Béal binn an éin ina ghuth sa chathair

BEOCHEIST: GNÁTHAÍONN ÉINÍN achar áirithe in Áth Cliath 16

BEOCHEIST:GNÁTHAÍONN ÉINÍN achar áirithe in Áth Cliath 16. Ar na héanghuthanna a mbíonn le clos, ise is mó a sheasann amach agus is mó spéis. Amhail amhránaí le guth inaitheanta iar nótaí tosaigh a chasadh, tuigtear láithreach cé tá agat.

Ádhúil go maith tá cónaí ar an éinín seo i gcomharsanacht eitilte i gcóngar agus is féidir í a chloisteáil chuile lá ó eiséirghe an earraigh go fiúntas an fhómair.

Ritheann sé liom gur saolaíodh í san áit cheannan chéana a dtáinig a máthair ar an saol, i nead chluthar, leathchlúdaithe, béaloscailte faoi sceimheal tí. Pé scéal é tá eolas na slí go cruinn beacht aici.

A sinsear lántoilteanach agus lánghníomhach chun síolchuir agus tógáil éan-teaghlaigh. Mianfhórsa agus fuinneamh chun breithe neadaithe iontu le cianta agus ciorclú na séasúr ina gcomhpháirtithe acu.

READ MORE

D’eisint an éinín seo ceol álainn inaitheanta a scaoileadh léi go líofa. Is tríd an gceol a nochtann sí í féin go príomha agus sin é a bheith.

Leis an bhfreagairt is dual dá nádúr, féadann sí í féin a thabhairt go dícheallach dá guthú, dá ceol. Úrlá, lá eile fós, ceolaimis! Sásamh ar son sásaimh gan dabht agus é a scaipeadh máguaird

Le míorúilt an mhaidneachain, dúiseacht an dúlra, corraíl na n-ainmhithe agus sruthlú an daonnaí fearann sí fáilte croíúil rompu gach maidin an tráth seo bliana.

Ní ceol mall, tromchúiseach, bladhmannach é ná a leithéid a ritheann trína scornach scóipiúil líofa. Go dearfa, tá fonn le cloisteáil, fonn a sníonn thar raon nótaí agus leis sin, ceol bog portúil a ládraíonn agus a íslíonn de réir rithimí tomhaiste.

Is furasta a shamhlú go bhfuil stiúrthóir daonna lena bhata stiúrtha i mbun gnímh, agus a mbíonn chomh taitneamhach meanmach sin le cloisteáil uaithi.

Nó éan sinsearach, b’fhéidir, ag tathant ar an éinín agus a claisceadal í féin a shárú le go bhféadfaí taispeántas a chur ar stáitse Pháirc an Chrócaigh, Domhnach an chluiche ceannais. Go leor d’fhantaisíocht...

A luaithe a stopann an t-éinín dá briosc-cheol, ní heol d’éinne cá dtéann sí den chuid eile den lá. Cén raon eitilte a chuireann sí di go laethúil agus cá fhad a mbíonn sí ar a taisteal i rith na seachtaine? Istoíche, cá mbíonn a triall?

Má dhúisítear í an dtiteann sí chun suain athuair? Cad a dhéanann sí le linn stoirme, glafarnach gaoithe, tintreach is toirneach, gleadradh is scréachadh, stealladh báistí?

Ní mór di ithe agus ól, ar ndóigh, agus dul ar thóir bia agus dí. An mbíonn sí ina haonar, in éintíos, nó i gcuideachta éan ealta agus í ina mbun?

Tugann sé seo sinn chomh fada le cleas agus gliceas na méithfhaoileán ar fhaichí ríonaí Choláiste na Tríonóide. Ina ndíseanna dóibh ag am lóin feictear iad ina gcolgsheasamh, lánstadach gan chorraí. Samhail deilbhe thoirtéiseach daingnithe le húr.

De sciotán, greadann siad an talamh faoi chois le fonn is le fuinneamh ar nós duine ag trombhualadh dorais chun go scaoilfí amach é.

Stadann agus plancann athuair. Stadann agus cromann chun an lón a ithe. De thairbhe an chos-phlanctha tagann na péisteanna chun solais agus iad ag teitheadh ón bhfothram anaithnid scéiniúil.

Fágann sin nach mbíonn le déanamh ag na faoileáin choláisteacha ach a ngobseilge a chur i dtreo na bpéisteanna, á snapadh is á slogadh le flosc.

Eiseamláir shuaithinseach é de phrasbia a fháil gan oiread is coiscéim amháin a shiúl, is gan le déanamh ach úsáid a bhaint as na brúchosa fórsúla. Cosghob agus gobchos ag freagairt dá chéile.

Ní mar sin d’éinín ár gcomharsanachta, faraor. Níl na cosa fúithi ná an coirpín a áitríonn sí mór ná láidir a ndóthain le critheagla agus sceimhle a chur ar phéisteanna a n-áit chónaí a fhágáil chun teitheadh aníos le scanradh a n-anamacha orthu. Pé áit is ionad biathaithe di, pé bealaí seilge is fearr léi, is ríléir go n-éiríonn go binn léi.

Is údar aoibhnis nach beag dá lucht éisteachta í is cuireann sí dea-aoibh ar a ngnúis. Ach an bhfuil aithne againn uirthi? An bhfuil fhios againn cé hí ar chor ar bith?

Le macántacht, ní mór a rágur ar éigean atá an chaolaithne féin againn agus lasmuigh dá ceol tá sin tanaí go maith.

Seans go mbíonn na céadta éan sa cheantar gach lá, iad le feiceáil ar an bhféar, ar chraobhacha, ar dhíonta tithe, ag glacadh sosa, ag eitilt, ag ithe is ag ól, is iad ag meilt aimsire mar chách. Le raidhse agus líonmhaireacht den chineál sin ar na gaobhair, fiú, is mó go mór is rogha liomsa an t-éinín eisceachtúil seo.

Éinín binn beochana láimh le Bóthar an Scoláire, Áth Cliath 16.