'Bearnaí suntasacha fós' idir seirbhísí Gaeilge agus Béarla

IS “CÚIS mhór sásaimh” ag an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin an tacaíocht traspháirtí a tugadh sa Seanad agus sa Dáil an…

IS “CÚIS mhór sásaimh” ag an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin an tacaíocht traspháirtí a tugadh sa Seanad agus sa Dáil an tseachtain seo caite do mholadh an Rialtais go gceapfaí ina Choimisinéir é ar feadh tréimhse sé bliana eile, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

“Feictear dom gur vóta muiníne in obair na hoifige é go raibh an Rialtas sásta moladh don Dáil agus don Seanad gur cheart mé a athcheapadh agus is cinneadh anois é do Thithe an Oireachtais agus don Uachtarán.

“Tá mé buíoch den Rialtas agus is cúis mhór sásaimh dom fosta an dearcadh dearfach a léirigh ceannairí pháirtithe an fhreasúra sa Dáil. Is iontach go deo an rud é go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag an oifig,” a dúirt sé.

Tiocfaidh deireadh le tréimhse reatha Uí Chuirreáin mar Choimisinéir Teanga ar 22ú Feabhra ach déanfar cinneadh foirmiúil maidir le tréimhse eile a thabhairt dó roimhe sin. Agus sé bliana tugtha cheana aige mar Choimisinéir Teanga dúirt sé go raibh “forbairt áirithe” déanta ag cuid mhór den státchóras maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge.

READ MORE

Dar leis go bhfuil tuiscint i bhfad níos mó ag an bpobal agus ag an státchóras ar chearta teanga ná mar a bhí nuair a bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. Glacann Ó Cuirreáin leis, áfach, go bhfuil obair mhór fós le déanamh: “Tá bearnaí suntasacha fós idir leibhéal na seirbhíse a sholáthraítear trí Ghaeilge i gcomparáid leis na seirbhísí céanna sin trí Bhéarla. Tionscnamh fadtéarmach a bheidh ann a chinntiú go líonfar na bearnaí sin.”

D’fhéadfadh go dtabharfar léargas ar chuid de na “bearnaí suntasacha” sin ina thuarascáil bhliantúil atá le cur faoi bhráid Aire na Gaeltachta go luath.

“Bheadh súil agam go mbeadh tuarascáil bhliantúil 2009 á tabhairt don Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta sna laethanta seo romhainn.

“Beidh dhá mhí ag an Aire ansin de réir na reachtaíochta leis an tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Beidh sí le foilsiú a luaithe agus is féidir ina dhiaidh sin,” a dúirt Ó Cuirreáin.

Le sé bliana anuas tá gearáin éagsúla a bhain leis an gcóras oideachais agus scrúdaithe réitithe ag Oifig an Choimisinéara. Mar thoradh ar obair na hoifige tá fáil anois ar shiollabais gach ábhar a múintear trí Ghaeilge, tá na treoirlínte do mhúinteoirí ar theagasc na n-ábhar éagsúil trí Ghaeilge á gcur ar fáil agus cuirtear leaganacha Gaeilge ar fáil do na scéimeanna marcála do scrúduithe na hardteistiméireachta. I ngach cás acu sin chuir na húdaráis a bhí i gceist a gcosa i dtaca agus mhaígh siad nach raibh “dualgas” orthu na seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

Spreag tuarascálacha an choimisinéara díospóireachtaí éagsúla chomh maith nuair a léirigh Ó Cuirreáin amhras faoin toradh a bhí á fháil ag an Stát ar an infheistíocht a bhí á déanamh i múineadh na Gaeilge agus nuair a mhol sé córas nua a cheapadh le cinntiú go mbeadh líon leordhóthanach foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge ar fáil in eagraíochtaí stáit.

Idir an dá linn, tá pobal na Breatnaise ag súil le scéal inniu faoi cheapadh Choimisinéir Teanga sa Bhreatain Bheag den chéad uair.