Bertie 'bauil'

Ba spéisiúil an díospóireacht a bhí ar siúl sa Dáil an tseachtain seo caite agus an Taoiseach Bertie Ahern agus ceannaire Fhine…

Ba spéisiúil an díospóireacht a bhí ar siúl sa Dáil an tseachtain seo caite agus an Taoiseach Bertie Ahern agus ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, ag plé stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Dúirt Kenny gur ceist "national pride" a bhí ann go mbeadh stádas oifigiúil ag an teanga.

Ní raibh Ahern ag teacht leis go raibh sé inmholta nó indéanta a leithéid de stádas a thabhairt di agus rinne trácht ar na coinníollacha a chreid sé bheith riachtanach lena leithéid de stádas a bhaint amach, coinníollacha nár chomhlíon an Ghaeilge. Níorbh ionann a cás agus cás na Máltaise, a dúirt an Taoiseach.

D'eisigh Stádas, brúghrúpa ar son stádais oifigiúil, preasráiteas á rá gur cuireadh "míchomhairle" ar an Taoiseach. Is é ról brúghrúpa ar bith brú a chur ar an Rialtas lena gcuid cuspóirí a bhaint amach. Mar sin féin, ar thug an grúpa cluas le héisteacht dá raibh le rá ag an Taoiseach?

READ MORE

Bhí ruball spéisiúil lena chuid cainte. Dúirt an Taoiseach: "I thank Deputy Kenny for his support. There is merit in some of the arguments he made. I do not want to give the impression that nothing has been done. The most recent constitutional papers were immediately translated into Irish.

"The position is that opportunities do not exist within the Commission and the translation services for Irish-speaking people who want to do their business in Irish. We know from the campaign that many people would like to have that opportunity.

"We will see if there is a middle road on this. I do not want go give the Deputy the impression that we can go the whole way because that is not possible. I have been lobbied on this and have examined it and I know it is not possible to do what the Deputy wishes."

Thuigfeá do lucht na Gaeilge dá ndíreofadh siad ar an chuid dhiúltach dá chuid cainte, is é sin, nach féidir stádas oifigiúil a thabhairt, ach nárbh fhiú fiosrú cad é a chiallaíonn: "We will see if there is a middle road on this"?

Níl fiacha ar Stádas géilleadh do bharúil an Taoisigh go fóill; cé gur labhair sé go neamhbhalbh ar an cheist. Ach sa chás is nach n-éiríonn leis an fheachtas, an bhfuil "Plean B" ag duine ar bith, plean a bhainfeadh tairbhe as mian an Taoisigh "a middle road" a aimsiú?


  • Dála an scéil, nach mó creidiúint a thabharfadh daoine d'imní an Rialtais go mbeadh forbairt na Gaeilge san Aontas "róchostasach", murach gur chaith an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, €30 milliún ar sheirbhísí comhairleacha.

€30 milliún! Samhlaigh dá mbíodh buiséad den chineál sin ar fáil d'ollscolaíocht na Gaeltachta nó do TG4 nó ... Arú, cuir leis an liosta tú féin.