. Is é seo an dara leabhar den chineál a scríobh Ó Ruairc. Bhain a leabhar eile, Trasna na dTonnta, duais Oireachtais fosta.

Mar is gnách sa tsraith seo, is i nGaeilge shimplí atá an scéal scríofa. Tá gluais ag bun gach leathanaigh agus foclóir beag ar chúl.