Béaloideas na hÉireann ag cothú na féiniúlachta i gcónaí

SEOLADH AN leabhar Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann/Treasures of the National Folklore Collection le gairid

SEOLADH AN leabhar Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann/Treasures of the National Folklore Collectionle gairid. Is don tsúil den chuid is mó é agus tá sé bunaithe ar chuid de na bailiúcháin éagsúla atá taobh istigh de Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Sraith aistí atá sa leabhar agus brollach leis an Dr T.K. Whitaker in éineacht leo.

Tá cuid mhór léaráidí, saothar ealaíne, grianghraf, lámhscríbhinní agus trascríobh ceoil sa leabhar chomh maith. Is deis é an foilseachán athchuairt a thabhairt ar an obair a rinne ceann de na forais chultúrtha ba nuálaí in iarthar na hEorpa sa gcéad leath den 20ú haois nuair a bhí géarchéim eacnamaíochta i réim agus é maoinithe ag an Rialtas.

I nGaeilge, i mBéarla gus i nGaeilge na hAlban atá na haistí agus scríobh gach uile údar faoi ghné ar leith de shealúchas Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

Ní gá a rá i ré seo na géarchéime eacnamaíochta go bhfuarthas an-chabhair agus an-tacaíocht leis an leabhar agus lenar bhain leis, ó fhorais, ó institiúidí, agus ó dhaoine aonair.

READ MORE

Mar cheiliúradh ar obair Choimisiún Béaloideasa Éireann a foilsíodh an leabhar. Tionóladh an chéad chruinniú den choimisiún i mí Aibreáin 1935. Foras é lena samhlaítear ainmneacha tábhachtacha i stair na hÉireann. Ina measc, tá Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, “An Seabhac” agus Séamus Ó Duilearga.

Tá bliain seo an cheiliúrtha ag teacht chun deiridh anois. Ó mhí Aibreáin 2010 go dtí Aibreán 2011 bhí sraith imeachtaí ar siúl ar fud na tíre mar chuid den cheiliúradh.

Tionóladh léacht chomórtha, foilsíodh eagrán ar leith den iris Béaloideas. Craoladh sraith clár ar raidió agus ar theilifís. Cuireadh taispeántas taistil dar teideal "Siansaí an Cheoil" le chéile, taispeántas atá ag taisteal timpeall na hÉireann i gcónaí.

Sa mbliain 1985 rinneadh 50 bliain ar bhunú Choimisiún Béaloideas Éireann a chomóradh. San am, ní raibh cúrsaí ríomhaireachta ach i dtús a ré sa tír seo. Ó thaobh bhailiú an bhéaloidis, mar shampla, ní raibh scéilíní grinn á scaipeadh ar ríomhphost ná ar an bhfón póca. Is mór idir 1985 agus 2010 freisin i dtéarmaí bhailiú an bhéaloidis mar sin.

Ach cá bhfuil triail an bhéaloidis anois agus céard atá i ndán dó? Tagann an béaloideas beo chun cinn i ngeall ar a bhfuil tarlaithe roimhe seo, agus san am céanna is próiseas é atá ag síorathrú.

Is minic a bhítear ag fiafraí an bhfuil aon ábhar fágtha gur fiú é a bhailiú? I ngeall ar nádúr an bhéaloidis a bheith ag síorathrú is cinnte go bhfuil géarghá i gcónaí coinneáil orainn leis an mbailiú. Is amhlaidh, b’fhéidir, a chuireann luas na cumarsáide inniu le práinn na hoibre.

Téann samhlaíocht an duine i bhfeidhm i gcónaí ar shaol an phobail i mbealaí éagsúla ó thaobh an bhéaloidis de. D’fhéadfaí a rá gur i gcreidiúintí agus i nósmhaireacht is mó atá fianaise na samhlaíochta seo. Ní gá a dhul níos faide ná an t-athrú feidhme atá le feiceáil go soiléir ar charraig Chailleach Bhéarra in iarthar Chorcaí. B’fhéidir nach samhlófaí dóchas maidir le cúrsaí leighis leis an gCailleach Bhéarra i gcomhthéacs stair an bhéaloidis. Ach sa lá atá inniu ann tá fianaise sna hofrálacha móideacha agus na suaitheantaisí bándearga do leigheas ar an ailse bhrollaigh le feiceáil go soiléir ar an gcarraig.

Tá athruithe suntasacha tagtha le blianta beaga anuas ar an nósmhaireacht a bhaineann leis an mbreith, leis an bpósadh agus leis an mbás. Cruthaítear grinnscéalta i gcónaí faoi cheannairí agus imeachtaí polaitiúla. Cloistear faoi théacsanna fón póca á scaipeadh go tréan le mallacht na mná sí a sheachaint. Cloistear faoi dhíoltas na mná sí ar an té nach scaipfidh an téacs.

Tharlódh gur i ngeall ar easpa sochair ar an bhfón póca nach scaiptear an téacs. Téann daoine chuig an seomra folctha mall san oíche agus deir siad rann faoi “bloody Mary” faoi thrí os comhair an scátháin. Agus an méid seo déanta, is féidir an phearsa uafásach seo “bloody Mary” a fheiceáil sa scáthán. Creidtear i gcónaí sa mí-ádh a bhaineann le huimhir a trí déag. Le gairid, chonacthas na hathruithe ollmhóra atá tagtha ar nósanna Lá ’le Pádraig.

Ní mór an éabhlóid ón naofacht go dtí saoltacht an cheiliúrtha seo a thaifeadadh. Is minic a chreidtear go mbíonn an bailitheoir béaloidis ar thóir ábhar ársa atá ar tí imeacht as amharc, ach is léir go bhfuil an béaloideas reatha, nuálach, beo i gcónaí.

Is mór an dúshlán a shamhlú cén chuma a bheidh ar an mbéaloideas sa mbliain 2035 nuair a dhéanfar ceiliúradh ar 100 bliain ó bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann. Táthar ag súil go mbeidh an ceiliúradh beo, bríomhar, ábhartha agus ag teacht le haidhmeanna an choimisiúin agus an chnuasaigh faoi mar atá anois.

Tá guthanna os cionn 180,000 rannpháirtí sa chnuasach agus tá líon na nguthanna sin ag dul i méid in aghaidh an lae.

Cuid thábhachtach de mhisean an chnuasaigh is ea léargais nua ar oidhreacht chultúr na hÉireann mar a fhaightear sa chnuasach, maille le breithiúnas níos fearr agus tuiscint níos doimhne ar an gcultúr sin a chur chun cinn.

Tá dualgas ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann an t-ábhar atá i seilbh ann a bhuanchoimeád agus a scaipeadh, agus cur leis an gcnuasach trí obair pháirce agus ar bhealaí eile.

Sa mbliain 2035, cá bhfios nach mbeidh fáil ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i bhfoirm dhigitithe ar leibhéal domhanda agus forbairt shuntasach tagtha ar an mbailiú leictreonach chomh maith?

Nárbh iontach dá bhféadfadh leis an diaspóra cnaipe a bhrú, cuardach a dhéanamh agus an t-ábhar ar spéis leo é i gCnuasach Bhéaloideas Éireann a fheiceáil ar an bpointe boise. Is cartlann phoiblí é an cnuasach. Tá comhthábhacht ag roinnt le hábhar a bhailiú agus é a chur ar fáil. I gcúrsaí bailitheoireachta, mar shampla, d’fhéadfaí ábhar a bhailiú trí mheán an ghutháin phóca, smartphone, agus clár nó app. a chruthú le dhul i mbun na hoibre seo.

Is cinnte nach bhféadfadh de hÍde, Mac Néill, Ó Duilearga ná “An Seabhac” a leithéid seo a shamhlú go deo ach má tharlaíonn an méid seo, is cinnte go mbeidh aidhmeanna bhunaitheoirí an choimisiúin á gcur i gcrích de réir nósmhaireacht an lae inniu. Is deacair na pearsana móra seo a fheiceáil i mbun obair pháirce le guthán póca ina láimh acu.

Díol spéise é gur bhunaigh Rialtas na hÉireann Coimisiún Béaloideasa Éireann le linn géarchéim eacnamaíochta sa tír agus gur tháinig géarchéim sa réimse chéanna chun cinn go mór le bliain anuas. Is minic a thagann tuiscintí láidre ar fhéiniúlacht agus ómós d’oidhreacht chun cinn le linn tréimhse chúlú acmhainní eacnamaíochta. Tá an-chuid le tairiscint ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann sa gcomhthéacs seo.


Is stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann í Ríonach Uí Ógáin

bailitheoircollector – béaloideasfolklore – cnuasachcollection – díoltasrevenge – éabhlóidevolution – géarchéimcrisis – láidirstrong – mallachtcurse – rannverse – ríomhairecomputer – samhlaíochtimagination – scáthánmirror – seoidjewel – sraithseries – tacaíochtsupport – téacstext